Cén fáth a bhfuil an t-ilteangachas tábhachtach?
Is é “aontaithe san éagsúlacht” mana an Aontais Eorpaigh agus is siombail é den ról bunriachtanach atá ag an éagsúlacht teangacha agus ag an bhfoghlaim teangacha sa tionscadal Eorpach.
Aontaíonn teangacha daoine, tugann siad bealach dúinn le haithne a chur ar thíortha agus ar chultúir eile, agus neartaíonn siad an tuiscint idirchultúrtha. Cuireann scileanna i dteangacha iasachta go mór leis an infhostaitheacht agus leis an tsoghluaisteacht. Ar a bharr sin, feabhsaíonn an t-ilteangachas iomaíochas gheilleagar an Aontais.
Fágann drochscileanna teanga nach n-éiríonn le gnólachtaí conarthaí idirnáisiúnta a bhuachan agus cuireann siad bac ar shoghluaisteacht daoine a bhfuil scileanna agus cumas acu. In ainneoin sin uile, fágann i bhfad an iomarca daoine óga san Eoraip an scoil gan eolas praiticiúil acu ar an dara teanga. Ar an ábhar sin, tá sé ina thosaíocht ag an Aontas feabhas a chur ar theagasc teangacha agus ar fhoghlaim teangacha.
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun an t-ilteangachas a chur chun cinn?
Sna Conclúidí ón gComhairle maidir leis an ilteangachas agus inniúlachtaí teanga a fhorbairt, gheall na Ballstáit go dtreiseoidís an comhar i réimse an ilteangachais agus go bhfeabhsóidís éifeachtacht an teagaisc teangacha i scoileanna.
Tá an Coimisiún Eorpach ag obair i gcomhar leis na rialtais náisiúnta chun sprioc uaillmhianach a bhaint amach – is é sin go bhfoghlaimeoidh gach saoránach dhá theanga iasachta ar a laghad agus go dtosóidís ar theangacha iasachta a fhoghlaim ag aois óg.
Dhearbhaigh Cinn Stáit an Aontais an fhís sin mar chuid den togra chun Limistéar Eorpach Oideachais a chur ar bun. Luadh tacaíocht bhreise don sprioc sin sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach i mí na Nollag 2017.
Is ar na dóigheanna seo a leanas atá an Coimisiún ag freagairt an éilimh sin ó na Ballstáit go neartófaí ról lárnach an ilteangachais sa tionscadal Eorpach:
- na bearta sa Mholadh ón gComhairle maidir le cur chuige cuimsitheach i leith teangacha a theagasc agus a fhoghlaim, na bearta sin a dhéanamh. Obair i gcomhar leis na Ballstáit agus le príomh-shaineolaithe i réimse an oideachais teanga chun teagasc teangacha a nuachóiriú agus a dhéanamh níos éifeachtúla, tá sin ar na bearta sin.
- an obair atá sé a dhéanamh ar mhaithe le ceapadh beartais ar bhonn fianaise a threisiú, reachtaíocht an Aontais a dhéanamh níos éifeachtaí maidir le hearraí poiblí, cuir i gcás sochaí chomhtháite ilteangach, a chur ar fáil.
Táthar ag tacú leis na gníomhaíochtaí sin ar na bealaí seo a leanas:
- Comhar le Comhairle na hEorpa agus leis an Lárionad Eorpach um Nuatheangacha, ionad atá dírithe ar an nuálaíocht i dteagasc teangacha. Níl modhanna comhchoiteanna measúnachta in úsáid ag go leor de na córais oideachais agus, dá bhrí sin, ba cheart modheolaíochtaí measúnachta nua-aimseartha a fhorbairt chun comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí atá ar bun le teagasc teangacha a fheabhsú.
- An tionscnamh maidir le curaclaim, trialacha agus scrúduithe teanga a nascadh leis an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach (RELANG) a dhíríonn ar chabhrú le húdaráis oideachais scrúduithe teanga a nascadh leis na leibhéil inniúlachta a shainítear sa Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha (CEFR). I sraith eile den chomhar sin, déantar forbairt ar an tacaíocht a thugtar do sheomraí ranga ilteangacha chun cabhrú le himircigh óga a bheith lánpháirteach sa scoil agus barr a gcumais a bhaint amach.
- Comhar le soláthraithe seirbhísí teanga na n-institiúidí Eorpacha, go háirithe Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin agus Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta sa Choimisiún, chun bheith ag tacú le hoideachas agus oiliúint a chur ar fáil do theangeolaithe.
- An Séala Eorpach Teanga a bhronnadh ar shaoránaigh agus ar thionscadail a chothaíonn forbairt teicnící nuálacha i réimse an teagaisc teangacha.
Chomh maith leis sin, cuireann an clár Erasmus+ deiseanna ar fáil do dhaoine óga le gur féidir leo barr feabhais a chur ar a scileanna teanga agus iad i mbun foghlama nó oiliúna i dtír eile, agus trí bheith ag tacú leis an tsoghluaisteacht ghairme agus oideachais.