Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach

Is tionscnamh nua é an Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach a bunaíodh le Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025. 

Is iad seo a leanas cuspóirí an Ghradaim:

  • ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá bainte amach ag múinteoirí agus scoileanna agus aitheantas a thabhairt dá gcuid oibre
  • sárchleachtais i dtaca leis an múinteoireacht agus leis an bhfoghlaim a shainaithint agus a chur chun cinn
  • modhanna a chur ar fáil le haghaidh na foghlama frithpháirtí
  • béim a leagan ar an luach a bhaineann le clár Erasmus+ don chomhar idir múinteoirí Eorpacha agus bunú an Limistéir Eorpaigh Oideachais

Ach oiread le hAcadaimh Múinteoirí Erasmus+, tacaíonn an tionscnamh nua le múinteoirí agus le hoiliúnóirí ina ngairmréim trí bharr feabhais gairmiúil, líonraí gairmiúla agus comhphobail cleachtais ghairmiúla a chur chun cinn, mar aon le foghlaim le chéile trí thionscadail chomhair Eorpacha.

Catagóirí agus roghnúchán

I ngach tír atá páirteach sa chlár Erasmus+, bronnfar na tionscadail sna 4 chatagóir seo a leanas:

  1. oideachas agus cúram na luath-óige
  2. oideachas bunscoile
  3. oideachas meánscoile 
  4. scoileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna (VET)

Is iad Gníomhaireachtaí Náisiúnta Erasmus+ a roghnaíonn na tionscadail dá ndámhfar gradam, agus tá baint ag na Gníomhaireachtaí sin leis an tionscnamh a mhúnlú trí phróiseas comhchruthaithe. 

Díreoidh an Gradam ar théama ar leith gach bliain agus tabharfar aitheantas do mhúinteoirí agus do scoileanna a thugann aghaidh trína dtionscadail ar ábhar sonrach atá ar na hábhair i measc thosaíochtaí an Limistéir Eorpaigh Oideachais. 

An Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach 2021

Is é an téama ar a ndíreofar do Ghradam 2021 achar agus an fhoghlaim chumaisc, ar ábhar é ag a bhfuil dlúthbhaint leis an bPlean Gníomhaíochta maidir leis an Oideachas Digiteach agus paindéim COVID-19.

An 16 Meán Fómhair 2021, an Coimisinéir Eorpach um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, Mariya Gabriel, agus Aire Oideachais, Eolaíochta agus Spóirt na Slóivéine, an Dr Simona Kustec, sheol siad an chéad eagrán de Ghradam Eorpach don Teagasc Nuálach agus d’fhógair siad na buaiteoirí don bhliain 2021 sna ceithre chatagóir.

Chun bailchríoch a chur le gníomhaíochtaí 2021, bhí an chéad searmanas bronnta oifigiúil Eorpach ann an 20 Deireadh Fómhair 2021 mar aitheantas ar shaothar sármhaith na mbuaiteoirí in 2021. 

An Gradam a leanúint

Faigh an t-eolas is déanaí maidir leis an nGradam Eorpach don Teagasc Nuálach:

2025 edition: Citizenship education - participation in democratic life, common values and civic engagement

In the context of increasing polarisation, disinformation, and civic disengagement, the latest edition celebrates pedagogical approaches that cultivate skills for active participation in public life, and promote crucial democratic values such as freedom, inclusion, and solidarity.

The theme is articulated around key topics such as 

  • European identity and values
  • Democracy and inclusive democratic participation
  • Media literacy and tackling disinformation
  • Active citizenship
  • EU awareness

The theme is connected to the Action Plan on Basic Skills which recognises citizenship as one of the fundamental skills for learners to thrive in today’s world.

The next European Innovative Teaching Award event will take place in Brussels on 08-09 December 2025.

Last updated: