Tá an t-ilteangachas ar cheann de na hocht bpríomhinniúlacht atá ag teastáil le haghaidh sásamh pearsanta, stíl mhaireachtála shláintiúil agus inbhuanaithe, na hinfhostaitheachta, saoránacht ghníomhach agus cuimsiú sóisialta, mar atá leagtha amach ag Ballstáit an Aontais sa Mholadh ón gComhairle maidir le príomhinniúlachtaí don fhoghlaim ar feadh an tsaoil.
Ina ainneoin sin uile, fágann i bhfad an iomarca daoine óga san Eoraip an scoil gan eolas praiticiúil acu ar an dara teanga.
Léiríodh an méid seo a leanas i suirbhé 2011-12 an Aontais ar scileanna teanga (a rinneadh i 14 thír den Aontas):
- bhí leibhéal an ‘úsáideora neamhspleách’ ina gcéad teanga iasachta bainte amach ag 42% de dhaltaí a bhí 15 bliana d'aois (is é sin B1 nó B2 i gComhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha)
- bhí an leibhéal sin bainte amach ag 25% in dhá theanga iasachta
- bhí 14% de dhaltaí ann nach raibh fiú an t-eolas is bunúsaí ar theanga iasachta acu
Ar na cúiseanna sin, tá sé mar chuspóir ag an Aontas feabhas a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim teangacha ag aois óg mar phríomhthosaíocht. An 22 Bealtaine 2019 ghlac airí oideachais san Aontas an Moladh ón gComhairle maidir le cur chuige cuimsitheach i leith múineadh agus foghlaim teangacha.
Leagtar béim freisin ar an tábhacht a bhaineann le luathfhoghlaim teangacha sa Mholadh ón gComhairle maidir le córais oideachais agus cúraim luath-óige ar ardchaighdeán.
Inniúlachtaí teanga a fheabhsú
An straitéis ar leibhéal an Aontais chun foghlaim teangacha a fheabhsú, tá sí leagtha amach sa Mholadh ón gComhairle maidir le cur chuige cuimsitheach i leith múineadh agus foghlaim teangacha. Sa Mholadh, chomhaontaigh na Ballstáit go n-oibreoidís chun
- borradh a chur faoi fhoghlaim teangacha faoi dheireadh an oideachais éigeantaigh trí chabhrú le gach duine óg inniúlacht a shealbhú i dteanga Eorpach amháin eile ar a laghad chomh maith le teanga/teangacha a scolaíochta
- sealbhú (tríú) teanga sa bhreis a spreagadh go dtí go mbeidh sí acu ar leibhéal a chuirfidh ar a gcumas idirghníomhú le leibhéal líofachta is féidir a thomhas leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (CCTE), ar creat de chuid Chomhairle na hEorpa é
- forbairt cur chuige cuimsitheach a spreagadh chun feabhas a chur ar theagasc agus ar fhoghlaim teangacha ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach, áitiúil agus scoile
- coincheap na feasachta teanga a thabhairt isteach san oideachas agus san oiliúint, lena gcuirtear creat cuimsitheach ar fáil d’fhoghlaim teangacha, creat a chuireann scileanna teanga an duine aonair san áireamh
- cinnte a dhéanamh de go mbeidh an deis ag níos mó múinteoirí teanga foghlaim agus staidéar a dhéanamh i dtír eile
- modhanna teagaisc ilteangacha cuimsitheacha nuálacha a shainaithint agus a chur chun cinn trí uirlisí agus ardáin ar leibhéal an Aontais a úsáid, amhail an Tairseach Oideachais Scoile agus eTwinning
Sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, tugtar an cúlra eolaíoch agus fíorasach a ghabhann leis an Moladh.
Seomraí ranga ilteangacha
Ar fud an Aontais Eorpaigh, tugann páistí de chúlra imirceach flúirse teangacha nua agus scileanna teanga isteach sa seomra ranga leo. D'fhéadfadh an duine, an scoil agus an tsochaí tairbhe a bhaint as sin.
Tá éagsúlacht mhór idir na figiúirí ó Bhallstát go chéile – 1% sa Pholainn, cuir i gcás, agus 40% i Lucsamburg – ach san Aontas trí chéile is é beagán faoi bhun 10% an céatadán de na daltaí uile a bhíonn ag foghlaim i dteanga nach í a dteanga dhúchais féin í.
Tarraingíonn sin ceist anuas faoin dóigh is fearr le lántairbhe a bhaint as éagsúlacht teangacha an Aontais. Léiríonn fianaise nach n-éiríonn le páistí de chúlra imirceach bunscileanna a shealbhú chomh furasta le paistí eile.
Ní mór do scoileanna a modhanna teagaisc a chur in oiriúint do chúlraí teanga agus cultúir na ndaltaí, agus sin a dhéanamh ar shlí dhearfach ionas go n-éireoidh go geal le gach dalta ar scoil.
An éagsúlacht teangacha ar scoil, seomraí ranga ilteangacha agus feasacht teangacha a chothú ar scoil, is ábhair iad sin a dhéantar a chomhtháthú a thuilleadh sa tionscnamh nua ‘Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile’.