An Creat Eorpach um Ábhar an Oideachais Dhigitigh
Athruithe reatha san oideachas
Tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar sholáthar agus ar éileamh ábhar teagaisc agus foghlama i bhformáid dhigiteach (nó ábhar oideachais dhigitigh), go háirithe i ngeall ar phaindéim COVID-19.
Tá an méid seo a leanas i measc na n-athruithe suntasacha:
- Tá athrú mór tagtha ar nósanna i measc soláthraithe ábhair dhigitigh (an tionscal agus an earnáil phoiblí) agus i measc úsáideoirí deiridh (múinteoirí, mic léinn agus daltaí).
- Tá ábhar oideachais dhigitigh níos tarraingtí, níos idirghníomhaí agus níos leabaithe i bhformáidí agus ardáin éagsúla.
- Tá forbairtí teicneolaíochta nua ag spreagadh glacadh cineálacha nua ábhair oideachais dhigitigh agus uirlisí nó seirbhísí gaolmhara. Ar na forbairtí sin tá an fhoghlaim mhóibíleach, réaltacht thumthach, an intleacht shaorga (IS) agus an intleacht shaorga ghiniúnach.
- Le cleachtais nua teagaisc agus foghlama (an fhoghlaim chumaisc, an mhicreafhoghlaim, an fhoghlaim oiriúnaitheach agus phearsantaithe), éilítear nuashonruithe leanúnacha ar ábhar agus forbairt ghairmiúil leanúnach d’oideoirí.
Agus na hathruithe sin á gcur san áireamh, is é is cuspóir don Chreat Eorpach um Ábhar an Oideachais Dhigitigh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair a bhaineann leis an gclaochlú digiteach san oideachas.
Dúshlán an aistrithe dhigitigh
I staidéar a rinneadh i mí Mheán Fómhair 2023, rinneadh meastóireacht ar staid na himeartha maidir le hábhar an oideachais dhigitigh. Cuirtear an méid seo a leanas i láthair sa staidéar:
- anailís ar sholáthar agus ar éileamh
- togra le haghaidh sainmhíniú coiteann, a fhorbrófar ar bhonn grinntaighde agus comhairliúcháin le húsáideoirí, éascaitheoirí agus cruthaitheoirí ábhair oideachais dhigitigh
- scrogaill oideolaíocha, theicneolaíocha, dhlíthiúla agus eagraíochtúla a shainaithint
- príomhdhúshláin maidir le creat ábhair oideachais dhigitigh a fhorbairt ar leibhéal an Aontais
Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin
Ó 2022 i leith, chuir an Coimisiún Eorpach dianphróiseas idirphlé le páirtithe leasmhara i bhfeidhm. Áiríodh leis sin cruinnithe déthaobhacha agus pobal cleachtais, chun a chinntiú go mbeidh úinéireacht ag na gníomhaithe uile ar na réitigh atá beartaithe agus gur féidir iad a chur i bhfeidhm ina n-iomláine.
I mí na Samhna 2023, mhol an Chomhairle go n-oibreodh tíortha an Aontais, páirtithe leasmhara agus an Coimisiún Eorpach le chéile chun ceanglais cháilíochta a chur ar fáil agus treoirlínte a chruthú le haghaidh ábhar oideachais dhigitigh níos fearr. Is é is aidhm dó sin cabhrú le tíortha measúnú a dhéanamh ar cháilíocht, sábháilteacht, iontaofacht agus cuimsitheacht ábhar oideachais dhigitigh agus feabhas a chur orthu.
Meithleacha
Tá dhá mheitheal curtha ar bun ag an gCoimisiún ar na hábhair seo a leanas:
Treoirlínte maidir le hábhar oideachais dhigitigh
Tá treoirlínte praiticiúla á bhforbairt ag an sainghrúpa chun cabhrú go príomha le múinteoirí agus le ceannairí scoile ábhar oideachais dhigitigh ar ardchaighdeán a aimsiú, a roghnú, a fháil, a úsáid agus a mheas.
Tá sé beartaithe ag an ngrúpa saineolaithe na treoirlínte a fhoilsiú in 2025.
Creat idir-inoibritheachta an ardoideachais
Reáchtálann an Mol um Oideachas Digiteach meitheal ina bhfuil breis agus 130 gairmí agus saineolaí chun an creat le haghaidh idir-inoibritheacht ardoideachais a fhorbairt.
Féachann an creat le comhar agus éifeachtúlacht a fheabhsú laistigh d’ollscoileanna Eorpacha trí chomhchaighdeáin agus prótacail choiteanna a bhunú maidir le malartú sonraí i gcórais teagaisc agus foghlama.
Tá sé beartaithe ag an meitheal an creat a eisiúint faoi mhí Feabhra 2025.
Amlíne
-
2022-2023
- Staidéar ullmhúcháin a chuirfidh le Creat Eorpach um Ábhar an Oideachais Dhigitigh
- An chéim ullmhúcháin i dtreo ardán malartaithe Eorpach don Ardoideachas a sheoladh
-
2024-2025
An Sainghrúpa um Ábhar Oideachais Dhigitigh a bhunú chun treoirlínte, ceanglais cháilíochta agus critéir a sholáthar
-
Meitheamh 2024
Dearadh an chreata a chur i láthair, creat a cruthaíodh i gcomhar ag an Meitheal um Idir-inoibritheacht Ardoideachais
-
Feabhra 2025
An Creat Idir-inoibritheachta Ardoideachais a eisiúint