Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS)

Cad is rud é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna? 

Is é rud é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS) uirlis de chuid Limistéar Eorpach an Ardoideachais lena ndéantar staidéir agus cúrsaí níos trédhearcaí. Cabhraíonn sé le mic léinn gluaiseacht ó thír go tír agus fágann sé go dtabharfar aitheantas do na cáilíochtaí acadúla atá acu agus do na tréimhsí staidéir atá caite acu ar an gcoigríoch. 

Ceadaítear le ECTS gur féidir creidiúintí a gnóthaíodh in institiúid ardoideachais ar leith a chur san áireamh chun cáilíocht a bhaint amach in institiúid ardoideachais eile. Léiriú iad creidiúintí ECTS ar an méid foghlama atá déanta de réir torthaí foghlama atá leagtha amach agus de réir an ualaigh oibre a bhaineann leo. 

Cuireann ECTS feabhas ar sholúbthacht clár staidéir le haghaidh mic léinn. Anuas air sin, tacaíonn sé le pleanáil, cur i gcrích agus meastóireacht a dhéanamh ar chláir ardoideachais. Is uirlis lárnach é i bPróiseas Bologna, arb é is aidhm dó córais oideachais náisiúnta a dhéanamh níos inchomparáide go hidirnáisiúnta. Ina theannta sin, a bhuí le ECTS, is soiléire doiciméid eile ar nós an Fhorlíonaidh Dioplóma, agus is fusa iad a úsáid i dtíortha eile. 

Tá glactha ag formhór na dtíortha i Limistéar Eorpach an Ardoideachais le ECTS mar chóras creidmheasa náisiúnta agus tá méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as in áiteanna eile. 

Cén fáth a bhfuil gá le ECTS?

Is féidir fadhbanna maidir le haitheantas do cháilíochtaí agus do thréimhsí soghluaisteachta ar an gcoigríoch a bheith mar thoradh ar dhifríochtaí idir córais náisiúnta ardoideachais. Tugtar aghaidh ar an bhfadhb sin i bpáirt trí fheabhas a chur ar an tuiscint ar na torthaí foghlama agus ar an ualach oibre a bhaineann le cláir staidéir. 

A bhuí le ECTS is féidir cineálacha éagsúla foghlama a chumasc, ollscolaíocht nó foghlaim bunaithe ar obair, cuir i gcás, laistigh den chlár staidéir céanna nó tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil.

Conas a oibríonn sé?

Duine a bhfuil bliain iomlán staidéir nó oibre curtha de aige, gnóthóidh sé 60 creidiúint ECTS. I mbliain acadúil chaighdeánach, is iondúil go ndéantar an 60 creidiúint sin a roinnt ina modúil bheaga. Is iondúil go mbíonn idir 90 agus 120 creidiúint ECTS le gnóthú sa ‘cháilíocht timthrialla ghearr’. Is iondúil go mbíonn 180 nó 240 creidiúint ECTS le gnóthú ar leibhéal an chéad timthriall (nó sa Chéim Bhaitsiléara).

Is iondúil go mbíonn 90 nó 120 creidiúint ECTS le gnóthú ar leibhéal an ‘dara timthriall’ (nó sa Chéim Mháistreachta). Is ar dhóigheanna difriúla a úsáidtear ECTS i dtaca le leibhéal an ‘tríú timthriall’, nó leibhéal Ph.D. 

Cuirtear ECTS i bhfeidhm chun tacú le soghluaisteacht mac léinn ó institiúid ardoideachais go chéile. Lena chois sin, tá na catalóga cúrsa, Comhaontuithe Foghlama agus Tras-scríbhinní na dTaifead, ina gcuidiú chun aitheantas a thabhairt do na creidiúintí arna ngnóthú ag na mic léinn ar an gcoigríoch agus chun na creidiúintí sin a aistriú. Cuirtear síos go mionsonraithe in Treoirleabhar ECTS ar an gcóras sin agus ar an gcaoi lena úsáid.