Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Rannpháirtíocht na mban i staidéar agus i ngairmeacha beatha san ETIM.

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 13

Tá mná faoi ghannionadaíocht sa staidéar digiteach agus i ngairmeacha digiteacha, mar atá i réimsí eile den eolaíocht, den teicneolaíocht, den innealtóireacht agus den mhatamaitic (ETIM).

Duine amháin as gach triúr céimithe ETIM, is bean í (Eurostat, 2022), agus duine amháin as gach cúigear speisialtóirí TFC (Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn na Deacáide Digití, 2024). Ní mná iad ach 24% de ghairmithe féinfhostaithe i ngairmeacha teicniúla, cuir i gcás eolaíocht, innealtóireacht agus TFC (staidéar ‘She Figures’,2021).

Ag aois óg, is fearr cailíní go ginearálta ná buachaillí sa litearthacht ríomhaireachta agus faisnéise (ICILS, 2023), ach de réir mar a éiríonn siad níos sine agus de réir mar a shroicheann siad leibhéil níos airde oideachais, is gnách le cailíní imeacht ó ábhair TFC agus ETIM.

Níl gealladh faoi luas an athraithe. Níor tháinig ach méadú 0.5 pointe céatadáin ar líon na mban i bpoist TFC san Aontas Eorpach idir 2012 agus 2016 (An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne: Mná agus fir i TFC).

Mar sin féin, tá méadú beag tagtha ar chion na n-eolaithe agus na n-innealtóirí baineanna san Aontas, ó 39% in 2011 go 41% in 2020.

Cad atá an Coimisiún Eorpach a dhéanamh?

Tá príomhghníomhaíochtaí á reáchtáil ag an gCoimisiún Eorpach chun cabhrú le mic léinn óga ar mná iad a scileanna digiteacha agus fiontraíochta a fhorbairt.

Is é an sprioc atá ann líon na mban a dhéanann staidéar, obair agus gnó i réimsí digiteacha agus ETIM a mhéadú agus cuimsiú na mban sa gheilleagar digiteach a fheabhsú.

Príomhghníomhaíochtaí

Tá an Coimisiún ag tacú le deiseanna nua do chailíní agus do mhná tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • oiliúint i scileanna digiteacha agus fiontraíochta do chailíní sa mheánoideachas, tríd an ardán foghlama tiomnaithe ar líne, Girls Go Circular
  • Féilte ESTEAM i dtíortha éagsúla an Aontais, chun cabhrú le mná a scileanna digiteacha agus fiontraíochta a fheabhsú agus chun a bheith níos muiníneaí as iad a úsáid chun deiseanna a thapú, nuálaíocht a dhéanamh agus luach a chruthú don tsochaí (seasann ESTEAM don fhiontraíocht, don eolaíocht, don teicneolaíocht, don innealtóireacht, do na healaíona agus don mhatamaitic)
  • cláir ardoideachais nua le haghaidh na hinnealtóireachta agus TFC, bunaithe ar chur chuige STEAM. Áirítear leis sin cuidiú le hardáin náisiúnta ETIM a bhunú (ag tógáil ar Chomhghuaillíocht ETIM an Aontais) agus torthaí na dtionscadal agus an dea-chleachtais a scaipeadh, iad cistithe ag Erasmus+ agus ginte ag comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha

Torthaí agus na spriocanna insoláthartha a bhfuiltear ag súil leo

  • ó 2022 i leith – le 21 fhéile ESTEAM, chuathas i bhfeidhm ar níos mó ná 4,400 bean agus cailín ar fud 38 dtír
  • faoi 2024 – fuair 47,000 mac léinn baineann oiliúint sa gheilleagar ciorclach agus scileanna digiteacha ar fud 30 tír, le cabhair ó 18 modúl foghlama i 24 theanga
  • 2025 – eagrán deiridh d’Fhéile ESTEAM, foilsiú threoir ESTEAM
  • 2024-2027 – tús an chláir ambasadóra, leathnú chuig na Balcáin Thiar, forbairt cúrsaí oiliúna d’oideoirí

Maoiniú

Faigheann an ghníomhaíocht seo maoiniú ó 3 chlár de chuid an Aontais Eorpaigh, is iad sin:

Last updated: