Deimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha
Tá forbairt ar Dheimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha (EDSC) á fiosrú ag an gCoimisiún le cabhrú le daoine aitheantas a fháil ar a scileanna digiteacha go tapa agus go héasca ó fhostóirí, ó sholáthróirí oiliúna agus eile.
Cuirfear chun cinn sraith ceanglas cáilíochta comhaontaithe leis an Deimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha. Beidh an deimhniú bunaithe freisin ar an gCreat Inniúlachta Digití Eorpach (DigComp), lena gcuirtear ar fáil tuiscint choiteann ar a bhfuil i gceist le hinniúlacht dhigiteach agus a thugtar cothrom le dáta ar bhonn leanúnach de réir na bhforbairtí digiteacha atá ag tarlú faoi láthair.
Fadhbanna maidir le scileanna digiteacha a aithint
Tá scileanna digiteacha fíor-riachtanach don fhoghlaim, don obair agus don saol laethúil. Is gá go mbeadh scileanna digiteacha ag gach duine i ngeilleagar agus i sochaí atá ag athrú go tapa agus atá á dtiomáint ag an teicneolaíocht.
Mar sin féin, is minic nach dtuigtear scileanna digiteacha mar is ceart agus dá bhrí sin, bíonn deacracht ag daoine aitheantas a fháil ina leith. Tarlaíonn a leithéid i ngeall go bhfuil éagsúlacht mhór sna scéimeanna oiliúna agus deimhniúcháin um scileanna digiteacha a chuireann go leor eagraíochtaí agus rialtas ar fáil.
Cuspóirí
Tá sé mar aidhm ag an Deimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha an méid seo a leanas a bhaint amach:
- feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar aitheantas frithpháirteach deimhnithe scileanna digiteacha ar fud na hEorpa ag rialtais agus eagraíochtaí amhail fostóirí, soláthraithe oideachais agus oiliúna, comhpháirtithe sóisialta, comhlachais tráchtála agus tionscail
- cur ar chumas daoine a leibhéal inniúlachta digití a thabhairt le fios agus daoine a spreagadh chun scileanna digiteacha nua a fhoghlaim
- scéim a sholáthar a dhéanann comhlánú ar scéimeanna deimhniúcháin scileanna digiteacha atá ann cheana (náisiúnta nó idirnáisiúnta), ar scéim í nach dtagann in ionad na scéimeanna sin ar aon bhealach
Tacaíonn EDSC le cuspóirí uaillmhianacha an Chláir Oibre Eorpaigh do Scileanna, is iad sin:
- a chinntiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ar a laghad ag 70% de dhaoine idir 16-74 bliana faoi 2025
- sprioc Dheacáid Dhigiteach na hEorpa go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80% den daonra ar a laghad faoi 2030
Príomhghníomhaíochtaí
Staidéar Féidearthachta
Tá staidéar indéantachta atá ar siúl faoi láthair ag cuidiú leis an gCoimisiún chun cásanna a fhiosrú don Deimhniú Eorpach i ndáil le Scileanna Digiteacha. Braitheann an staidéar den chuid is mó ar chomhairliúcháin le comhpháirtithe ábhartha, lena n-áirítear soláthraithe deimhniúcháin, seirbhísí fostaíochta poiblí, soláthraithe oideachais agus oiliúna. Déanann an staidéar scéimeanna deimhniúcháin scileanna digiteacha atá ann cheana san Eoraip a mhapáil chomh maith le hanailís ar na bearnaí, na riachtanais agus na tairbhí chun tuiscint a fháil ar ról agus ar luach EDSC agus ar an gcaoi a bhféadfadh sé tacú le haitheantas a thabhairt do scileanna digiteacha san Eoraip.
Tionscadal píolótach EDSC i gcomhar le húdaráis náisiúnta ó thíortha an Aontais
Leis an tionscadal píolótach, déanfar tástáil ar na codanna fíor-riachtanacha le haghaidh ceanglais cháilíochta íosta chun tacú le trédhearcacht, glacadh agus aitheantas frithpháirteach an Deimhnithe Eorpaigh i ndáil le Scileanna Digiteacha. Chuige sin, déanfaidh na húdaráis náisiúnta rannpháirteacha (an Ostair, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Spáinn, an Rómáin) gníomhaíochtaí i suíomhanna éagsúla sa mhargadh saothair agus i suíomhanna éagsúla neamhfhoirmiúla agus seachfhoirmiúla oideachais agus oiliúna. Cuirfear na torthaí san áireamh sa staidéar féidearthachta.
-
Earrach 2021
-
Fómhar 2021
-
Meán Fómhair 2022.
-
Aibreán 2023
-
Fómhar 2023
-
2024
Is féidir tuilleadh eolais faoin gCreat Eorpach maidir le hInniúlacht Dhigiteach (DigComp) a fháil thíos:
Is féidir tuilleadh eolais faoin Deimhniú maidir le hInniúlacht Dhigiteach a fháil ar shuíomh gréasáin All Digital.
Maoiniú
Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú trí chlár Erasmus+ an Aontais.
Déan teagmháil linn
Má tá spéis agat tuilleadh eolais a fháil faoin ngníomhaíocht sin, déan teagmháil linn trí ríomhphost ag EC-EDSC@ec.europa.eu.