Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An t-oideachas le haghaidh post agus fáis

Tábhacht an oideachais don fhostaíocht agus do gheilleagar an Aontais Eorpaigh

Trí deimhin a dhéanamh de go gcuirtear oideachas éifeachtach ar fáil, is é is fearr is féidir linn scileanna an lucht saothair a thabhairt i gcomhréir le riachtanais gheilleagar an Aontais.

lucht saothair oilte de dhíth ar an Aontas chun an t-uasmhéid táirgiúlachta agus nuálaíocht leanúnach a bhaint amach i ngeilleagar an lae inniu, geilleagar atá ag éirí níos domhandaithe ó bhliain go chéile. Is féidir oideachas éifeachtach agus beartais oiliúna a úsáid chun cur le forbairt phearsanta, chun saoránacht ghníomhach a spreagadh agus cothromas a neartú, chomh maith le cuimsiú sóisialta agus lánpháirtiú a chur chun cinn. 

An fhianaise is déanaí atá ar fáil, tugann sí le fios áfach nach ionann na scileanna a fhaigheann daoine ón oideachas agus ón oiliúint agus na scileanna a theastaíonn sa mhargadh saothair féin. Tugtar le fios go háirithe go bhfuil easpa scileanna litearthachta agus uimhearthachta ar 20% de na daoine atá in aois na hoibre san Aontas.

Cuireann sin bac ar chumas an duine forbairt phearsanta a dhéanamh, agus cuirtear teorainn ar a dheiseanna fostaíochta, agus ina theannta sin cuireann sé laghdú ar fhás an gheilleagair.

Ról an Aontais maidir le feabhas a chur ar oideachas agus ar oiliúint 

Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a gcóras oideachais agus oiliúna féin, tá ról tábhachtach ag an Aontas Eorpach maidir le tacaíocht a chur ar fáil do na hiarrachtaí atá ar siúl ag na Ballstáit chun a gcórais oideachais a fheabhsú agus a nuachóiriú.

Tá spriocanna á leagan síos ag an Aontas, faoin straitéis Eoraip 2020, mar atá líon na ndaoine a fhágann an scoil go hóg a laghdú faoi bhun 10% agus líon na gcéimithe ardoideachais a mhéadú go 40% ar a laghad faoi 2020.

Tá na cuspóirí, na hionstraimí agus na socruithe le haghaidh obair chomhpháirteach ar leibhéal an Aontais leagtha amach sa chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (ET 2020). Beidh an creat sin bailí go dtí 2020.

Le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn, baintear leas as táscairí agus as tagarmharcanna. Faoin straitéis Eoraip 2020 agus an Seimeastar Eorpach:

  • Déanann an tAontas Eorpach anailís ar gach tír san Aontas sa chaoi gur féidir tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit agus iad i mbun forbartha ar a mbeartais oideachais agus oiliúna, agus sa chaoi gur féidir faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar i dtaca le hathchóiriú. Bíonn an anailís sin dírithe ar na dúshláin a shainaithnítear ar leibhéal an Aontais, an Bhallstáit agus an réigiúin, agus is é is aidhm léi tacú le piarfhoghlaim agus le malartú na ndea-chleachtas, sainaithint riachtanas infheistíochta ina measc.
  • Is féidir treoir shonrach a thabhairt do thíortha an Aontais gach bliain maidir le tosaíochtaí athchóirithe, i bhfoirmmoltaí a bhaineann go sonrach le tír faoi leith mar a thugtar orthu.
  • Cuireann an tAontas go leor gníomhaíochtaí comhairliúcháin agus comhair chun cinn a bhaineann le geallsealbhóirí, institiúidí oideachais agus oiliúna cuir i gcás, sin agus an tsochaí shibhialta, gnóthais, comhpháirtithe sóisialta agus cumainn fostaíochta.

Deis is ea an Fóram Oideachais, Traenála agus Óige do na geallsealbhóirí éagsúla i réimse an oideachais, na hoiliúna agus in earnáil na hóige a mbarúil mhalartú le chéile.