Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Moladh ón gComhairle maidir le Comhluachanna, an tOideachas Cuimsitheach agus Gné Eorpach an Teagaisc

Ar na luachanna ar mór ag Ballstáit an Aontais iad tá dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Tá na luachanna sin ina naisc a sháraíonn fad agus achar idir tíortha, idir pobail agus idir daoine, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Chonradh Liospóin

Nithe ríthábhachtacha chun sochaí chomhtháite Eorpach a thógáil agus a choinneáil is ea oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta ar gach aon leibhéal, chomh maith le gné Eorpach an teagaisc. Is ríthábhachtach an rud é go gcuirfeadh gach saoránach den Aontas eolas ar chomhoidhreacht chultúrtha agus éagsúlacht na hEorpa agus go dtuigfeadh sé cad as ar tháinig an tAontas Eorpach agus cén chaoi a bhfeidhmíonn sé. 

Mhol an Coimisiún an Moladh ón gComhairle maidir le comhluachanna, an t-oideachas cuimsitheach, agus gné Eorpach an teagaisc agus ghlac an Chomhairle é i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Is é is aidhm don Mholadh braistint cómhuintearais a chothú - is é sin le rá comhluachanna a chur in iúl, an t-oideachas cuimsitheach a chleachtadh, daoine a chur ar an eolas faoin Eoraip agus a Ballstáit ionas go mbraitheann daoine go mbaineann siad lena scoil féin, lena gceantar féin, lena dtír féin agus le clann uile na hEorpa.

Is é is aidhm don Mholadh freisin, an comhtháthú sóisialta a neartú, cur in aghaidh na seineafóibe, cosc a chur ar radacú agus srian a chur le scaipeadh an náisiúnachais dheighiltigh agus na bréagnuachta. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, dírítear ar na gníomhartha seo go sonrach:

  • Comhluachanna a chur chun cinn ag gach céim den oideachas
  • Oideachas níos cuimsithí a chothú
  • Gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn agus inniúlachtaí na n-údarás náisiúnta sa réimse sin a neartú san am céanna
  • Tacaíocht de gach sórt a chur ar fáil do mhúinteoirí agus d’insititiúidí oideachais

Tá na gníomhartha sin i gcomhréir leis an obair leanúnach atá ar bun ar leibhéal an Aontais chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Tacóidh uirlisí agus ionstraimí maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh – go háirithe an clár Erasmus+ agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – go mór le cur chun feidhme an Mholta.