Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Cáilíocht agus cothromas a fheabhsú – tionscnaimh

Tá an ceart ag gach saoránach san Aontas Eorpach oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil atá ar ardcháilíocht agus cuimsitheach a fháil, mar a bhunaítear le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Cén fáth a bhfuil cáilíocht agus cothromas tábhachtach?

Tábhacht an chothromais

Oideachas agus oiliúint atá cuimsitheach agus ar ardcháilíocht, sin agus gné Eorpach a chur chun cinn maidir le teagasc lena gcothaítear luachanna coiteanna, tá sin fíorthábhachtach chun sochaí chomhtháite Eorpach a chruthú agus a chothabháil agus chun fás inbhuanaithe a spreagadh. 

Mar sin féin, leanann an taithí oideachais atá daoine aonair san Eoraip patrúin shóisialta. Bíonn tearcghnóthachtáil dhíréireach ann i measc mic léinn ó chúlra faoi mhíbhuntáiste. Is minic a thiteann siad siúd a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe chun deiridh. 

Cuireann gnéasachas agus gnéaschiapadh bac ar eispéiris oideachais go fóill, go háirithe i gcás ban agus cailíní. Tá bearna leanúnach inscne ann freisin i réimsí staidéir, amhail innealtóireacht, déantúsaíocht agus tógáil – réimsí nach bhfuil ach 26% de na mic léinn ina mná iontu – agus an Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) – réimse nach bhfuil ach 18% de na mic léinn ina mná ann (International Computer and Information Literacy Study [Staidéar Idirnáisiúnta ar Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise], 2018). 

Ní mór dúinn gníomhú chun dul i ngleic le héagothroime ó na luathbhlianta agus chun stádas sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha agus cúlra eitneach agus cine a scaradh ó leibhéal agus gnóthachtáil oideachais. 

Tábhacht na cáilíochta

Le hoideachas agus oiliúint ar ardchaighdeán, cuirfear an t-eolas, na scileanna agus na dearcthaí a theastaíonn ó shaoránaigh chun go mbeidh rath orthu ar fáil dóibh agus chun athléimneacht eacnamaíoch agus rathúnas sóisialta na hEorpa a chinntiú. Áirítear leis sin an gá le máistreacht a fháil ar phríomhinniúlachtaí, lena n-áirítear bunscileanna agus inniúlachtaí digiteacha.

An tábhacht a bhaineann le cinnte a dhéanamh de go mbíonn rochtain chothrom éifeachtach ar oideachas ar ardchaighdeán, tá an tábhacht sin níos soiléire ná riamh ó bhris paindéim COVID-19 amach. 

Is gá iarracht bhreise a dhéanamh chun meánráta gnóthachtála an Aontais sna bunscileanna a fheabhsú i gcás daoine 15 bliana d’aois. Seo a leanas líon na ndaltaí ar theip orthu bunmhatamaitic, eolaíocht agus tascanna léitheoireachta a chríochnú in 2018: 22.5% sa léitheoireacht, 22.9% sa mhatamaitic agus 22.3% san eolaíocht (PISA 2018, ECFE). 

Is féidir an t-athrú sin a chur i gcrích le hoideoirí ardcháilithe agus le hathchóirithe beartais. Tá gá le hinfheistíocht éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe san oideachas agus san oiliúint chun torthaí foghlama a fheabhsú, chun an méid a theastaíonn ó fhoghlaimeoirí le go mbeidh rath orthu a chur ar fáil dóibh agus chun teagasc ar ardchaighdeán a chinntiú. 

Cad é atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Tá an Coimisiún Eorpach ag tabhairt aghaidh ar na saincheisteanna sin trí na gníomhaíochtaí seo a leanas

  • An tionscnamh maidir le conairí i dtreo na rathúlachta scoile
  • an t-ilteangachas agus luachanna coiteanna a chur chun cinn
  • infheistíocht ardcháilíochta san oideachas agus san oiliúint a chinntiú
  • gníomhaíochtaí Jean Monnet a neartú
  • cur chuige Eorpach a fhorbairt i leith micridhintiúr
  • Erasmus+ agus cláir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a dhéanamh níos ionchuimsithí
  • soghluaisteacht saorálaithe óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta trasteorann a chur chun cinn
  • an creat cáilíochta Eorpach le haghaidh córais ardcháilíochta oideachais agus cúraim luath-óige a chur chun feidhme
  • tacaíocht a thabhairt chun ionaid bairr feabhais gairme a bhunú 

Creat straitéiseach LEO

Bunaíodh meitheal um chomhionannas agus luachanna san oideachas agus san oiliúint chun cur le cur chun cinn an chomhionannais agus an ionchuimsithe sa Limistéar Eorpach Oideachais. Spreagfaidh an mheitheal foghlaim fhrithpháirteach agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na Ballstáit, an Coimisiún agus na páirtithe leasmhara.

Tá grúpa saineolaithe ar infheistíocht ardchaighdeáin san oideachas agus san oiliúint ag tacú leis an bpróiseas trí mhionanailís a dhéanamh ar an bhfianaise atá ann cheana. Cuirfidh sé doiciméad treorach le chéile chun cabhrú le Ballstáit an Aontais feabhas a chur ar éifeachtúlacht an chaiteachais d’fhonn borradh a chur faoi thorthaí oideachais agus faoin ionchuimsitheacht.