Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Dearbhú cáilíochta

Cén fáth a bhfuil tábhacht le dearbhú cáilíochta sa scolaíocht? 

Is é atá i ndearbhú cáilíochta athbhreithniú córasach ar sholáthar an oideachais le go mbeifear in ann cáilíocht, cothromas agus éifeachtúlacht an tsoláthair sin a choinneáil agus a fheabhsú. Tá féinmheastóireacht ar leibhéal na scoile san áireamh ann, mar aon le meastóireacht sheachtrach (cigireacht san áireamh), meastóireacht ar mhúinteoirí agus ar cheannairí scoile, agus measúnuithe ar mhic léinn.

Córais láidre dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt, tá sin ríthábhachtach chun tacú le hoideachas ardcháilíochta ionchuimsitheach ar fud an Limistéir Eorpaigh Oideachais. Tá sé tábhachtach freisin don tacaíocht a thugtar do chur i bhfeidhm na Moltaí ón gComhairle ó 2018 maidir leis na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil agus maidir le luachanna coiteanna, leis an oideachas ionchuimsitheach, agus leis an ngné Eorpach den teagasc a chur chun cinn.

Ina theannta sin, tá dearbhú cáilíochta riachtanach chun dálaí a chruthú ina n-éascófar soghluaisteacht na mac léinn ar fud na hEorpa, go háirithe trí fheabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an iontaoibh. Aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí meánoideachais shinsearaigh, agus aitheantas frithpháirteach tréimhsí foghlama thar lear, tá ról an-tábhachtach ag an dearbhú cáilíochta i gcothú an dá chineál aitheantais sin.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun tacú le dearbhú cáilíochta?

Cuidíonn an Coimisiún le Ballstáit an Aontais a gcórais dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt a thuilleadh trí ghníomhaíochtaí Mheitheal um Scoileanna ET 2020. Tá saineolaithe ó rialtais náisiúnta an Aontais agus ó eagraíochtaí páirtithe leasmhara sa Mheitheal sin. 

Tagann an Mheitheal le chéile go rialta chun gnéithe sonracha de bheartais a bhaineann le dearbhú cáilíochta a scrúdú, chun dúshláin choiteanna a phlé, agus chun dea-chleachtais a mhalartú le chéile. Tá treoir tugtha ag an Meitheal do lucht ceaptha beartais maidir le dearbhú cáilíochta le haghaidh forbairt scoileanna. Tá tuarascáil foilsithe aici freisin maidir le tacú leis an bhféinmheastóireacht scoileanna mar mheicníocht thábhachtach i bhforbairt scoileanna.

D’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ó shaineolaithe, tuarascáil dar teideal ‘Foghlaim níos fearr le haghaidh aos óg na hEorpa: Straitéisí comhleanúnacha dearbhaithe cáilíochta a fhorbairt don scolaíocht’.

Ar a bharr sin, sa Teachtaireacht maidir le forbairt scoileanna agus teagasc den scoth le haghaidh tús maith sa saol, thug an Coimisiún achoimre ar na réimsí inar gá beart a dhéanamh chun cáilíocht na scolaíochta a fheabhsú, forbairt na gcóras dearbhaithe cáilíochta san áireamh.

Sa Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht, tá fianaise agus taighde ann a thacaíonn leis na moltaí sa Teachtaireacht féin, mar aon le torthaí ar obair a rinneadh ar leibhéal an Aontais le beartais scolaíochta a fhorbairt.