Na príomhdhúshláin
- in ainneoin an dul chun cinn atá déanta, is minic a bhíonn an fhoghlaim le haghaidh na hinbhuanaitheachta ag brath ar scoileanna nó ar mhúinteoirí aonair, rud a chuireann teorainn lena tionchar níos leithne (An Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint, 2024)
- ní thuairiscíonn ach 42% de dhaoine óga go raibh deis fhiúntach acu foghlaim faoin inbhuanaitheacht ar scoil (An Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint, 2024)
- luann múinteoirí easpa ama, spáis agus treorach agus acmhainní oiriúnacha chun an inbhuanaitheacht a chomhtháthú ina gcuid teagaisc (doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, 2024)
- creideann 84% de dhaoine óga go bhfuil an inbhuanaitheacht tábhachtach ach déanann níos lú ná aon trian díobh beart ar son na hinbhuanaitheachta ina saol laethúil (An Tuarascáil Faireacháin ar Oideachas agus Oiliúint, 2024)
- cuireann an t-athrú aeráide agus teagmhais adhaimsire isteach níos mó ar scoileanna, tuilte agus teochtaí atá ag ardú ina measc sin (tuarascáil ón mBanc Domhanda, 2024)
- tá fonn ar go leor daoine óga dul staidéar a dhéanamh agus gairmeacha a bhaint amach in earnálacha a bhaineann leis an aistriú glas ach níl siad ar an eolas faoi na deiseanna atá ar fáil dóibh (doiciméad oibre ECFE, 2024)