Ní mór comhiarracht a dhéanamh ar fud na sochaí chun oideachas digiteach inrochtana ardcháilíochta ionchuimsitheach a chur chun cinn.
Is gá go mbeadh rialtais, institiúidí oideachais agus oiliúna, an earnáil phríobháideach agus an pobal tiomnaithe éiceachóras oideachais dhigitigh ardfheidhmíochta a bhaint amach.
Dá réir sin, téann claochlú digiteach rathúil na gcóras oideachais agus oiliúna níos faide ná na comhlachtaí agus na hinstitiúidí rialtais atá freagrach as an oideachas agus éilítear cur chuige comhtháite uile-rialtais i roinnt réimsí beartais éagsúla.
Tá sé mar aidhm leis an ngníomhaíocht seo na céimeanna a shonrú ar gá a ghlacadh chun na príomhthosca cumasúcháin a bhaint amach, ar príomhthosca iad atá ríthábhachtach chun an oideachas digiteach a fhíorú do chách. Áirítear na nithe seo a leanas i measc na ngnéithe sin, ach níl siad teoranta dóibh:
- dul i ngleic le bearnaí maidir le nascacht agus trealamh
- tacú le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna trí eolas a chomhroinnt maidir le conas oiriúnú agus digitiú a dhéanamh ar bhealach ionchuimsitheach
- aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna ó thaobh na inrochtaineachta de agus an fháil ar theicneolaíochtaí cúnta
- Ballstáit de chuid an Aontais a spreagadh chun idirphlé níos dlúithe a chothú idir páirtithe leasmhara ar fud an gheilleagair agus idir institiúidí oideachais agus oiliúna
- Ballstáit a spreagadh chun treoirlínte a fhorbairt don oideolaíocht dhigiteach
Cuspóirí
- na céimeanna a shainaithint atá le glacadh i ndáil leis an oideachas, an infheistíocht, an taighde agus an nuálaíocht chun oideachas digiteach ardchálíochta ionchuimsitheach a chur ar fáil do gach foghlaimeoir ar fud na hEorpa
- smaointe agus saineolas a mhalartú faoi conas is fearr na príomh-nithe a chur ar fáil lenar féidir oideachas digiteach éifeachtach agus ionchuimsitheach a bhaint amach
- tacú leis na Ballstáit le claochlú digiteach a gcuid córas oideachais agus oiliúna trí ghealltanas comhpháirteach a chur chun cinn idir an Coimisiún agus na Ballstáit
Príomh-ghníomhaíochtaí
- próiseas straitéiseach machnaimh a sheoladh in éineacht leis na Ballstáit
- roinnt cruinnithe téamacha a eagrú i ndáil leis na tosca cumasúcháin chun oideachas digiteach rathúil a bhaint amach
- togra féideartha a ullmhú maidir leis na tosca cumasúcháin chun oideachas digiteach rathúil a bhaint amach
Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo
- méadú ar ghealltanas polaitiúil na mBallstát chun oideachas digiteach éifeachtach ionchuimsitheach a chumasú
- feasacht a ardú faoi na príomhthosca i gcomhair chlaochlú digiteach rathúil na gcóras oideachais agus oiliúna
- teacht ar chomhaontú faoi thogra féideartha le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis na tosca cumasúcháin chun oideachas digiteach rathúil a bhaint amach (le deimhniú)
Amlíne
- Faoi dheireadh 2021 – an tIdirphlé Straitéiseach a sheoladh
- Faoi dheireadh 2022 – glacadh féideartha Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir leis na tosca cumasúcháin chun oideachas digiteach rathúil a bhaint amach
Maoiniú
Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú ag clár Erasmus+ an Aontais.
Déan teagmháil linn
Má tá suim agat tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht seo, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag
EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.
Lean @EUDigitalEdu ar Twitter chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomhaíocht seo agus chun an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach iomlán a fheiceáil.
Íomhá sa cheanntásc: © An tAontas Eorpach, 2021.