Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Acadaimh Múinteoirí Erasmus+

Snáithe maoiniúcháin chun comhpháirtíochtaí Eorpacha a chruthú ar rannpháirtithe iontu soláthraithe oideachais agus oiliúna le haghaidh múinteoirí, chomh maith le scoileanna, údaráis scoile agus páirtithe leasmhara eile i réimse an oideachais scoile.

Réamhrá

Cuireann Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ leis an ngné Eorpach d’oideachas múinteoirí. Cruthaíonn siad comhpháirtíochtaí Eorpacha ar rannpháirtithe iontu soláthraithe oideachais agus oiliúna le haghaidh múinteoirí, chomh maith le scoileanna, údaráis scoile agus páirtithe leasmhara eile i réimse an oideachais scoile.

Tacaíonn siad le hardchaighdeán oideachais tosaigh le haghaidh múinteoirí agus ábhair múinteora, agus le forbairt ghairmiúil leanúnach le haghaidh múinteoirí, rud a dhéanann siad trí chúrsaí, modúil agus deiseanna foghlama eile a chruthú. Iontu sin, tugtar aghaidh ar dhúshláin atá ann faoi láthair agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn, idir laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

 

Aidhmeanna

Tá sé d’aidhm ag Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cur le cumas múinteoirí agus ábhar múinteora i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sa seomra ranga
  • comhar inbhuanaithe a fhorbairt chun cur le caighdeán an oideachais múinteoirí san Eoraip, chun bonn eolais a chur faoi bheartais i dtaobh oideachas múinteoirí, agus chun cleachtais scoile a dhéanamh de na beartais sin
  • an tsoghluaisteacht a neadú i gcroílár beartas i dtaobh oideachas múinteoirí san Eoraip
  • cur leis an ngné Eorpach d’oideachas múinteoirí a bhuí le comhar nuálach praiticiúil le hoideoirí múinteoirí agus le múinteoirí i dtíortha Eorpacha eile, agus trí thaithí a chomhroinnt sa chaoi go ndéanfar oideachas múinteoirí a fhorbairt a thuilleadh san Eoraip

Maoiniú

Baineann Acadaimh Múinteoirí le Príomhghníomhaíocht 2 Erasmus+, is é sin ‘Comhpháirtíochtaí Barr Feabhais’. An Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr a bhainistíonn iad.

Maoiniú uasta in aghaidh an tionscadail: € 1,500,000 le haghaidh tréimhse 3 bliana.

Conas iarratas a dhéanamh

Níl aon mhaoiniú ar fáil faoi láthair. Meastar gur i bhfómhar na bliana 2026 a fhoilseofar an chéad ghlaoch eile, is é sin glaoch 2027.

Léargas i bhfoirm figiúirí  

Ó bhí 2021 ann tá tacaíocht tugtha tríd an gclár do 61 Acadamh. Sáraíodh an figiúr a bhí sa phlean tosaigh, is é sin gur 25 Acadamh a bheadh ann faoi 2025, agus beagnach 1,000 eagraíocht rannpháirteach anois.

27 mBallstát den Aontas agus mórán gach tríú tír atá comhlachaithe le Erasmus+, tá eagraíochtaí dá gcuid rannpháirteach sna hAcadaimh.

Cuir eolas ar Acadaimh Múinteoirí Erasmus+ atá ar an bhfód cheana

Cuardaigh acadaimh atá á maoiniú faoi láthair nó a maoiníodh roimhe seo

Measúnú an tionscnaimh

Ba é cuspóir an mheasúnaithe comhairle a chur ar an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr maidir le céimeanna a bhain le hAcadamh Múinteoirí Erasmus+ nach rabhthas tagtha chomh fada leo go fóill, le linn na gcéimeanna tosaigh de chur i bhfeidhm an tionscnaimh. Bhí sé d’aidhm aige an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • aiseolas a thabhairt faoi na chéad torthaí i dtaobh an chéad dá ghlúin de na hAcadaimh: 11 cheann i dtaobh ghlaoch 2021, agus 16 cinn i dtaobh ghlaoch 2022
  • bonn eolais a chur faoi fhís an Choimisiúin i leith an tionscnaimh, tráth a bhí an fhís sin ag forbairt léi
  • láidreachtaí agus baill laige a shainaithint, chomh maith le gníomhaíochtaí a bheartófaí le haghaidh scálú agus feabhsú
  • cuidiú le múnlú na gníomhaíochta i gcomhthéacs na chéad ghlúine eile den chlár Erasmus+ agus Aontas na Scileanna

Foilseacháin

Last updated: