Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Tionscnaimh ardoideachais

Tá an tAontas Eorpach ag comhoibriú le hinstitiúidí ardoideachais agus le Ballstáit an Aontais chun tacaíocht a thabhairt don earnáil ardoideachais le go mbeifear in ann an earnáil a chur in oiriúint do dhálaí atá ag athrú, ionas go mbeidh rath ar athléimneacht agus ar théarnamh na hEorpa.

Cad é cuspóir atá againn?

Is é an cuspóir atá ann gné fhíor-Eorpach a fhorbairt in earnáil an ardoideachais, bunaithe ar luachanna comhroinnte, agus an sármhaitheas agus an t-ionchuimsiú a bheith ina dtréithe ar leith den ardoideachas Eorpach. 

Is féidir leis an Eoraip cur le hearnáil ardoideachais éagsúil a bhfuil borradh mór fúithi, agus í fréamhaithe go domhain sa chultúr Eorpach. Tá beagnach 5,000 institiúid ardoideachais lonnaithe san Eoraip, mar aon le 17.5 milliún mac léinn san oideachas treasach, 1.35 milliún duine ina dteagascóirí san oideachas treasach agus 1.17 milliún taighdeoir. 

Is cuma an ollscoileanna taighde, institiúidí teicneolaíochta, scoileanna ealaíon nó institiúidí gairmoideachais agus gairmoiliúna atá i gceist – is sainchomharthaí iad na cineálacha éagsúla institiúidí ardoideachais dár ndóigh bheatha Eorpach.

Cén fáth a bhfuil an t-ardoideachas tábhachtach?

Tá tábhacht ar leith ag earnáil an ardoideachais, atá suite ag crosbhóthar an oideachais, an taighde agus na nuálaíochta, agus í ag fónamh don tsochaí agus don gheilleagar.

Tá ról ríthábhachtach aige maidir leis an méid seo a leanas

  • an Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) agus an Limistéar Eorpach Taighde (LET) a chur i gcrích, ar bhonn sineirge leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais
  • geilleagair inbhuanaithe athléimneacha a mhúnlú, agus ár sochaí a dhéanamh níos glaise, níos ionchuimsithí agus níos digití
  • deiseanna fostaíochta den scoth a chur ar fáil d’Eorpaigh ardoilte, agus saoránaigh rannpháirteach sa saol daonlathach – 80% de dhaoine san Aontas atá tar éis céim tríú leibhéal a bhaint amach, faigheann siad fostaíocht laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an chéim a fháil

Ós rud é go bhfuil níos mó daoine le scileanna ardleibhéil de dhíth ar an Eoraip, tá an sprioc leagtha síos ag Ballstáit an Aontais gur cheart cáilíocht ardoideachais a bheith ag 45% ar a laghad de dhaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois faoin mbliain 2030.

Léigh an Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach um chomhar Eorpach san oideachas agus oiliúint

Cad é atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna

Moltar sa Straitéis díriú ar cheithre phríomhchuspóir a bhaint amach

An ghné Eorpach a neartú san ardoideachas agus sa taighde 

Sraith tionscnamh suaitheanta a chur chun feidhme a bhfuil sé d’aidhm acu a bheith ina léiriú infheicthe ar chur chuige Eorpach, a mbeidh tacaíocht airgeadais iomchuí mar thaca leis, chun cabhrú le hollscoileanna naisc a thógáil agus chun comhar trasnáisiúnta a ghlacadh go dtí an chéad leibhéal eile.

Tacú le hollscoileanna mar thithe solais lena dtaispeánfar ár ndóigh bheatha Eorpach

Tacú le hollscoileanna chun scileanna ardchaighdeáin agus scileanna ábhartha a sheasfaidh an aimsir a chur ar fáil, éagsúlacht agus ionchuimsiú a chothú, agus cleachtais dhaonlathacha, cearta bunúsacha agus luachanna acadúla a chur chun cinn agus a chosaint. 

Ollscoileanna a chumasú mar ghníomhaithe ar son an athraithe maidir leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach

Tacú le rannpháirtíocht iomlán na n-ollscoileanna san aistriú glas agus san aistriú digiteach atá ar na bacáin. Na huaillmhianta atá ag an Aontas maidir le scileanna digiteacha agus scileanna don aistriú digiteach a chur ar fáil do níos mó daoine óga agus foghlaimeoirí ar feadh an tsaoil, nó maidir le réitigh ghlasa a fhorbairt tríd an nuálaíocht teicneolaíochta agus shóisialta, ní bhainfidh sé na huaillmhianta sin amach ach amháin má dhéanann an earnáil ardoideachais a cion féin ar mhaithe leis sin.

Ollscoileanna a dhaingniú mar fhórsa a spreagfadh ról agus ceannaireacht dhomhanda na hEorpa

Trí chomhar idirnáisiúnta níos doimhne laistigh den Eoraip agus níos faide i gcéin, tacú le hollscoileanna chun bheith ag breathnú amach agus níos iomaíche ar fud an domhain. Cabhróidh sin dá réir maidir le borradh a chur faoi mhealltacht na hEorpa, ní mar cheann scríbe staidéir amháin ach mar chomhpháirtí domhanda tarraingteach le haghaidh comhar san oideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht freisin.

Beidh ceithre thionscnamh shuaitheanta mar bhonn agus mar thaca ag cur i gcrích na Straitéise

  • Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a rolladh amach go 60 ollscoil san Eoraip le breis agus 500 ollscoil faoi lár 2024, agus buiséad táscach €1.1 billiún aige don tréimhse 2021-2027. Is í an aidhm atá ann comhar coiteann fadtéarmach struchtúrach, inbhuanaithe agus córasach a fhorbairt agus a chomhroinnt maidir leis an oideachas, an taighde agus an nuálaíocht, lena gcruthófar campais Eorpacha idir-ollscoileanna ina mbeidh mic léinn, baill foirne agus taighdeoirí ó gach cearn den Eoraip in ann leas a bhaint as soghluaisteacht gan bhac agus eolas nua a chruthú le chéile, trasna tíortha agus disciplíní.
  • Obair a dhéanamh chun stádas dlíthiúil a bhunú do chomhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais faoi lár na bliana 2024
  • Roghanna agus na céimeanna riachtanacha a scrúdú i dtreo comhchéim Eorpach (comhchéim bunaithe ar chomhchritéir Eorpacha) faoi lár na bliana 2024 chun aitheantas a thabhairt don luach a bhaineann le heispéiris thrasnáisiúnta sna mic léinn a bhfuil cáilíochtaí ardoideachais acu agus chun an rómhaorlathas a laghdú a bhaineann le comhchláir a chur ar fáil 
  • Tionscnamh an Chárta Mic Léinn Eorpaigh a uas-scálú trí leas a bhaint as Aitheantóir Uathúil Eorpach do Mhic Léinn a bheidh ar fáil do gach mac léinn gluaisteach in 2022 agus do gach mac léinn ar ollscoil san Eoraip faoi lár 2024, chun an tsoghluaisteacht a éascú ar gach leibhéal. 

Chun an straitéis a chur chun feidhme go héifeachtach, tá gá le comhleanúnachas idir tosaíochtaí beartais agus infheistíochtaí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal institiúideach agus comhar níos dlúithe leis na Ballstáit, le hinstitiúidí ardoideachais agus le páirtithe leasmhara eile agus eatarthu.

Féach an Straitéis Eorpach maidir le hollscoileanna

An togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le naisc a chothú le haghaidh comhar éifeachtach san ardoideachas Eorpach

Is é is aidhm don togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar trasnáisiúnta níos doimhne agus níos inbhuanaithe a chumasú i measc na n-institiúidí ardoideachais, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a chinntiú go gcuirtear comhchláir agus gníomhaíochtaí oideachais chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, agus go ndéantar cumas agus acmhainní a chomhthiomsú nó céimeanna comhpháirteacha a bhronnadh.

Tá go leor foinsí ag baint leis na dúshláin a chuireann bac ar chomhar leanúnach agus tá gá le gníomhaíocht ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon.

Tá an togra le haghaidh an Mholta ar an gcéad chéim den phróiseas chun réitigh a chur ar fáil don earnáil ardoideachais ina hiomláine agus tá sé mar aidhm leis tacú le hoiriúnú na n-institiúidí ardoideachais i ngach ceann de na ceithre mhisean oideachais, taighde, nuálaíochta agus seirbhíse don tsochaí, agus tionchar dearfach a imirt ar an tsochaí agus ar éiceachórais. 

Is éard atá sa togra cuireadh do na Ballstáit tosaíochtaí beartais níos comhleanúnaí agus níos comhoiriúnaí a shocrú agus coinníollacha iomchuí a chruthú ar an leibhéal náisiúnta chun comhar trasnáisiúnta níos dlúithe agus inbhuanaithe den sórt sin a chumasú, chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha oideachais agus taighde a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí, mar aon le cur chun feidhme níos éifeachtaí na n-uirlisí um an Limistéar Eorpach Ardoideachais (Bologna), agus tiomantas a thabhairt i leith infheistíochtaí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal institiúideach.

Tá sé mar aidhm ag an Moladh dlús agus raon feidhme nua a leagan síos le haghaidh comhar trasnáisiúnta agus go mbainfeadh mic léinn leas díreach as chun a scileanna agus a n-infhostaitheacht a fheabhsú trí rochtain níos éasca a fháil ar champais thrasnáisiúnta nua-aimseartha nuálacha, ar shoghluaisteacht thar lear, agus ar fhoghlaim thrasdisciplíneach.

Léigh an togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le naisc a thógáil le haghaidh comhar éifeachtach Eorpach san ardoideachas

Gníomhaíochtaí breise

Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara maidir leis na gníomhaíochtaí seo a leanas chun athruithe a chur chun cinn in earnáil ardoideachais an Aontais

  • oibriú i dtreo cáilíochtaí acadúla a aithint go huathoibríoch
  • dearbhú cáilíochta a fheabhsú
  • rianú céimithe a shaothrú chun feabhas a chur ar inchomparáideacht na dtorthaí ardoideachais
  • curaclaim nua STEAM (eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht, ealaíona, matamaitic) agus teicneolaíocht faisnéise agus chumarsáide (TFC) a fhorbairt
  • taighde agus nuálaíocht a chothú tríd an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT)
  • creat Eorpach a fhorbairt le haghaidh gairmeacha acadúla tarraingteacha inbhuanaithe
  • creat Eorpach a fhorbairt le haghaidh na héagsúlachta agus an ionchuimsithe
  • feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar do scileanna glasa agus digiteacha

Clár Erasmus+

Leis na cláir Erasmus+ agus Fís 2020, tacaíonn an tAontas Eorpach le malartuithe idirnáisiúnta do mhic léinn, don lucht acadúil agus don lucht taighde, agus treisíonn sé comhar struchtúrtha idir institiúidí ardoideachais agus údaráis phoiblí i dtíortha difriúla.

Tuilleadh eolais faoin gclár Erasmus+

Meitheal um Ardoideachas

Faoi chreat straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais, bunaíodh Meitheal nua um ardoideachas don tréimhse 2021-2025. Éascóidh an Mheitheal sineirgí idir earnáil an ardoideachais agus na príomhghníomhaithe taighde agus nuálaíochta i gcomhthéacs an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus an Limistéir Eorpaigh Taighde, agus comhsheasmhacht le Limistéar Eorpach an Ardoideachais á cinntiú.

Tuilleadh eolais faoin Meitheal um Ardoideachas

 

Ábhar gaolmhar