Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Próiseas Bologna agus Limistéar Eorpach an Ardoideachais

Próiseas Bologna – céard é féin?

Cuireann Próiseas Bologna roimhe laghdú a dhéanamh ar an easpa comhleanúnachais atá i gcórais ardoideachais na hEorpa. 

Is faoi a bunaíodh Limistéar Eorpach an Ardoideachais le soghluaisteacht na mac léinn agus na bhfoirne a éascú, leis an ardoideachas a dhéanamh níos ionchuimsithí agus níos inrochtana, agus leis an ardoideachas san Eoraip a chur i láthair an domhain ar bhealach níos tarraingtí agus níos iomaíche

Na tíortha ar fad atá páirteach sa phróiseas, tíortha atá i Limistéar Eorpach an Ardoideachais, d’aontaigh siad eatarthu féin go ndéanfaidís na nithe seo a leanas:

Cén fáth a bhfuil tábhacht le Próiseas Bologna?

Faoi Phróiseas Bologna, bíonn rialtais na hEorpa páirteach sa phlé maidir le hathchóiriú ar bheartas an ardoideachais, agus déanann siad a ndícheall leis na bacainní a shárú, bacainní ar chruthú Limistéar Eorpach an Ardoideachais. 

An t-athchóiriú faoi phróiseas Bologna, is rud ríthábhachtach é le muinín a chothú faoi mar is riachtanach ionas go dtiocfaidh bláth ar an tsoghluaisteacht léinn, ar an gcomhar oibre acadúil trasteorann, ar aitheantas frithpháirteach na dtréimhsí léinn agus na gcáilíochtaí a saothraíodh thar lear. I measc na mbunspriocanna atá ag Próiseas Bologna, tá feabhas ar cháilíocht agus ar ábharthacht an léinn agus an teagaisc. Bíodh sin mar atá, is míchothrom atá na hathchóirithe seo á gcur chun feidhme sna 48 dtír atá páirteach

Rud eile de, tá fóram ann de thairbhe Phróiseas Bologna don chomhrá le tíortha na gcomharsan maidir le hathchóirithe san ardoideachas agus ceisteanna a bhaineann le prionsabail acadúla choiteanna, neamhspleáchas na n-ollscoileanna cuir i gcás, sin agus rannpháirtíocht na mac léinn i ngníomhaíochtaí na sochaí sibhialta. Faoin am seo, i gCríocha Iarthar Balcán, is cóir an-tábhachtach atá ann don taidhleoireacht bhog idir tíortha atá comharsanach le chéile (cé is moite den Chosaiv), mar aon leis an Tuirc agus an Rúis, tíortha atá i gComhpháirtíocht an Oirthir, agus tíortha go leor eile chomh maith.

Céard atá an tAontas a dhéanamh chun tacú le hathchóiriú an ardoideachais?

Ó seoladh clár Erasmus 30 bliain ó shin nó mar sin, chuir an Coimisiún tús le comhar oibre níba dhéine níba struchtúrtha i measc na n-institiúidí ardoideachais san Eoraip, rud a rinne sé i bpáirt le húdaráis náisiúnta, institiúidí ardoideachais, mic léinn, agus geallsealbhóirí eile. 

De réir mar a bhí an t-éileamh ar shoghluaisteacht na mac léinn ag méadú go tapa, ba léir a dheacra a bhí sé d’institiúidí aonair aitheantas a thabhairt do thréimhsí léinn ó chóras ardoideachais náisiúnta go chéile, ó tharla éagsúlacht i struchtúr na gcéimeanna agus sna traidisiúin acadúla.

Is éard a bhí i bPróiseas Bologna an beart a rinne na rialtais náisiúnta i leith na ndúshlán ba thoradh ar shoghluaisteacht na mac léinn agus na gcéimithe, agus ba iad Dearbhuithe an Sorbonne agus Bologna ba thús leis an bpróiseas.

Is ball iomlán de Ghrúpa Faireacháin Bologna agus de bhord an Ghrúpa sin atá sa Choimisiún, Grúpa a thacaíonn le cur chun feidhme na gcinntí a dhéantar le linn Chomhdhálacha Aireachta Bologna.

Is mór an dul chun cinn atá déanta in athchóiriú chórais an ardoideachais i mBallstáit an Aontais Eorpaigh agus thar críoch amach, rud a mbíonn léargas air sna tuarascálacha cur chun feidhme a fhoilsítear go rialta.

Communiqué Pháras glactha ag na hAirí Oideachais chomh maith, communiqué ina bhfuil béim ar ghníomhaíochta a dtabharfar tús áite dóibh sa réimse seo sna blianta atá romhainn. Tá cur síos sa Communiqué ar an bhfís choiteann atá ag na hairí oideachais ó 48 dtír Eorpacha i leith fairsinge a chur leis an obair a dhéanann Limistéar Eorpach an Ardoideachais faoi 2020.

Tá glao ann ar na nithe seo a leanas: 

  • cur chuige cuimsitheach nuálach don fhoghlaim agus don teagasc
  • comhar comhtháite trasnáisiúnta i réimse an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta
  • an todhchaí a bheith inbhuanaithe de thairbhe an ardoideachais

Chomh maith leis sin, tá cur síos sa Communiqué ar an bhfeabhas is mithid a chur ar an tacaíocht atá ann do ghrúpaí daoine atá leochaileach, agus do ghrúpaí daoine nach bhfuil dóthain ionadaíochta acu, ionas go mbeidh rochtain acu ar an ardoideachas, agus deis acu obair den scoth a dhéanamh i réimse an ardoideachais. Maidir leis na spriocanna sin, tá siad ar aon dul le sprioc de chuid an Aontais Eorpaigh, is é sin Limistéir Oideachais Eorpach a chruthú faoi 2025, rud a chuirfeadh dhá ní chun cinn, mar atá an tsoghluaisteacht, sin agus aitheantas acadúil do na cáilíochtaí atá ag saoránaigh uile an Aontais. 

Is sa Róimh i Mí Meithimh 2020 a thionólfar an chéad Chomhdháil Aireachta eile de Phróiseas Bologna. 

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi ról an Aontais i bhforbairt Phróiseas Bologna agus an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo Limistéar Eorpach an Ardoideachais a chruthú, féach leat an bróisiúr An tAontas Eorpach agus é ag tacú le Próiseas Bologna