Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027)

Cad é an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach?

Tionscnamh beartais athnuaite is ea an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027) lena dtacófar le hoiriúnú inbhuanaithe éifeachtach a dhéanamh ar chórais oideachais agus oiliúna na mBallstát don aois dhigiteach.

Déanfar na rudaí seo a leanas leis an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach:

  • cuirfear ar fáil fís fhadtéarmach straitéiseach i dtaca le hoideachas digiteach Eorpach atá cuimsitheach inrochtana 
  • tabharfar aghaidh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhain le paindéim COVID-19, arb é an toradh a bhí uirthi gur baineadh níos mó úsáide ná riamh as an teicneolaíocht chun críche an oideachais agus na hoiliúna 
  • iarrfar comhar níos dlúithe ar leibhéal an Aontais maidir leis an oideachas digiteach agus leagfar béim ar an tábhacht a bhaineann le hoibriú i gcomhar le chéile thar gach earnáil chun an t-oideachas a thabhairt isteach san aois dhigiteach
  • cuirfear deiseanna ar fáil, lena n-áirítear cáilíocht níos fearr agus níos mó teagaisc maidir le teicneolaíochtaí digiteacha, sin agus tacaíocht chun modhanna agus modheolaíochtaí teagaisc a dhigitiú, mar aon leis an mbonneagar is gá a sholáthar i dtaca leis an gcianfhoghlaim chuimsitheach athléimneach

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta dhá réimse tosaíochta

  1. Forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a chothú

Ina measc sin, tá:

  • bonneagar, nascacht agus trealamh digiteach
  • pleanáil agus forbairt éifeachtach maidir le toilleadh digiteach, cumais eagrúcháin cothrom le dáta san áireamh
  • múinteoirí agus baill foirne oideachais agus oiliúna a bhfuil inniúlachtaí digiteacha acu agus a bhfuil muinín acu as na hinniúlachtaí sin
  • ábhar foghlama ardcháilíochta, uirlisí atá áisiúil don úsáideoir agus ardáin shlána lena n-urramaítear an ríomhphríobháideachas agus caighdeáin eiticiúla
  1. Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú ar mhaithe leis an gclaochlú digiteach

Chuige sin, tá an méid seo a leanas ag teastáil:

  • bunscileanna agus inniúlachtaí digiteacha ó aois óg
  • litearthacht dhigiteach, an bhréagaisnéis a chomhrac san áireamh
  • oideachas ríomhaireachta
  • eolas agus tuiscint mhaith ar theicneolaíochtaí atá dian ar shonraí, an intleacht shaorga (AI) mar shampla
  • ardscileanna digiteacha a spreagann níos mó daoine chun bheith ina saineolaithe digiteacha 
  • cinnte a dhéanamh de go ndéantar ionadaíocht chothrom ar chailíní agus mná óga sa staidéar digiteach agus i ngairmeacha beatha digiteacha

An fáth a bhfuil gá le gníomhaíocht

I ngeall ar an gclaochlú digiteach, tá athrú ó bhonn tagtha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar agus is mó an tionchar ná riamh atá aige ar an saol laethúil. Mar sin féin, go dtí gur bhuail paindéim COVID-19, ba theoranta i bhfad an tionchar a bhí aige ar an oideachas agus an oiliúint. 

Is éard a léirigh an phaindéim go bhfuil sé ríthábhachtach córas oideachais agus oiliúna a bheith againn atá oiriúnach don aois dhigiteach. 

Cé gur léirigh COVID-19 go bhfuil gá le leibhéil níos fearr inniúlachtaí digiteacha san oideachas agus san oiliúint, is éard a d’eascair uaidh freisin méadú ar roinnt dúshlán agus neamhionannas a bhí ann cheana idir na daoine a bhfuil rochtain acu ar theicneolaíochtaí digiteacha agus na daoine nach bhfuil, daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste ina measc. 

Is éard a nocht an phaindéim freisin roinnt dúshlán do na córais oideachais agus oiliúna, ar dúshláin iad a bhaineann le hinniúlachtaí digiteacha na n-institiúidí oideachais agus oiliúna, oiliúint múinteoirí agus leibhéil fhoriomlána scileanna agus inniúlachtaí digiteacha. 

Léiríonn na staitisticí an méid sin go soiléir:

  • fuarthas amach i staidéar a rinne an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) in 2018 gur bhraith níos lú ná 40% de mhúinteoirí ar an meán go raibh siad réidh chun teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid sa teagasc, agus bhí éagsúlachtaí móra ann idir na Ballstáit
  • breis agus aon trian de dhéagóirí idir 13-14 bliana d’aois a ghlac páirt sa Staidéar Idirnáisiúnta ar an Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise (ICILS) in 2018, ní raibh an leibhéal inniúlachta is bunúsaí acu i dtaca le scileanna digiteacha
  • níl rochtain ag aon cheathrú de theaghlaigh ísealioncaim ar ríomhairí ná leathanbhanda, agus tá éagsúlachtaí móra ar fud an Aontais ag brath ar ioncam teaghlaigh (Eurostat 2019)

Chuir an phaindéim dlús leis an gclaonadh a bhí ann cheana i dtreo na foghlama hibridí agus ar líne.

Is éard a nocht an t-aistriú sin bealaí nua nuálacha do dhaltaí agus do mhúinteoirí gníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama a eagrú agus idirghníomhú le chéile ar líne ar bhealach atá níos pearsanta agus níos solúbtha. 

I ngeall ar na hathruithe sin, tá gá le hiarracht láidir chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun tacú le córais oideachais agus oiliúna agus iad ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a sainaithníodh agus a treisíodh de thoradh phaindéim COVID-19. Is gá freisin fís fhadtéarmach a mholadh don bhealach chun tosaigh atá i ndán don oideachas digiteach Eorpach. 

Comhthéacs polaitiúil

Is sna Treoirlínte Polaitiúla a thug Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, i mí Iúil 2019 a cuireadh in iúl go sainráite an gá a bhí le Plean Gníomhaíochta nua lena dtógfaí ar an gcéad Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2018-2020). 

Cuireann an Plean Gníomhaíochta athnuaite don Oideachas Digiteach leis an tosaíocht de chuid an Choimisiúin, is é sin ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, agus le NextGenerationEU freisin. Tacaíonn sé freisin leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a bhfuil sé d’aidhm aici Aontas Eorpach atá níos glaise, níos digití agus níos athléimní a chruthú. 

Is príomhchumasóir é an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach chun an fhís a fhíorú maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025. Cuireann sé freisin le gnóthú na spriocanna a leagtar amach sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna Nua, Plean Gníomhaíochta an Cholúin Eorpaigh Shóisialta agus ‘Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha’.

Comhairliúchán poiblí oscailte

Ó mhí Iúil go Meán Fómhair 2020, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí oscailte chun tuairimí agus taithí na saoránach, na n-institiúidí agus na n-eagraíochtaí go léir ón earnáil phríobháideach agus phoiblí a fháil maidir le tionchar COVID-19 ar an oideachas agus an oiliúint, an t-aistriú go dtí an chianfhoghlaim agus an fhoghlaim ar líne, agus an fhís atá acu do thodhchaí an oideachais dhigitigh san Eoraip. 

Chuir an comhairliúchán poiblí an méid seo a leanas i dtábhacht:

  • níor bhain beagnach 60% de na freagróirí úsáid as an gcianfhoghlaim ná an fhoghlaim ar líne roimh an ngéarchéim
  • ceapann 95% díobh gur cor cinniúnach é paindéim COVID-19 maidir leis an gcaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht san oideachas agus san oiliúint
  • chuir na freagróirí in iúl gur gá na hacmhainní agus ábhair foghlama ar líne a bheith níos ábhartha, níos idirghníomhaí agus níos éasca le húsáid, sin agus nár cheart go mbeadh na nithe sin ag brath ar acmhainní airgeadais an bhaile nó an bhardais
  • cheap níos mó ná 60% gur chuir siad feabhas ar a gcuid scileanna digiteacha le linn na géarchéime, agus ba mhaith le níos mó ná 50% díobh tuilleadh feabhais a chur ar a gcuid scileanna

Fuarthas breis agus 2,700 freagra ó 60 tír, chomh maith le 127 bpáipéar seasaimh, le linn an chomhairliúcháin. Dá bhrí sin, chuidigh sé chun bonn eolais a chur faoin togra ón gCoimisiún maidir le Plean Gníomhaíochta athnuaite don Oideachas Digiteach a ghlac Coláiste na gCoimisinéirí an 30 Meán Fómhair 2020.

Gníomhaíochtaí an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach

Cuirtear na gníomhaíochtaí seo a leanas chun cinn don tréimhse 2021-2027 sa Phlean don Oideachas Digiteach:

Tosaíocht 1: Forbairt éiceachórais oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a chothú

  • Gníomhaíocht 1: Idirphlé Straitéiseach leis na Ballstáit maidir leis na tosca cumasúcháin don oideachas digiteach rathúil
  • Gníomhaíocht 2: Moladh ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim chumaisc don oideachas bunscoile agus meánscoile
  • Gníomhaíocht 3: An Creat Eorpach um Ábhar Oideachais Dhigitigh
  • Gníomhaíocht 4: An nascacht agus trealamh digiteach don oideachas
  • Gníomhaíocht 5: Pleananna maidir leis an gclaochlú digiteach d’institiúidí oideachais agus oiliúna
  • Gníomhaíocht 6: An intleacht shaorga agus úsáid sonraí san oideachas agus san oiliúint 

Tosaíocht 2: Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha a fheabhsú ar mhaithe leis an gclaochlú digiteach 

  • Gníomhaíocht 7: Treoirlínte comhchoiteanna do mhúinteoirí agus oideoirí chun an litearthacht dhigiteach a chothú agus chun dul i ngleic leis an mbréagaisnéis tríd an oideachas agus an oiliúint 
  • Gníomhaíocht 8: An Creat Inniúlachta Digití Eorpach a thabhairt cothrom le dáta chun an intleacht shaorga agus scileanna a bhaineann le sonraí a chur san áireamh ann
  • Gníomhaíocht 9: An Deimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha (EDSC)
  • Gníomhaíocht 10: Moladh ón gComhairle maidir le soláthar scileanna digiteacha san oideachas agus san oiliúint a fheabhsú
  • Gníomhaíocht 11: Sonraí trasnáisiúnta a bhailiú maidir le scileanna digiteacha daltaí agus sprioc de chuid an Aontais a thabhairt isteach maidir le hinniúlacht dhigiteach daltaí
  • Gníomhaíocht 12: Cúrsaí Oiliúna maidir le Deiseanna Digiteacha
  • Gníomhaíocht 13: Rannpháirtíocht na mBan in ETIM
  • Mol an Oideachais Dhigitigh 

Mol an Oideachais Dhigitigh

Bunóidh an Coimisiún Mol an Oideachais Dhigitigh chun tacú leis an dá réimse tosaíochta lena dtreiseofar comhar agus malartú san oideachas digiteach ar leibhéal an Aontais.

An chéad Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 

Cuireann an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2021-2027) leis an gcéad Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (2018-2020) ina raibh na réimsí tosaíochta seo a leanas:

  • úsáid níos fearr a bhaint as teicneolaíocht dhigiteach maidir le teagasc agus foghlaim
  • inniúlachtaí digiteacha agus scileanna a fhorbairt
  • feabhas a chur ar an oideachas le hanailísiú sonraí níos fearr agus le réamhamharc

Déan teagmháil linn

Is é aonad an Oideachais Dhigitigh, an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr (AS EAC) a dhéanann comhordú ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach. 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag
EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.

Lean @EUDigitalEdu ar Twitter chun an nuacht agus na scéalta is déanaí a fháil faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach agus na gníomhaíochtaí gaolmhara. 


Íomhá sa cheanntásc: © An tAontas Eorpach, 2021.