Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 4

Cuireann nascacht idirlín ardluais go leor buntáistí ar fáil do scoileanna, rochtain ar acmhainní éagsúla ar líne, ardáin le haghaidh comhar agus uirlisí le haghaidh oideolaíochtaí bunaithe ar fhiosrú san áireamh. 

Mar sin féin, léiríonn torthaí ‘An Dara Suirbhé ar Scoileanna: TFC san oideachas’ (ESSIE2) go bhfuil go leor scoileanna san Aontas fós i bhfad óna n-acmhainneacht dhigiteach a chomhlíonadh agus ó idirlíon ardluais a bheith ar fáil dóibh. 

Thairis sin, léirigh paindéim COVID-19 go bhfuil bearnaí bonneagair fós le sonrú san Eoraip, cuir i gcás maidir le leathanbhanda a bheith ar fáil agus glacadh leis an teicneolaíocht dhigiteach.

Cuspóirí

Chun bearnaí a laghdú agus chun dul i ngleic leis an soláthar míchothrom maidir le rochtain idirlín ardluais i scoileanna, tá sé i gceist ag an gCoimisiún tacú le nascacht ghigighiotáin agus 5G do ghníomhaithe socheacnamaíocha, cuir i gcás scoileanna. 

Cuirfidh an ghníomhaíocht dea-chleachtais nascachta chun cinn, iad spreagtha ag riachtanais chásanna ag a bhfuil úsáid ar leith i bpobail áitiúla. 

Leis an ngníomhaíocht sin, táthar ag súil le Ballstáit a spreagadh lántairbhe a bhaint as an tacaíocht a chuireann an tAontas ar fáil chun rochtain idirlín a fheabhsú, chomh maith le teicneolaíocht dhigiteach, aipeanna agus ardáin ríomhfhoghlama a cheannach, trí rud a bhaineann tairbhe as cláir mhaoinithe éagsúla de chuid an Aontais, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ina measc.

Déan teagmháil linn

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht seo, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag
EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.

Lean @EUDigitalEdu ar Twitter chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomhaíocht seo agus chun an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach iomlán a fheiceáil.


Íomhá sa cheanntásc: © An tAontas Eorpach, 2021.