Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

Ardoideachas ionchuimsitheach nasctha

I dtreo ardoideachas ionchuimsitheach nasctha

Maidir le córais ardoideachais a dhéanamh ionchuimsitheach agus nasc a chruthú idir iad agus an tsochaí, is gá na dálaí cuí a bheith ann chun go n-éireodh le mic léinn a bhfuil cúlraí éagsúla acu. Cé gur ríthábhachtach do dhaoine a bhfuil cúlra ísealioncaim acu tacaíocht airgeadais a bheith ann do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, tá níos mó ná sin ag teastáil.

Lena chinntiú go bhfuil éagsúlacht mhuintir na hEorpa le feiceáil i measc na mac léinn atá ag dul isteach agus ag baint céim amach in institiúidí ardoideachais na hEorpa, ba cheart díriú ar fheabhas a chur ar rochtain agus rátaí comhlánaithe na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus faoi ghannionadaíocht. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis náisiúnta agus na hinstitiúidí ardoideachais an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • iniúchadh iomlánaíoch a dhéanamh ar an gcaoi a n-eagraítear an ligean isteach, teagasc agus measúnú
  • bearta a dhéanamh chun meantóireacht a dhéanamh ar mhic léinn
  • tacaíocht acadúil agus neamhacadúil araon a sholáthar

Maidir leis na cuspóirí sin a bhaint amach, tá gealladh faoi straitéisí chun cabhrú le mic léinn faoi mhíbhuntáiste agus faoi ghannionadaíocht rochtain a fháil ar an ardoideachas agus dul ar aghaidh chun cúrsaí ardoideachais a chríochnú. Tá gá freisin le roghanna solúbtha staidéir (páirtaimseartha nó ar líne) agus le haitheantas níos forleithne d’fhoghlaim atá déanta cheana chun gurbh fhusa do dhaoine, go háirithe foghlaimeoirí fásta, ardoideachas a fháil.

Cén fáth a bhfuil an ionchuimsitheacht agus an nascacht tábhachtach?

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an ardoideachas chun dul i ngleic le dúshláin shóisialta agus dhaonlathacha na hEorpa. Is é sin le rá gur gá go mbeadh an t-ardoideachas ionchuimsitheach agus go mbeadh caidreamh maith ag institiúidí ardoideachais leis an bpobal.

Na grúpaí sóisialta is lú a fheictear san ardoideachas, is iad sin is dóchúla gan bunscileanna (litearthacht, uimhearthacht agus inniúlacht dhigiteach), taithí ar an bhfoghlaim neamhspleách agus cur amach ar a bhfuil i gceist leis an ardoideachas a bheith acu. Ina theannta sin, daoine a bhfuil cúlra socheacnamaíoch faoi mhíbhuntáiste acu agus daoine de bhunadh imirceach, is lú go mór fós an seans go rachaidís isteach san ardoideachas agus go n-éireodh leo ann. Rud atá fós forleathan freisin is ea an leithscaradh inscne de réir réimse staidéir.

Cad atá déanta ag an Aontas go dtí seo?

Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht ar na dúshláin a bhaineann le leibhéil ardoideachais i dtíortha an Aontais, agus ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo na spriocanna a bhaint amach, trí chreat an tSeimeastair Eorpaigh. Ina theannta sin, tá sé ina cholún tábhachtach de Phróiseas Bologna, de réir mar a athdhearbhaíodh é in 2018 in Communiqué Pháras, cur leis an ngné shóisialta den ardoideachas.

Sa chlár oibre athnuaite le haghaidh ardoideachais de chuid an Aontais Eorpaigh, tá an Coimisiún tiomanta do na nithe seo a leanas:

  • Tacaíocht Erasmus+ a stiúradh chun cabhrú le hinstitiúidí ardoideachais straitéisí institiúideacha comhtháite a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm maidir le hionchuimsiú, comhionannas inscne agus rath sa staidéar ó ligean isteach go dtí bronnadh na céime; trí chomhar le scoileanna agus le soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna san áireamh
  • Cur chun cinn a dhéanamh ar chúrsaí solúbtha agus modúlacha staidéir a fhorbairt agus a thástáil chun tacú le daoine ardoideachas a fháil trí thosaíochtaí sonracha do chomhpháirtíochtaí straitéiseacha Erasmus+
  • Tacú le hinstitiúidí ardoideachais ar mian leo pointí ECTS (an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna) a bhronnadh ar mhic léinn as gníomhaíochtaí deonacha agus pobail a dhéanamh, bunaithe ar dhea-eiseamláirí atá ann cheana
  • Tacú le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí atá ag teifigh chun a éascú dóibh ardoideachas a fháil

D’fhonn fianaise a chruthú ar an ngné shóisialta den ardoideachas, tá an tionscadal Eurostudent á chómhaoiniú ag an gCoimisiún. Tá cuntas ann ar dhálaí sóisialta agus eacnamaíocha shaol an mhic léinn san Eoraip. Mar chuid de Eurostudent, déantar féinmheasúnuithe agus suirbhéanna go rialta ar bhreis agus 320,000 mac léinn i 27 dtír rannpháirteacha ó Limistéar Eorpach an Ardoideachais. 

I staidéar de chuid an Choimisiúin rinneadh iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag córais ligean isteach ar thorthaí san ardoideachas, agus go háirithe an chaoi a ndéanann scoileanna, institiúidí ardoideachais agus mic léinn iad féin cláir staidéir a roghnú. Bunaithe ar na beartais agus na straitéisí atá ag tíortha maidir le sruthú sa mheánoideachas agus neamhspleáchas institiúidí ardoideachais, rinneadh gníomhaíocht mhapála ar chórais ‘roghnaíocha’, ‘oscailte’ agus ‘mheasctha’ ligean isteach. 

Mar thoradh ar chás-staidéir mhionsonraithe a rinneadh in ocht dtír, rinneadh 10 gcinn de mholtaí beartais chun tacú le scoileanna agus institiúidí ardoideachais maidir le mic léinn ionchasacha a roghnú agus chun cabhrú le mic léinn institiúidí ardoideachais agus cláir staidéir a roghnú. Is féidir an leathchuid de na moltaí sin a ghlacadh i bhformhór na dtíortha, agus féadfaidh tionscnaimh phíolótacha eascairt as an gcuid eile díobh agus taighde breise ag gabháil leo.

I mí Aibreáin 2019 d'eagraigh Meitheal ET2020 um Ardoideachas gníomhaíocht phiarfhoghlama inar thángthas ar an gconclúid nach bhfuil mórán straitéisí agus cuir chuige náisiúnta ann ag a bhfuil gealltanais bheartais fhadtéarmacha maidir leis an ionchuimsiú sóisialta san ardoideachas, cé go bhfuil béim ar an ionchuimsiú sóisialta i gcláir oibre Bhallstáit an Aontais. Ba cheart beartais maidir le hionchuimsiú san ardoideachas a bheith mar chuid de chreat níos leithne beartas trasearnála. Na naisc atá ag institiúidí oideachais le scoileanna a fhorbairt, a neartú agus a leathnú, tá sé sin ríthábhachtach leis an ionchuimsiú a fheabhsú. 

D’fhonn beartais atá bunaithe ar fhianaise a cheapadh chun an t-ionchuimsiú san ardoideachas a threisiú, is gá infheistíocht a dhéanamh sna nithe seo a leanas: na bealaí le grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus spriocghrúpaí a shainaithint, an dóigh a meastar an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo na spriocanna, an mhonatóireacht a dhéantar ar éifeachtaí beartaithe agus neamhbheartaithe na mbeartas ionchuimsithe agus an t-anailísiú a dhéantar ar chastacht na mbunfhachtóirí. Tá gá freisin le tuilleadh infheistíochta in oiliúint foirne ardoideachais chun feabhas a chur ar na cleachtais foghlama agus teagaisc do mhic léinn ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus chun na cleachtais sin a chur in oiriúint dóibh.

Conas is féidir cabhrú le mic léinn institiúidí ardoideachais agus cláir staidéir a roghnú?

  • Feabhas a chur ar an eolas, ar an gcomhairle agus ar an treoir atá ar fáil maidir leis an ardoideachas. Tá an Coimisiún ag tabhairt tacaíocht do U-Multirank, uirlis faoi stiúir úsáideoirí a úsáidtear le hollscoileanna a chur i gcomparáid le chéile
  • Feabhas a chur ar raon na roghanna a thugtar do mhic léinn. Tríd an gclár Erasmus+, tacaíonn an Coimisiún le comhar idir ollscoileanna ionas gur féidir leo raon níos leithne roghanna staidéir a chur ar fáil

Conas is féidir cabhrú le hinstitiúidí ardoideachais mic léinn a roghnú?

  • Cur chuige níos cuimsithí a fhorbairt i leith beartais ionchuimsithe san ardoideachas ag a bhfuil gealltanais fhadtéarmacha agus plean gníomhaíochta ina bhfuil tosaíochtaí beartais agus spriocanna
  • Ceangal a bheith idir an beartas ligean isteach agus an t-éileamh ó mhic léinn agus i margadh an tsaothair. Sa Mholadh ón gComhairle maidir le céimithe a rianú iarrtar ar na Ballstáit córas rianaithe céimithe a chur ar bun chun sonraí a sholáthar faoi ábharthacht a gcóras ardoideachais
  • Córais mhaoiniúcháin a úsáid chun gealltanas na n-institiúidí ardoideachais i leith an ionchuimsithe shóisialta a dhreasú. An ghníomhaíocht phiarfhoghlama a eagraíodh faoi chreat Mheitheal ET2020 maidir le maoiniú bunaithe ar fheidhmíocht, thug sin léargas úsáideach ar an dóigh le ról níos láidre a thabhairt d’institiúidí ardoideachais i dtaca le spriocanna straitéiseacha a leagan síos
  • Úsáid a bhaint as uirlisí a forbraíodh mar chuid de Phróiseas Bologna chun an t-aistriú chuig an ardoideachas a éascú
  • Ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil d’fhoirne acadúla agus riaracháin in institiúidí ardoideachais chun cáilíocht na foghlama agus an teagaisc a fheabhsú. Leis an tionscnamh EFFECT (an Fóram Eorpach um Chomhar Feabhsaithe sa Teagasc), a dtugann an clár Erasmus+ tacaíocht dó, fiosraítear na bealaí ina bhféadfaí tacaíocht níos fearr a thabhairt don fhoghlaim agus don teagasc in institiúidí ardoideachais