Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

Tionscnaimh ghairmoideachais agus ghairmoiliúna

Ullmhaíonn an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint daoine don obair agus forbraíonn sé scileanna na saoránach chun go bhfanfaidh siad infhostaithe agus chun freastal ar riachtanais an gheilleagair.

Cén fáth a bhfuil an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint (VET) tábhachtach?

Tugann an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint na scileanna riachtanacha d’fhoghlaimeoirí agus tacaíonn siad lena bhforbairt phearsanta, cuireann sé lena n-infhostaitheacht agus spreagann sé an tsaoránacht ghníomhach. Cuireann an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint borradh faoi fheidhmíocht agus faoi iomaíochas na bhfiontar, faoin taighde agus faoin nuálaíocht.

Braitheann córais ghairmoideachais agus ghairmoiliúna san Eoraip ar líonra dea-fhorbartha de pháirtithe leasmhara gairmoideachais agus gairmoiliúna. Is le rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta a rialaítear na líonraí seo, sin iad na fostóirí agus na ceardchumainn, cuir i gcás, agus is faoi chomhlachtaí éagsúla a bhíonn na páirtithe sin, comhlachais, coistí agus comhairlí, mar shampla.

An gairmoideachas agus an ghairmoiliúint tosaigh (I-VET)

De ghnáth, is ar leibhéal an mheánoideachais shinsearaigh agus an oideachais iar-mheánscoile a bhíonn I-VET sula gcromann na mic léinn ar shaol na hoibre. Is i dtimpeallacht atá bunaithe ar an scoil (sa seomra ranga de ghnáth) a tharlaíonn sé, sin nó i dtimpeallacht na hoibre, in ionaid oiliúna nó cuideachtaí, cuir i gcás.

Ar an meán, glacann 50% de na daoine óga san Eoraip atá idir 15 agus 19 mbliana d’aois páirt sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint tosaigh (ag leibhéal an mheánoideachais shinsearaigh). Mar sin féin, an meán sin san Aontas, is rud é a cheileann difríochtaí móra geografacha sa rannpháirtíocht, rannpháirtíocht a bhfuil réimse ann ó 15% go dtí os cionn 70%.

An gairmoideachas agus an ghairmoiliúint leanúnach (C-VET)

Bíonn C-VET ann tar éis an oideachais thosaigh agus tar éis na hoiliúna tosaí, sin nó tar éis do dhuine tosú ar shaol na hoibre. Tá sé d’aidhm aici an t-eolas a uasghrádú, cuidiú le saoránaigh i sealbhú scileanna nua, athoiliúint a chur ar fáil, agus tuilleadh forbartha a dhéanamh dóibh ar an bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil. Tá sé bunaithe sa láthair oibre den chuid is mó.

Céard atá ar siúl ag an Aontas i réimse an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna?

Cuireadh tús le comhar Eorpach maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint siar in 2002 le próiseas Chóbanhávan. Cuireadh tuilleadh feabhais air i gcaitheamh na mblianta a bhuí le Communiqué Bruges agus Conclúidí Ríge.

Sainaithníodh an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint mar réimse fócais don chomhar faoi thionscnamh an Limistéir Eorpaigh Oideachais don tréimhse 2021-2030.

Cén sprioc atá againn?

Trí Chomhairle an Aontais Eorpaigh, is é an sprioc atá leagtha síos ag na Ballstáit gur cheart 60% de chéimnithe le gairid ón ngairmoideachas agus ón ngairmoiliúint tairbhe a bhaint as nochtadh ar an bhfoghlaim sa láthair oibre le linn a ngairmoideachais agus a ngairmoiliúna faoi 2025.

Moladh 2020 ón gComhairle maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint

An 24 Samhain 2020 ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Moladh maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint ar mhaithe leis an iomaíochas inbhuanaithe, an chothroime shóisialta agus an athléimneacht. Sainaithnítear sa Mholadh na príomhphrionsabail chun a chinntiú go bhfuil an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint lúfar sa mhéid is go dtéann sé in oiriúint go tapa do na riachtanais i margadh an tsaothair agus go gcuireann sé deiseanna foghlama ardcháilíochta ar fáil do dhaoine idir óg agus aosta araon.

Leagtar béim láidir ann ar a thuilleadh solúbthachta i dtaca leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint, deiseanna treisithe don fhoghlaim obairbhunaithe, printíseachtaí agus dearbhú cáilíochta níos fearr.

Cuirtear an Moladh in ionad Mholadh EQAVET – Dearbhú Cáilíochta Eorpach i nGairmoideachas agus Gairmoiliúint – agus mar chuid de, tá Creat nuashonraithe EQAVET lena gcuimsítear táscairí agus tuairisceoirí cáilíochta. Leis sin déantar Moladh ECVET a bhí ann cheana a aisghairm.

Dearbhú 2020 Osnabrück

An 30 Samhain 2020 d’fhormhuinigh na hairí atá i gceannas ar an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint sna Ballstáit, sna Tíortha is Iarrthóirí, i dtíortha LEE CSTE (an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch – Comhlachas Saorthrádála na hEorpa), comhpháirtithe sóisialta Eorpacha agus an Coimisiún ‘Dearbhú 2020 Osnabrück i dtaca leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint mar chumasóir don téarnamh agus don aistriú cóir chuig geilleagar digiteach agus geilleagar glas’. 

Tacaíonn comhlachais soláthraithe an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna ar an leibhéal Eorpach (VET4EU2) agus ionadaithe mac léinn an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna (OBESSU, Líonra Eorpach na bPrintíseach) le Dearbhú Osnabrück. 

Leagtar amach ann gníomhaíochtaí beartais nua don tréimhse 2021-2025 chun an Moladh ón gComhairle a chomhlánú maidir leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint don iomaíochas inbhuanaithe, an chothromaíocht shóisialta agus an athléimneacht: 

  • an athléimneacht agus barr feabhais a chur chun cinn tríd an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint ardcháilíochta atá cuimsitheach solúbtha 
  • cultúr nua don fhoghlaim ar feadh an tsaoil a bhunú chun béim a leagadh ar ábharthacht an ghairmoideachais leanúnaigh agus na gairmoiliúna leanúnaí chomh maith le hábharthacht an digitithe 
  • inbhuanaitheacht an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna a chothú 
  • Limistéar Eorpach Oideachais agus Oiliúna agus an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint a fhorbairt

Thug an Coiste Comhairleach um Ghairmoiliúint faomhadh do thuairim faoi thodhchaí an ghairmoideachais agus na gairmoiliúna, rud a mbeidh an obair bheartais a dhéanfaidh an Coimisiún faoi chomaoin aige ó 2020 amach.

Creat straitéiseach LEO

Mar chuid de chreat straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais don tréimhse 2021-2030, cuireadh ar bun Meitheal um Ghairmoideachas agus Gairmoiliúint agus an t-aistriú glas agus foghrúpa den ghrúpa maidir le scoileanna atá dírithe ar oideachas don inbhuanaitheacht chomhshaoil. Spreagfaidh na Meithleacha foghlaim fhrithpháirteach agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas idir na Ballstáit./node/1490

 

Ábhar gaolmhar