Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Luathfhágáil scoile

Cad é an fhadhb?

Tá nasc idir luathfhágáil scoile agus an dífhostaíocht, an t-eisiamh sóisialta, an bhochtaineacht agus an drochshláinte. Is ar iliomad cúiseanna a n-éiríonn roinnt daoine óga as oideachas agus oiliúint eile roimh am: fadhbanna pearsanta agus teaghlaigh, deacrachtaí foghlama, nó staid shocheacnamaíoch leochaileach. Bíonn tionchar nach beag ag leagan amach an chórais oideachais, timpeallacht na scoile agus an caidreamh idir an múinteoir agus an dalta ar an bhfadhb seo freisin.

Is minic gur cúiseanna casta idirnasctha na cúiseanna nach gcríochnaíonn daoine óga áirithe an mheánscolaíocht, agus dá bhrí sin na beartais a cheaptar chun dul i ngleic leis sin, caithfidh baint a bheith acu le raon leathan réimsí, cuir i gcás gnóthaí oideachais agus sóisialta, obair don óige agus an tsláinte. Tá grafaic faisnéise ullmhaithe ag an gCoimisiún ina bhfuil cuntas ar roinnt de na dúshláin atá le sárú.

Cad atá déanta go dtí seo?

  • Tá gealltanas tugtha ag Ballstáit an Aontais an ráta luathfhágála scoile a laghdú go dtí faoi bhun 10% faoi 2020. Cuireann an Faireachán bliantúil ar Oideachas agus ar Oiliúint sonraí agus anailís ar fáil ar na treochtaí luathfhágála scoile san Aontas Eorpach agus sna Ballstáit ar fad.
  • Ghlac airí oideachais an Aontais Moladh ón gComhairle maidir le beartais chun luathfhágáil scoile a laghdú agus leagadh síos creat le haghaidh beartais chomhleanúnacha chuimsitheacha fhianaise-bhunaithe. Gheall siad go n-oibreoidís i gcomhar chun dea-chleachtais agus eolas a roinnt le chéile maidir le bealaí chun dul i ngleic go héifeachtach le fadhb na luathfhágála scoile
  • Scrúdaigh meitheal ar luathfhágáil scoile samplaí de dhea-chleachtais san Eoraip agus roinn siad le chéile taithí faoi dhóigheanna arbh féidir luathfhágáil scoile a laghdú. I dtuarascáil chríochnaitheach na meithle, leagtar amach 12 phríomhtheachtaireacht do lucht ceaptha beartas agus moltar dóigheanna praiticiúla lena gcur i bhfeidhm; déantar sin le seicliosta de bheartais chuimsitheacha agus iarscríbhinn ina bhfuil samplaí de dhea-chleachtais ó Bhallstáit éagsúla.
  • D'eagraigh an Coimisiún comhdháil maidir le beartais chun luathfhágáil scoile a laghdú. Bliain ina dhiaidh sin, rinneadh athbhreithniú ar na forbairtí beartais in ocht mBallstát.
  • Cheap an Mheitheal ar an mBeartas Scoileanna teachtaireachtaí beartais, inar sainaithníodh na nithe is mó a theastaíonn chun déileáil le luathfhágáil scoile trí bhíthin cur chuige oideachasúil iomlánaíoch. Ina theannta siad cheap an mheitheal sin Sraith Straitéisí Eorpach do Scoileanna, rud atá ar fáil ar líne.
  • Ghlac an Chomhairle Conclúidí maidir le luathfhágáil scoile a laghdú agus an rath ar scoil a chur chun cinn.

D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach meastóireacht ar éifeachtúlacht na mbeartas agus na gcleachtas atá forbartha ó bhí 2011 ann ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun dul i ngleic le luathfhágáil scoile i 37 dtír san Eoraip.

Léirítear sa staidéar go bhfuil tionchar dearfach den chuid is mó ag ionstraimí beartais an Aontais ar fud na dtíortha a scrúdaíodh. Ar an meán, thit an ráta luathfhágála scoile ó 13.4% in 2011 go 10.2% in 2019 ar fud na hEorpa.

Tá difríochtaí nach beag ann go fóill áfach idir tíortha agus grúpa déimeagrafach, agus feictear gur dóchúla go gcuirfeadh daoine de bhunadh imirceach, fir óga agus daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe deireadh lena n-oideachas roimh aois na scolaíochta éigeantaí.

Mar sin de, tá tuilleadh beart de dhíth chun dul i ngleic leis an treocht chasta seo atá ag teacht chun cinn. Sa staidéar déantar comparáid idir dea-chleachtais éagsúla ar an leibhéal náisiúnta agus tugtar sraith moltaí chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt beartais sa réimse sin amach anseo. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach achoimre feidhmiúcháin an staidéir agus an físeán ó Thairseach an Oideachais Scoile ar an luathfhágáil scoile.

An tionscnamh maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile

Sa Teachtaireacht dar teideal “Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025”, d’fhógair an Coimisiún tionscnamh nua – Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile. Leis an tionscnamh, cuideofar le daltaí leibhéal bunlíne cumais a bhaint amach i dtaca le mbunscileanna.

Leis an tionscnamh, rachfar i ngleic leis na trí dhúshlán seo a leanas:

  • deis a thabhairt do dhaoine óga leibhéal cumais ar leith a bhaint amach i dtaca le bunscileanna
  • líon na ndaoine óga a íoslaghdú a fhágann an scoil gan ar a laghad an mheánscoil a chríochnú
  • folláine daoine óga a chinntiú ar scoil.

Reáchtálfar comhairliúchán poiblí in earrach 2021 chun do thuairimí a bhailiú i dtaca leis an tionscnamh maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile. 

An tSraith Straitéisí Eorpach do Scoileanna

Leis an tSraith Straitéisí Eorpach do Scoileanna cuirtear ar fáil do lucht ceaptha beartas agus do lucht curtha i bhfeidhm na mbeartas sin lear acmhainní agus samplaí praiticiúla lenar féidir an rath ar scoil a chur chun cinn agus cosc a chur le luathfhágáil scoile.

Ar chúig réimse théamacha atá an tSraith Straitéisí bunaithe, agus is iad sin na nithe is mó a theastaíonn chun déileáil le luathfhágáil scoile le cur chuige oideachasúil iomlánaíoch. Tá cuntas mion ar gach réimse sa tSraith Straitéisí, maille le samplaí agus bearta praiticiúla. Tá tuilleadh eolais faoin tSraith Straitéisí sa bhileog eolais.