Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach do mhúinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile?
An Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach
Aithníonn an Gradam obair shármhaith a rinne múinteoirí agus a scoileanna a bhí páirteach i dtionscadail comhair de chuid na hEorpa.
Féach leat an Gradam Múinteoireachta
Acadaimh Múinteoirí Erasmus+
Leis na hAcadaimh, bunófar comhpháirtíochtaí Eorpacha de sholáthraithe oideachais agus oiliúna múinteoirí chun léargas idirnáisiúnta a fhorbairt i dtaca le hoideachas múinteoirí.
Faigh eolas faoi Acadaimh Múinteoirí
Na gairmeacha múinteoireachta
Oibríonn an tAontas Eorpach i gcomhar leis na Ballstáit chun an caighdeán teagaisc agus foghlama a ardú, agus chun an tacaíocht a thugtar don ghairm a fheabhsú.
Féach ar obair an Aontais ar son múinteoirí
Meithleacha
Faigh tuilleadh eolais faoi Mheithleacha Chreat Straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais do mhúinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile.

Múinteoir, oiliúnóirí agus ceannairí – nuashonruithe
Múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile – acmhainní
‘Múinteoirí san Eoraip: Gairmeacha beatha, Forbairt agus Folláine’
Tugann an tuarascáil Eurydice seo léargas ar thionchar na mbeartas náisiúnta ar iompar múinteoirí agus cuireann sí fianaise ar fáil ann chun bonn eolais a chur faoi athchóirithe.
Acadamh an mhúinteora
Ar shuíomh gréasáin thairseach oideachais scoile tiocfaidh tú ar chatalóg de chúrsaí forbartha gairmiúla atá deartha do mhúinteoirí agus d’fhoireann na scoile.
SELFIE tool
Explore how to improve your school's uses of technology for teaching and learning with the SELFIE tool.
SELFIE do MHÚINTEOIRÍ
Faigh tuilleadh eolais agus déan tuilleadh forbartha ar do chumas digiteach mar mhúinteoir.
Múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile – doiciméid
Féach leat réimse doiciméad beartais, tuarascálacha faisnéise, staidéir, grafaicí faisnéise agus bileoga eolais faoi mhúinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile.

Glac páirt sa phobal!
Tairseach Oideachais Scoile
Coinnigh ar an eolas leis an ardán ar líne do ghairmithe oideachais, taighdeoirí agus lucht déanta beartas. Féach trí Thairseach Oideachais Scoile
Ardán eTwinning
Spás do mhúinteoirí agus d’fhoireann scoile na hEorpa cumarsáid a dhéanamh, obair a dhéanamh i gcomhar le chéile agus tionscadail a fhorbairt. Féach leat suíomh gréasáin eTwinning
EPALE
Is é an ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE) an pobal oscailte Eorpach de ghairmithe foghlama aosach. Féach ar ardán EPALE
Deiseanna maoiniúcháin an Aontais
Clár Erasmus+ - do mhúinteoirí
Cuireann an clár seo tacaíocht ar fáil le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna do ghairmithe atá bainteach leis an oideachas réamhscoile, bunscoile nó iarbhunscoile. Féách leat deiseanna Erasmus+ do mhúinteoirí.
Clár Erasmus+ - d’oiliúnóirí
Socrúcháin mhúinteoireachta i scoileanna i dtír éigin eile do ghairmithe atá bainteach leis an oideachas réamhscoile, bunscoile nó iarbhunscoile, tá deiseanna Erasmus+ ann duitse.
Gníomhaíochtaí Jean Monnet
Eagraítear Gníomhaíochtaí Jean Monnet faoi Erasmus+ chun tacú leis an teagasc, an fhoghlaim, an taighde agus pléití faoi ghnéithe éagsúla den Aontas Eorpach.