Treoirlínte eiticiúla d’oideoirí maidir leis an intleacht shaorga a úsáid
De réir mar a thagann forbairt leanúnach ar an intleacht shaorga (IS) agus de réir mar a bhaintear úsáid nua as ár gcuid sonraí, tá sé tábhachtach na tionchair a bhaineann léi a thuiscint. Ní smaoineamh todhchaíoch é IS san oideachas a thuilleadh, ach réaltacht atá ag dul i méid. Úsáid a bhaint as IS chun cabhrú le teangacha iasachta a mhúineadh, níl sa mhéid sin ach sampla amháin.
Tá acmhainneacht mhór ag IS feabhas a chur ar an oideachas, ach ní mór dúinn anailís níos doimhne a dhéanamh ar na himpleachtaí, aon saincheisteanna eiticiúla a d’fhéadfadh teacht chun cinn ina measc.
Cad iad na spriocanna?
Is mian leis an gCoimisiún Eorpach feasacht a mhúscailt maidir le húsáid IS agus sonraí san oideachas agus aird a tharraingt ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann, rioscaí eiticiúla san áireamh. Tá sé mar aidhm aige treoir a chur ar fáil chun IS a úsáid i gceart san oideachas.
Cad atá á dhéanamh ag an gCoimisiún?
In 2022 d’fhoilsíomar treoirlínte maidir le húsáid eiticiúil IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim. Is grúpa saineolaithe oideachais agus IS a d’fhorbair na treoirlínte sin bunaithe ar aiseolas ó chomhairliúchán a rinneamar.
Cuireann na treoirlínte tacaíocht phraiticiúil agus treoir ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile den chuid is mó, idir mhúinteoirí a bhfuil taithí éigin acu ar IS a úsáid agus mhúinteoirí nach bhfuil aon taithí acu uirthi.
Is é is aidhm do na treoirlínte:
- míniú a thabhairt ar conas is féidir IS a úsáid i scoileanna
- cabhrú le múinteoirí agus le daltaí IS a úsáid ina gcuid teagaisc agus ina gcuid foghlama
- na ceisteanna eiticiúla atá mar bhonn agus mar thaca ag na treoirlínte a phlé
- tacú le forbairt córas agus próiseas riaracháin
Tá sraith ceisteanna sna treoirlínte freisin maidir leis na saincheisteanna eiticiúla agus praiticiúla a bhaineann le húsáid IS agus acmhainní sonraí-bhunaithe agus tugtar comhairle iontu maidir le conas iad a chur in oiriúint do chuspóirí éagsúla oideachais.
Conas a chabhróidh na treoirlínte le do chleachtas teagaisc?
Féach ar an bhfíseán bolscaireachta
Cad iad na buntáistí praiticiúla eile a bheidh ann?
- feasacht níos fearr ar úsáid eiticiúil IS agus sonraí sa teagasc agus san fhoghlaim.
- níos mó úsáid as IS san oideachas agus san oiliúint
Maoiniú
Tá an gníomh seo á mhaoiniú ag clár Erasmus+ agus ag clár Fís Eorpach an Aontais.