Le linn phaindéim COVID-19, b’éigean do go leor institiúidí oideachais agus oiliúna ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin aistriú go tapa go dtí an teagasc ar líne agus an cianteagasc.
I gcás an-chuid díobh, ba dheacair dul i ngleic le dúshláin na cianfhoghlama, agus é riachtanach scileanna, uirlisí, acmhainní agus cuir chuige oideolaíocha nua a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.
Chun leas a bhaint as ceachtanna a foghlaimíodh le linn na tréimhse sin, conas teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid le cáilíocht agus ionchuimsitheacht an oideachais agus na hoiliúna a fheabhsú san áireamh, is gá pleanáil agus monatóireacht leanúnach a dhéanamh, mar aon le tacaíocht, acmhainní agus treoir a chur ar fáil.
Cuspóirí
Le clár Erasmus+ cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh tionscadal comhoibrithe a thacaíonn le pleanáil institiúidí oideachais agus oiliúna don chlaochlú digiteach, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET), institiúidí ardoideachais agus institiúidí foghlama aosaí ina measc.
Tá Acadaimh Múinteoiri Erasmus+ á gcur ar bun chun tacú a thuilleadh le cruthú agus le cur i bhfeidhm na n-oideolaíochtaí digiteacha agus an tsaineolais maidir le húsáid uirlisí digiteacha do mhúinteoirí, teicneolaíochtaí inrochtana agus cúnta ina measc.
I bhfómhar 2021 seolfar uirlis fhéinmhachnaimh nua ar líne freisin, SELFIE do Mhúinteoirí, ar uirlis í a bheidh bunaithe ar Chreat na hEorpa um Inniúlacht Dhigiteach Oideoirí. Cuideoidh an uirlis sin le múinteoirí chun láidreachtaí agus bearnaí ina gcuid inniúlachtaí digiteacha a shainaithint agus chun breisoiliúint a phleanáil.
Príomh-ghníomhaíochtaí
- tacú le pleananna institiúidí oideachais agus oiliúna don chlaochlú digiteach trí thionscadail chomhair Erasmus+
- Acadaimh Múinteóirí Erasmus+ a bhunú chun tacú le comhar agus deiseanna don fhorbairt ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí agus d’oideoirí
- an uirlis fhéinmheasúnaithe ar líne SELFIE do Mhúinteoirí a sheoladh chun cabhrú le (foirne) múinteoirí láidreachtaí agus bearnaí ina gcuid inniúlachtaí digiteacha a shainaithint i dteanna a chéile
Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo
- acmhainneacht dhigiteach feabhsaithe le haghaidh institiúidí oideachais
- deiseanna forbartha gairmiúla a chur ar fáil do mhúinteoirí agus d’oideoirí
- tacaíocht le haghaidh múinteoirí chun láidreachtaí agus bearnaí ina gcuid scileanna digiteacha a shainaithint
Uainiú
Tionscadail chomhair Erasmus+
Seoladh deiseanna maoiniúcháin le haghaidh tionscadal comhair Erasmus+ lena ndíreofar ar an bpleanáil dhigiteach i réimsí an oideachais scoile, an VET, na foghlama aosaí agus an ardoideachais mar chuid de ghlao ginearálta Erasmus+ (faoi Phríomh-ghníomhaíocht 2) i mí Aibreáin 2021.
Cuirfear an maoiniú ar fáil gach bliain faoi ghlao ginearálta bliantúil Erasmus+ go dtí 2027.
Féach treoirleabhar Erasmus+ chun tuilleadh eolais a fháil.
Acadaimh Múinteoirí Erasmus+
Cuirtear na sonraí maidir leis an nglao sin i láthair i dtreoirleabhar Erasmus+ 2021.
Tá tuilleadh eolais ar fail freisin i dtaifeadadh an tseisiúin eolais ón 10 Meitheamh 2021 faoi ghlao 2021 le haghaidh tograí maoinithe i gcomhair Acadaimh Múinteoirí Erasmus+.
SELFIE do Mhúinteoirí
- Aibreán 2021– triail phíolótach na huirlise san Iodáil, sa Phortaingéil, sa Liotuáin, san Eastóin agus in Éirinn
- Bealtaine go Meán Fómhair 2021 – anailís ar shonraí agus aiseolas ó thriail phíolótach SELFIE do Mhúinteoirí, agus an uirlis a fhorbairt a thuilleadh
- Deireadh Fómhair 2021 – an uirlis a sheoladh i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais
Déan teagmháil linn
Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn trí ríomhphost ag
EAC-DIGITALEDUCATION@ec.europa.eu.
Lean @EUDigitalEdu ar Twitter chun an nuacht agus na forbairtí is déanaí a fháil faoin ngníomhaíocht seo agus chun an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach iomlán a fheiceáil.
Íomhá sa cheanntásc: © An tAontas Eorpach, 2021.