Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An t-ardoideachas Eorpach ar fud an domhain

Cén fáth a bhfuil tábhacht leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta i réimse an ardoideachais? 

Is rud é a aithníonn institiúidí ardoideachais go gcaithfidh siad dul thar campas agus thar teorainn amach le caidreamh a dhéanamh leis an saol mór ós é is feidhm dóibh scileanna éifeachtacha a thabhairt chun cinn i measc na ndaoine a bheidh ag cleachtadh a gceirde agus ag déanamh na cinnteoireachta san am atá romhainn. 

Is fada comhoibriú i réimse an ardoideachais idir Ballstáit an Aontais, ach bíodh sin mar atá, tá síormhéadú ag teacht ar an mbaint atá ag tíortha comhpháirtíochta lasmuigh den Eoraip leis an ngréasán acadúil idirnáisiúnta seo. Dá bhrí sin, níor mhór don Aontas Eorpach aird a thabhairt ar an ngné idirnáisiúnta seo, agus is le tacaíocht don chomhoibriú agus don chomhphlé faoi chúrsaí beartais a dhéanfaidh siad sin.

Sin rud a dhéanfaidh leas na bpáirtithe ar fad. Má chuirtear gné idirnáisiúnta le beartais ardoideachais an Aontais, sin rud a bheidh ina chrann taca do chuspóirí beartais an Aontais go hinmheánach ó thaobh oideachais agus oiliúna de agus ó thaobh iad á gcur i gcrích. Thar aon ní, is é an comhoibriú idir ollscoileanna laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon is cúnamh leis na daoine is fearr bua a mhealladh chun an Aontais, sin agus leis an bpiarfhoghlaim agus an chomparáid idirnáisiúnta a chur chun cinn. Barr feabhais a chothú i gcúrsaí taighde agus teagaisc, sin é an toradh a bhíonn air sin arís ar ais.

Rud eile de, an comhoibriú idirnáisiúnta sa réimse seo, is rud é atá ina thaca don nuálaíocht agus don chruthú post san Aontas, rud a tharlaíonn de bharr soghluaisteacht scileanna ó thír go tír a éascú. Tá aitheantas uilíoch ann don tuiscint gur buntáiste do dhuine ó thaobh infhostaíochta de tréimhse léinn nó teagaisc a bheith caite aige san iasacht. Sa chiall is domhanda, is rud é an tsoghluaisteacht seo a thabharfaidh ar ghlúnta daoine san am atá romhainn smaoineamh lastall de na teorannacha náisiúnta agus dearcadh idirnáisiúnta a ghabháil chucu féin.

Rud eile fós, an comhoibriú idirnáisiúnta i réimse an ardoideachais, is éifeachtach an uirlis é le téagar a chur i dtaidhleoireacht phoiblí an Aontais ar fud an domhain. Meallann an comhoibriú idirnáisiúnta seo tacaíocht i gcomhair bheartais an Aontais lastall den teorainn, go mór mór i réimse mhéadú na gcríoch, i réimse na comharsanachta agus na forbartha idirnáisiúnta, mar aon le réimse na himirce agus an chaidrimh idirchultúrtha. Bíonn caidreamh buan ann dá bharr idir lucht léinn agus idir céimithe, daoine atá ag dul i ngleic leis na dúshláin chéanna. 

Maidir le tíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain, an tacaíocht seo don chomhoibriú i réimse an ardoideachais, is rud bunúsach dóibh é leis an bhfoghlaim scileanna a neartú, sin agus neartú na forbartha atá á déanamh acu i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, Sprioc 4 ach go háirithe: Oideachas ar Ardchaighdeán. I gcás tionscadal ardoideachais go leor a bhfuil comhoibriú i gceist leo, bítear ag foghlaim scileanna atá ag teastáil le dul chun cinn éifeachtach a dhéanamh i dtreo spriocanna eile chomh maith. Seo trí shampla de sin: feabhas ar an éifeachtúlacht fuinnimh; cosaint an chomhshaoil mhuirí; deimhniú an tsoláthair bia.

In 2014, tugadh cead isteach i gclár Erasmus+ do gach tír ar domhan, clár atá ina bhunchuid de chomhoibriú réigiúnach an Aontais ar fud an domhain arb éard is aidhm dó comaoin a chur ar laghdú an bhochtanais, agus an fás ionchuimsitheach a chur chun cinn. 

Tacaíonn Erasmus + leis an nuachóiriú ar churaclaim oideachais, bíonn lámh aige i bhfeabhsú an teagaisc agus an oideachais, tacaíonn sé le breis trédhearcachta i rialachas an oideachais, agus leis an gcomhoibriú sna hearnála poiblí agus príobháideacha atá sa réimse seo. 

Tá breis eolais le fáil mar gheall ar an ról atá ag Erasmus+ sa chomhoibriú idirnáisiúnta ar fud an domhain sna bileoga eolais réigiúnacha a théann leis gclár oideachais suaitheanta seo atá ag an Aontas.