Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Na gairmeacha múinteoireachta

An tábhacht atá leis an bhforbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile 

Is den ríthábhacht an t-eolas, na scileanna agus an meon atá ag múinteoirí agus ceannairí scoile an Aontais. Imríonn cáilíocht agus gairmiúlacht na ndaoine sin tionchar díreach ar a fheabhas a éiríonn le foghlaimeoirí ar scoil.

Bítear ag súil le cuid mhór ó mhúinteoirí, ó cheannairí scoile agus ó oiliúnóirí múinteoirí. Is ríthábhachtach an ról atá acu i dtaca le hoideachas ar ardchaighdeán a bhaint amach do gach foghlaimeoir agus, mar sin de, is gá dóibh a n-inniúlachtaí a fhorbairt ar bhonn leanúnach. Chuige sin, is gá an oiliúint tosaigh a chuirtear ar mhúinteoirí agus an fhorbairt ghairmiúil leanúnach a dhéanann siad a bheith ar ardchaighdeán agus tá sé barrthábhachtach go mbíonn fáil acu ar thacaíocht ghairmiúil ó thús deireadh a ngairmréime. 

I gcuid mhór de Bhallstáit an Aontais, de dheasca an mheatha atá tagtha ar ghradam ghairm na múinteoireachta agus de dheasca easpa foirne, d’fhéadfadh bac a bheith ar chaighdeán an oideachais scoile. I mbunús na mBallstát féachtar le baill foirne a spreagadh le hardchaighdeán a bhaint amach sa réimse dúshlánach seo, agus cabhraítear leo chuige sin. Ina cheann sin, féachtar le mórchuid cineálacha daoine oiriúnacha a mhealladh chuig gairm na múinteoireachta scoile.

An tacaíocht a thugann an tAontas Eorpach d’fhorbairt beartas do ghairmeacha múinteoireachta

Tagann meitheal d’ionadaithe as Aireachtaí oideachais agus eagraíochtaí geallsealbhóirí ar fud an Aontais le chéile ar bhonn rialta chun breathnú ar bheartais shonracha a bhaineann le múinteoirí agus le ceannairí scoile, chun plé a dhéanamh ar dhúshláin atá i gcoiteann acu agus chun dea-chleachtais a mhalartú. 

Tá treoracha ullmhaithe ag meithleacha an Aontais do lucht ceaptha beartais faoi ábhair éagsúla a bhaineann le gairm na múinteoireachta. Sna treoracha sin leagtar amach prionsabail leathana uilíocha na forbartha beartas agus, ina theannta sin, tugtar raon leathan de shamplaí coincréiteacha ó gach cearn den Eoraip.