Le linn 2022-2024, rinne an Coimisiún Eorpach iniúchadh ar Dheimhniú Eorpach um Scileanna Digiteacha (EDSC) a fhorbairt. Chabhródh an deimhniú le daoine aitheantas ar a scileanna digiteacha a fháil go tapa agus go héasca ó fhostóirí, soláthraithe oiliúna agus daoine eile.
Is é a bhí i gceist leis an tionscnamh sin lipéad cáilíochta a chur ar fáil le haghaidh deimhniú scileanna digiteacha ar fud na hEorpa, bunaithe ar an gCreat Eorpach Inniúlachta Digití.
Léigh tuilleadh faoin gCreat Inniúlachta Digití (DigComp)
Tar éis staidéar féidearthachta agus treoirthionscadal le roinnt tíortha den Aontas Eorpach, chinn an Coimisiún Eorpach nach dtabharfadh lipéad cáilíochta den sórt sin go leor breisluacha do shaoránaigh na hEorpa.
Torthaí an staidéir féidearthachta agus an treoirthionscadail le tíortha den Aontas
Tháinig staidéar féidearthachta a rinneadh idir mí Mheán Fómhair 2022 agus mí Eanáir 2024 ar an gconclúid seo a leanas:
- Is teoranta an t-éileamh atá ar EDSC san Aontas.
- Ba cheart deimhnithe scileanna digiteacha a chur in oiriúint níos fearr do riachtanais mhargadh an tsaothair.
- Is measartha an leibhéal ullmhachta atá ann do EDSC ar fud thíortha an Aontais, rud a léiríonn go mbeadh gá le hiarracht shuntasach chun EDSC a chur chun feidhme agus leas a bhaint as.
- Bheadh cur chun feidhme suntasach agus costais bhuana oibríochtúla i gceist le EDSC.
Moltar sa staidéar creat DigComp a thabhairt cothrom le dáta le torthaí foghlama. Tacóidh sé sin le páirtithe leasmhara agus iad ag gabháil dá ngníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas, oiliúint, measúnú agus deimhniú scileanna digiteacha.
Le linn mhí Aibreáin-mí na Nollag 2023, reáchtáladh treoirthionscadal EDSC le húdaráis náisiúnta ó roinnt tíortha den Aontas (an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ostair, an Rómáin agus an Spáinn). D’iarr an Coimisiún ar na húdaráis sin rannchuidiú chun ábhar agus raon feidhme EDSC a shainiú trí iniúchadh, measúnú agus meastóireacht a dhéanamh ar a bhloic thógála ábhartha.
Léiríodh sa treoirthionscadal tuairimí éagsúla maidir le deimhniú scileanna digiteacha, mar atá:
- is mó an gá atá le tacú le forbairt scileanna digiteacha ná iad a dheimhniú.
- ba cheart díriú ar inchomparáideacht agus trédhearcacht scileanna digiteacha seachas ar aitheantas frithpháirteach a thabhairt dá ndeimhniú
Bunaithe ar thorthaí an staidéir agus an treoirthionscadail araon, is é an chonclúid fhoriomlán gur mhó na costais a bhainfeadh le lipéad cáilíochta EDSC a chur i bhfeidhm ná na tairbhí a bhainfeadh leis.
An bealach chun cinn
In 2024 thosaigh Airmheán Comhpháirteach Taighde (JRC) an Choimisiúin Eorpaigh ar shraith torthaí foghlama táscacha a fhorbairt le haghaidh gach inniúlachta DigComp i gcomhar le páirtithe leasmhara.
Beidh eolas praiticiúil ag gabháil leo sin i dtaca lena gcur chun feidhme, rud a rannchuideoidh chun feabhas a chur ar thrédhearcacht scileanna digiteacha deimhnithe san Eoraip.
Amlíne
-
Earrach 2021
-
Fómhar 2021
-
Meán Fómhair 2022 – Eanáir 2024
-
Aibreán – Samhain 2023
-
Samhain 2024
-
Mí na Nollag 2025
Is féidir tuilleadh eolais faoin gCreat Eorpach maidir le hInniúlacht Dhigiteach (DigComp) a fháil thíos:
Is féidir tuilleadh eolais faoin Deimhniú maidir le hInniúlacht Dhigiteach a fháil ar shuíomh gréasáin All Digital.
Maoiniú
Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú trí chlár Erasmus+ an Aontais.