Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Forlíonadh Dioplóma

Cad é an Forlíonadh Dioplóma?

Is iad na hinstitiúidí ardoideachais a chuireann an Forlíonadh Dioplóma ar fáil i gcomhréir le caighdeáin a chomhaontaigh an Coimisiún Eorpach, Comhairle na hEorpa agus Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Cultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO). Lena chois sin, tá sé ina chuid de na huirlisí trédhearcachta atá faoi chuimsiú chreat Europass

Tá an Forlíonadh Dioplóma deartha mar chabhair chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí acadúla. Is uirlis thábhachtach é an Forlíonadh Dioplóma sa Réimse Ardoideachais Eorpaigh chun go mbeidh céimithe in ann a chinntiú go bhfuil aitheantas á thabhairt dá gcéimeanna ag na hinstitiúidí ardoideachais, ag na húdaráis phoiblí agus ag fostóirí ina dtíortha dúchais agus i dtíortha eile. Ní hionann é, áfach, agus Curriculum Vitae ná ní féidir é a úsáid in ionad teastas bunaidh.

Tá ocht rannán san Fhorlíonadh Dioplóma ina dtugtar eolas a bhaineann leis na nithe seo a leanas: 

  • sealbhóir na cáilíochta
  • an cineál cáilíochta agus an institiúid inar tionscnaíodh í
  • leibhéal na cáilíochta
  • ábhar an chúrsa agus na torthaí a gnóthaíodh
  • feidhm na cáilíochta
  • deimhniúchán an fhorlíonaidh
  • mionsonraithe an chórais náisiúnta ardoideachais lena mbaineann (ó na Lárionaid náisiúnta faisnéise um aitheantas acadúil)
  • sonraí ábhartha eile

Céimithe as gach tír atá rannpháirteach i bPróiseas Bologna, tá an ceart acu an Forlíonadh Dioplóma a fháil gan choinníoll, saor in aisce agus in aon cheann de phríomhtheangacha na hEorpa. 

Céard iad na buntáistí? 

A bhuí leis an bhForlíonadh Dioplóma is fusa ag mic léinn cáilíochtaí agus cláir staidéir i dtíortha ar fud na hEorpa a chur i gcomparáid le chéile. Tugtar cur síos mionsonraithe ar na staidéir atá curtha i gcrích agus léirítear na hinniúlachtaí a baineadh amach leis an gcúrsa a chríochnú. 

D’fhéadfadh an forlíonadh rochtain a éascú ar fhostaíocht agus ar dheiseanna breise staidéir i dtíortha eile freisin, trí bhorradh a chur faoin aitheantas a thugann institiúidí ardoideachais agus fostóirí ar fud an domhain do cháilíochtaí acadúla.

Téann sé chun tairbhe do na hinstitiúidí ardoideachais trí aitheantas níos fearr a thabhairt do na cáilíochtaí acadúla a sholáthraíonn siad. Fágann sé go mbíonn na hinstitiúidí níos infheicthe ag institiúidí ardoideachais eile agus ag fostóirí. Cabhraíonn an forlíonadh freisin chun neamhspleáchas institiúideach na n-institiúidí ardoideachais a chosaint trí chomhchreat a chur ar fáil le haghaidh aitheantas do cháilíochtaí acadúla agus cabhraíonn sé chun an t-ualach riaracháin atá le láimhseáil ag cuid mhór institiúidí a laghdú.