Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 11

Bailiú trasteorann sonraí agus sprioc ar leibhéal an Aontais maidir le scileanna digiteacha daltaí

Tá sé riachtanach go mbeidh bunscileanna digiteacha ag gach saoránach chun páirt éifeachtach a ghlacadh i ndomhan an lae inniu atá ag éirí níos digití de réir a chéile. Tharraing paindéim COVID‑19 aird ar thábhacht bunscileanna agus ardscileanna digiteacha chun ár ngeilleagair agus ár sochaithe a choimeád ag imeacht. 

D’ainneoin an dearcaidh choitinn gur glúin de ‘dhúchasaigh dhigiteacha’ iad óige an lae inniu, cuireann torthaí an Staidéir Idirnáisiúnta ar an Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise (ICILS) in iúl nach bhforbraíonn daoine óga scileanna digiteacha sofaisticiúla díreach trí ghléasanna digiteacha a úsáid agus iad ag fás aníos. 

I gcodarsnacht le bunscileanna eile, amhail léitheoireacht, matamaitic agus eolaíocht, tá an rochtain ar shonraí trasnáisiúnta maidir le leibhéal reatha scileanna digiteacha daoine óga san Aontas Eorpach teoranta. 

Tá tuilleadh sonraí ag teastáil chun tuiscint níos fearr a fháil ar na fáthanna a mbíonn difríochtaí idir na leibhéil scileanna agus chun deis a thabhairt don Aontas agus do na Ballstáit gníomhaíochtaí éifeachtacha a leagan amach chun dul i ngleic leis na bearnaí sin. 

Cuspóirí 

Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, tacaíonn an Coimisiún Eorpach le sonraí inchomparáide ar scileanna digiteacha daoine óga ar fud na hEorpa a bhailiú agus le hanailís a dhéanamh orthu. 

Glacadh sprioc maidir le scileanna digiteacha ar leibhéal an Aontais sa Rún ón gComhairle 2021 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030). 

Leis an Rún, tá gá le líon na ndaoine 13 bliana d’aois nach bhfuil litearthacht mhaith ríomhaireachta agus faisnéise acu a laghdú chun go mbeidh sé faoi bhun 15% faoi 2030. Bainfear úsáid as sonraí ón Staidéar Idirnáisiúnta ar an Litearthacht Ríomhaireachta agus Faisnéise (ICILS) chun feidhmíocht i litearthacht ríomhaireachta agus faisnéise a mheas. 

Trí bhailiú sonraí trasnáisiúnta a mhéadú, beidh tuiscint níos fearr againn ar threochtaí an oideachais dhigitigh ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon. 

Trí thacú leis na Ballstáit sonraí inchomparáide ar fhorbairtí san oideachas digiteach a bhailiú, cuideofar le riaracháin phoiblí náisiúnta rianú a dhéanamh ar na leibhéil scileanna i measc daoine óga i gcaitheamh an ama agus thar theorainneacha agus an bunús le forbairt beartais bunaithe ar fhianaise a neartú.

Príomhghníomhaíochtaí

  • tacaíocht airgeadais a thabhairt do rannpháirtíocht Bhallstáit an Aontais agus tríú tíortha atá comhlachaithe le clár Erasmus+ in ICILS 2023
  • monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i leith na sprice maidir le scileanna digiteacha daltaí ar leibhéal an Aontais trí úsáid a bhaint as sonraí ón ICILS (líon na ndaoine idir 13 bliana d’aois nach bhfuil litearthacht mhaith ríomhaireachta agus faisnéise acu a laghdú chun go mbeidh sé faoi bhun 15% faoi 2030)
  • tuairisciú bliantúil ar scileanna digiteacha sa Tuarascáil Faireacháin ar an Oideachas agus an Oiliúint 

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo 

  • cumhdach níos leithne ar shonraí inchomparáide ar bhonn idirnáisiúnta ar scileanna digiteacha ar fud na mBallstát agus ar an leibhéal Eorpach a thacaíonn le ceapadh beartais bunaithe ar fhianaise
  • léargas níos cruinne ar staid scileanna digiteacha daoine óga agus ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar shealbhú scileanna digiteacha laistigh den Aontas 

Amlíne

  • Eanáir-Nollaig 2023 – príomhshonraí ICILS 2023 a bhailiú, An Comhlachas Idirnáisiúnta um Meastóireacht ar Ghaisce Oideachais (IEA) 
  • Deireadh Fómhair-Nollaig 2024 – na torthaí idirnáisiúnta ó ICILS2023 a fhoilsiú (IEA) 
  • Eanáir-Márta 2025 – bunachar sonraí ICILS 2023 a sheoladh (IEA) 

Maoiniú

Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú ag clár Erasmus+ an Aontais.

Déan teagmháil linn

Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht sin, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag EAC-UNITE-A4@EC.EUROPA.EU.

Lean EUDigitalEducation ar Twitter chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomhaíocht seo agus faoin bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach ina iomláine.

 

Ábhar gaolmhar