Tréimhsí foghlama thar lear a aithint
D’fhoilsigh an Coimisiún togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haitheantas uathoibríoch frithpháirteach do dhioplómaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh, mar aon le torthaí tréimhsí foghlama thar lear, a chur chun cinn. Ghlac an Chomhairle an Moladh i mí na Samhna 2018.
Feabhas a chur ar nósanna imeachta maidir le haitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí i mBallstáit an Aontais, tá sé sin ina bhunchloch le haghaidh Limistéar Eorpach Oideachais a bhunú faoi 2025.
A bhuí leis an tsoghluaisteacht foghlama, cothaítear forbairt na bpríomhinniúlachtaí agus na n-eispéireas sin atá an-riachtanach don té ar mian leis a bheith páirteach sa tsochaí agus sa mhargadh saothair. Léiríodh é sin sa mheastóireacht mheántéarma a rinneadh le déanaí ar an gclár Erasmus+ inar tugadh tuairisc ar an tionchar dearfach a bhí ag an tsoghluaisteacht ar mhuinín, neamhspleáchas agus lánpháirtiú sóisialta na bhfoghlaimeoirí agus ar chothú na féiniúlachta Eorpaí.
Toisc gur réimse domhandaithe é réimse an oideachais agus na fostaíochta, is den riachtanas mic léinn a bheith in ann lántairbhe a bhaint as na deiseanna uile foghlama atá ann dóibh ar fud an Aontais. Na comhairliúcháin a rinneadh le páirtithe leasmhara níos túisce i mbliana, léiríonn siad go bhfuiltear go mór ar son an tAontas beart a dhéanamh sa réimse seo. Thug na freagróirí le fios gur minic moill ar na próisis lena n-aithnítear cáilíochtaí oideachais, go bhfágtar faoi na hinstitiúidí féin iad, nach bhfuil siad trédhearcach go leor agus go bhféadfadh sé go gcuirfeadh na próisis sin costais bhreise ar mhic léinn.
Ag leibhéal an mheánoideachais go háirithe, bíonn an t-aitheantas a thugtar do cháilíochtaí meánoideachais shinsearaigh agus tréimhsí foghlama thar lear an-éagsúil ó Bhallstát go chéile. Daoine óga ar mian leo tréimhse níos faide a chaitheamh i mbun staidéir thar lear agus iad sa mheánscoil, nó freastal ar institiúid ardoideachais i mBallstát eile den Aontas, is minic gan faisnéis nó cinnteacht leordhóthanach acu faoin aitheantas a thabharfar do na cáilíochtaí agus na hinniúlachtaí atá acu.
An Moladh ón gComhairle
Leis an Moladh ón gComhairle, tá Ballstáit an Aontais ag tabhairt gealltanas polaitiúil go ndéanfaidh siad bearta chun aitheantas uathoibríoch a thabhairt do cháilíochtaí oideachais faoi 2025. Ag gabháil leis an ngealltanas sin beidh bearta lena gcothófar muinín na mBallstát i gcórais oideachais a chéile, agus lena dtabharfar tacaíocht do na Ballstáit le gur féidir leo feabhas a chur ar an aitheantas a thugtar do cháilíochtaí oideachais chun an tsoghluaisteacht foghlama a éascú.
Ó thaobh an ardoideachais de, cuireann an Moladh leis an dul chun cinn atá déanta cheana i bhfóraim eile, go mór mór Próiseas Bologna agus an Coinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint, agus trí chomhaontuithe iltaobhacha idir grúpaí Ballstát, amhail Cinneadh Benelux maidir le haitheantas uathoibríoch a thabhairt do cháilíochtaí ardoideachais agus conradh na dtíortha Baltacha.
Ina theannta sin, déanann an Moladh cur chun cinn ar an úsáid a bhaintear as uirlisí atá ann cheana, uirlisí lena bhféadtar tacú leis an aitheantas a thugtar do cháilíochtaí agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear, e.g. Europass, an Creat Eorpach um Cháilíochtaí, an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna (ECTS), an Forlíonadh Dioplóma agus an Córas Creidmheasa Eorpach don Ghairmoideachas agus don Ghairmoiliúint, i measc uirlisí eile./non_migrated/node/59
Maidir leis an meánoideachas uachtarach, is é is aidhm don Mholadh feabhas a chur ar phróisis aitheantais do na cáilíochtaí atá de dhíth le tabhairt faoin ardoideachas, cáilíochtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna san áireamh. Cuirfear chun cinn an t-aitheantas a thugtar do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear ar an leibhéal sin chomh maith.