Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha

Eolas faoi thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha

Tá athrú ag teacht ar earnáil an oideachais san Eoraip. Ag Cruinniú Mullaigh Göteborg in 2017, leag ceannairí an Aontais Eorpaigh amach fís le haghaidh an oideachais agus an chultúir. Ina cuid Conclúidí ó mhí na Nollag 2017, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar na Ballstáit, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún roinnt tionscnamh a chur chun cinn, iad seo a leanas ina measc:

...comhpháirtíochtaí straitéiseacha a neartú ó cheann ceann an Aontais, idir institiúidí ardoideachais, agus spreagadh a thabhairt chun go dtiocfaidh tuairim agus scór ‘ollscoil Eorpach’ chun cinn faoi 2024, chun go mbeidh líonraí d'ollscoileanna arna gcruthú ón mbun aníos ar fud an Aontais a chuirfidh ar chumas na mac léinn céim a bhaint amach trí dhul i mbun staidéir i gcúpla ceann de thíortha an Aontais, rud a chuirfidh le hiomaíochas idirnáisiúnta na n-ollscoileanna Eorpacha. 

Sna Conclúidí ón gComhairle i mí na Bealtaine 2021 maidir leis na hOllscoileanna Eorpacha, athdhearbhaíodh an tacaíocht atá ann do na hOllscoileanna Eorpacha chun an méid seo a leanas a bhaint amach: 

...an fhís uaillmhianach de Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) agus Limistéar Eorpach Taighde (LET) atá nuálach, iomaíoch ar fud an domhain agus tarraingteach, atá i sineirgíocht iomlán le Limistéar Eorpach an Ardoideachais (EHEA), trí chabhrú chun gné bharr feabhais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta a threisiú, agus comhionannas inscne, ionchuimsitheacht agus cothromas á gcur chun cinn ag an am céanna, rud lena gcumasaítear comhar trasnáisiúnta uaillmhianach gan bhac idir institiúidí ardoideachais san Eoraip agus lena spreagtar claochlú an ardoideachais.

D'oibrigh institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí mic léinn, na Ballstáit agus an Coimisiún i gcomhar le chéile chun tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a fhorbairt, tionscnamh a fhreagraíonn an glao sin. Ag tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh le linn na chéad chéime, tá an tionscnamh anois ina dhlúthchuid de chlár Erasmus+ 2021-2027.

Is tionscnamh suaitheanta de chuid na straitéise Eorpaí d’ollscoileanna is ea na hOllscoileanna Eorpacha freisin, straitéis ina leagtar síos an uaillmhian tacú le 60 Ollscoil Eorpach ina bhfuil breis agus 500 institiúid ardoideachais páirteach faoi lár 2024

Cad is Ollscoil Eorpach ann?

European Universities are transnational alliances that will lead the way towards the universities of the future, promoting European values and identity, and revolutionising the quality and competitiveness of European higher education.

To achieve this major step forward, the initiative is offering opportunities to support diverse cooperation models for European Universities through the Erasmus+ calls for proposals.

The alliances

  • include partners from all types of higher education institution and cover a broad geographic scope across Europe
  • are based upon a co-envisioned long-term strategy focused on sustainability, excellence and European values
  • offer student-centred curricula jointly delivered across inter-university campuses, where diverse student bodies can build their own programmes and experience mobility at all levels of study
  • adopt a challenge-based approach according to which students, academics and external partners can cooperate in inter-disciplinary teams to tackle the biggest issues facing Europe today

For more information, see the factsheet on the initiative.

44 Ollscoil Eorpacha i mbun gnímh

Tar éis an ghlao ar thograí a rinneadh faoi Erasmus+ in 2022, tá 44 Ollscoil Eorpacha againn anois lena mbaineann 340 institiúid ardoideachais i bpríomhchathracha agus réigiúin iargúlta i 31 tír, lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh agus an Íoslainn, an Iorua, an tSeirbia, agus an Tuirc. 

Trí chomhpháirtíocht a dhéanamh le thart ar 1,300 comhpháirtí comhlachaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha, fiontair, cathracha agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha, is féidir leis na hOllscoileanna Eorpacha cáilíocht agus raon feidhme an ardoideachais san Eoraip a mhéadú go suntasach.

Forléargas ar na 44 chomhghuaillíocht Eorpacha agus a gcomhdhéanamh

Na comhghuaillíochtaí a roghnaíodh faoi ghlao 2019 Erasmus+, is in 2022 a chríochnaigh siad a gcéad tréimhse mhaoiniúcháin 3 bliana. Bhí siad i dteideal iarratas a dhéanamh ar an nglao ar thograí a rinneadh faoi Erasmus+ in 2022.

Tá tuilleadh sonraí le fáil sna bileoga eolais faoi na hOllscoileanna Eorpacha éagsúla.

Glao 2023 Ollscoileanna Eorpacha Erasmus+ ar oscailt anois

Chun tacú le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a chur i bhfeidhm go hiomlán, seoladh glao nua Erasmus+ ar thograí chun tacú le hOllscoileanna Eorpacha ar fud na hEorpa a bhfuil buiséad iomlán €384 mhilliún ag gabháil leis.

Tuilleadh eolais faoi ghlao 2023 na nOllscoileanna Eorpacha.

Is ar dhá thopaic atá an glao bunaithe:

Topaic 1: dlús a chur leis an gcomhar domhain trasnáisiúnta atá ann cheana féin

Le topaic an ghlao seo tabharfar tacaíocht do na comhghuaillíochtaí um chomhar institiúideach trasnáisiúnta domhain atá ann cheana, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha a roghnaíodh faoi ghlao 2020 ar thograí Erasmus+, ach gan bheith teoranta dóibh sin amháin.

Is é an aidhm atá ann cur leis an gcomhar institiúideach a baineadh amach go dtí seo agus éifeachtacht an chomhair sin a dhoimhniú, a threisiú agus a leathnú a thuilleadh le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo fhís fhadtéarmach na nOllscoileanna Eorpacha. Tá an deis ag institiúidí nua ardoideachais páirt a ghlacadh sna comhghuaillíochtaí sin mar chomhpháirtithe iomlána.

Topaic 2: comhar institiúideach trasnáisiúnta nua a fhorbairt

Tabharfaidh topaic an ghlao seo tacaíocht d’iarratasóirí ar mian leo comhar trasnáisiúnta domhain nua a bhunú i gcomhghuaillíocht nua Ollscoileanna Eorpacha.

Conas iarratas a dhéanamh

Féach glao oscailte iomaíoch 2023 Erasmus+ ar thograí maidir leis na hOllscoileanna Eorpacha, atá bunaithe ar chritéir cháilíochtúla.

Is é an 31 Eanáir 2023 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Sábháil an dáta don seisiún eolais a bheidh ar siúl an 15 Samhain 2022. Féach an clár oibre agus tuilleadh sonraí faoin seisiún eolais.

Tá breis sonraí faoin tionscnamh le fáil i mbileog eolais an Choimisiúin faoi na hOllscoileanna Eorpacha.

Torthaí ghlao 2022 Erasmus+

Foilsíodh torthaí ghlao 2022 Erasmus+ i mí Iúil 2022. As an 52 iarratas a fuarthas, roghnaíodh 16 chomhghuaillíocht a bhí ann cheana le haghaidh maoiniú inbhuanaithe agus roghnaíodh 4 Ollscoil Eorpacha nua lena mbaineann 175 institiúid ardoideachais ó na Ballstáit agus ó thíortha eile atá comhlachaithe le clár Erasmus+. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an preasráiteas iomlán.

Torthaí ghlao Erasmus+ 2020

Foilsíodh torthaí ghlao 2020 Erasmus+ i mí Iúil 2020. As an 62 iarratas a fuarthas, roghnaíodh 24 chomhghuaillíocht nua d'Ollscoileanna Eorpacha, ina bhfuil 165 institiúid ardoideachais as 26 Bhallstát agus as tíortha eile atá páirteach i gclár Erasmus+. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an preasráiteas iomlán.

Torthaí ghlao 2019 Erasmus+

Foilsíodh torthaí ghlao 2019 i mí an Mheithimh 2019. As na 54 iarratas a fuarthas, roghnaíodh na chéad 17 gcomhghuaillíocht d'Ollscoileanna Eorpacha, ina raibh 114 institiúid ardoideachais as 24 Bhallstát páirteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an preasráiteas iomlán.

Ollscoileanna Eorpacha – mínithe ag na mic léinn

Publications

The call is structured around two topics:

Topic 1: intensification of prior deep institutional transnational cooperation

This call topic will provide support for already existing deep institutional transnational cooperation alliances including, but not limited to, the European Universities alliances selected under the 2020 Erasmus+ call for proposals.

The aim is to build upon the institutional cooperation achieved so far and to further deepen, intensify and expand the effectiveness of this existing cooperation in order to progress towards the long-term vision of the ‘European Universities’. New higher education institutions have the opportunity to join these existing alliances as full partners.

Topic 2: development of new deep institutional transnational cooperation

This call topic will provide support for applicants wishing to establish new deep institutional transnational cooperation in a new ‘European Universities’ alliance.

How to apply

See the open competitive call for proposals for the 2023 Erasmus+ European Universities, based on qualitative criteria.

The deadline to apply is 31 January 2023.

Save the date for the upcoming information session on 15 November 2022. See the agenda and more details about the information session.

See the Commission factsheet on the European Universities for more information on the initiative.

Results of the 2022 Erasmus+ call

The results of the 2022 Erasmus+ call were published in July 2022. Out of 52 applications received, 16 existing alliances were selected for sustainable funding and 4 new European Universities were selected involving 175 higher education institutions from Member States and other countries associated to the Erasmus+ programme. For more information, see the full press release.

Results of the 2020 Erasmus+ call

The results of the 2020 Erasmus+ call were published in July 2020. Out of 62 applications received, 24 new European Universities alliances were selected involving 165 higher education institutions from 26 Member States and other countries participating in the Erasmus+ programme. For more information, see the full press release.

Results of the 2019 Erasmus+ call

The results of the 2019 call were published in June 2019. Out of 54 applications received, the first 17 European University alliances involving 114 higher education institutions from 24 Member States were selected. For more information, see the full press release.

European Universities - explained by students