Ar na luachanna ar mór ag Ballstáit an Aontais iad tá dínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus an meas ar chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad. Tá na luachanna sin ina naisc a sháraíonn fad agus achar idir tíortha, idir pobail agus idir daoine, mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Chonradh Liospóin.
Nithe ríthábhachtacha chun sochaí chomhtháite Eorpach a thógáil agus a choinneáil is ea oideachas agus oiliúint chuimsitheach ardcháilíochta ar gach aon leibhéal, chomh maith le gné Eorpach an teagaisc. Is ríthábhachtach an rud é go gcuirfeadh gach saoránach den Aontas eolas ar chomhoidhreacht chultúrtha agus éagsúlacht na hEorpa agus go dtuigfeadh sé cad as ar tháinig an tAontas Eorpach agus cén chaoi a bhfeidhmíonn sé.
Mhol an Coimisiún an Moladh ón gComhairle maidir le comhluachanna, an t-oideachas cuimsitheach, agus gné Eorpach an teagaisc agus ghlac an Chomhairle é i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Is é is aidhm don Mholadh braistint cómhuintearais a chothú - is é sin le rá comhluachanna a chur in iúl, an t-oideachas cuimsitheach a chleachtadh, daoine a chur ar an eolas faoin Eoraip agus a Ballstáit ionas go mbraitheann daoine go mbaineann siad lena scoil féin, lena gceantar féin, lena dtír féin agus le clann uile na hEorpa.
Is é is aidhm don Mholadh freisin, an comhtháthú sóisialta a neartú, cur in aghaidh na seineafóibe, cosc a chur ar radacú agus srian a chur le scaipeadh an náisiúnachais dheighiltigh agus na bréagnuachta. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, dírítear ar na gníomhartha seo go sonrach:
- Comhluachanna a chur chun cinn ag gach céim den oideachas
- Oideachas níos cuimsithí a chothú
- Gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn agus inniúlachtaí na n-údarás náisiúnta sa réimse sin a neartú san am céanna
- Tacaíocht de gach sórt a chur ar fáil do mhúinteoirí agus d’insititiúidí oideachais
Tá na gníomhartha sin i gcomhréir leis an obair leanúnach atá ar bun ar leibhéal an Aontais chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. Tacóidh uirlisí agus ionstraimí maoiniúcháin an Aontais Eorpaigh – go háirithe an clár Erasmus+ agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa – go mór le cur chun feidhme an Mholta.