Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Ardoideachas atá éifeachtach éifeachtúil

I dtreo na héifeachtachta agus na héifeachtúlachta san ardoideachas

Ní féidir éifeachtacht agus éifeachtúlacht a chleachtadh san ardoideachas gan an creat ceart a bheith curtha ar fáil ag na húdaráis phoiblí, creat a bhféadfaidh institiúidí ardoideachais feidhmiú laistigh de. I measc na dtréithe a bhaineann leis sin, tá an maoiniú leordhóthanach, sin agus beartais éifeachtacha sa dearbhú cáilíochta. 

An Creat Straitéiseach le haghaidh Oideachais agus Oiliúna (“ET 2020”), is creat é ina leagtar béim ar na nithe seo a leanas: 

  • Tá maoiniú leordhóthanach ag teastáil ó na hinstitiúidí ardoideachais, agus ba cheart infheistiú poiblí san ardoideachas a chosaint ós infheistíocht san fhás eacnamaíoch atá ann
  • Na dúshláin atá le sárú ag an ardoideachas, is dúshláin iad a dteastaíonn rialachas agus córais mhaoinithe níos solúbtha ina leith, córais ina mbeidh cothromaíocht idir breis neamhspleáchais do na hinstitiúidí oideachais, agus cuntasacht i leith na ngeallsealbhóirí uile

Déanann Clár oibre athnuaite an Aontais maidir leis an ardoideachas athneartú chomh maith ar an ngá atá le hacmhainní daonna agus airgeadais leordhóthanacha a chuirtear chun úsáide go héifeachtach, mar aon le húsáid na gcóras dreasachtaí agus luaíochta.

Chomh maith leis sin, is ar dhícheall agus ar inniúlachtaí na bhfoirne teagaisc agus na bhfoirne taighde atá leasú agus nuachóiriú chóras ardoideachais na hEorpa ag brath. Ainneoin sin, an méadú a thagann ar líon na bhfoirne, is méadú é nach mbíonn cab ar chab i gcásanna go leor leis an méadú ar líon na mac léinn.

Tá foireann acadúil ar ardcháilíocht de dhíth ar an Eoraip, agus ionas gur féidir a chinntiú go ndéanfaidh an Eoraip an fhoireann sin a oiliúint, a mhealladh, agus a choinneáil, ní mór feabhas a chur ar na dálaí oibre, ar an gcéad fhorbairt ghairmiúil agus ar an bhforbairt ghairmiúil leanúnach, agus breis aitheantais a thabhairt d’obair den scoth i réimse an teagaisc agus an taighde.

Cén fáth a bhfuil tábhacht le hardoideachas a bheidh éifeachtach éifeachtúil? 

Nuair a bhíonn dearbhú cáilíochta ann, is mó muinín a bhíonn ag an bpobal as an ardoideachas. Ba cheart dianchóras a bheith ag gach institiúid ardoideachais le dearbhú a dhéanamh ar cháilíocht na hoibre go hinmheánach, córas a ndéanfadh Gníomhaireachtaí Dearbhaithe Cáilíochta a chuid oibre a mheas. 

Teastaíonn breis solúbthachta i gcomhair na ndúshlán sin. Is fusa d’institiúidí neamhspleácha speisialú a dhéanamh, agus cuirfidh siad chun cinn feabhas ar an bhfeidhmíocht i réimse an teagaisc agus an taighde, sin agus obair den scoth laistigh de na córais ardoideachais. Bíodh sin mar atá, is minic a chuireann srianta dlí, nó srianta airgeadais agus riaracháin, teorainn leis an tsaoirse atá ag institiúidí le straitéisí agus struchtúir a shainiú agus le hiad féin a dhealú ó na hiomaitheoirí eile.

Mar aon leis sin, is faoi rialtais náisiúnta na mBallstát a fhanfaidh na freagrachtaí i leith a gcuid córas ardoideachais agus i leith mhaoiniú na gcóras sin.

Céard atá an tAontas a dhéanamh le héifeachtacht agus éifeachtúlacht a chur chun cinn san ardoideachas?

Le tacaíocht dá chuid don taighde agus do chomhar na mbeartas, cuidíonn an Coimisiún Eorpach le tíortha an Aontais samhlacha éifeachtacha rialachais agus maoinithe a fhorbairt i gcomhair an ardoideachais. Tá an Coimisiún Eorpach ag oibriú i gcomhar leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) freisin agus iad ag athbhreithniú na struchtúr maoinithe, dreasachta agus luacha saothair atá i bhfeidhm sna córais ardoideachais. 

Ina theannta sin, trí uirlis na comhairleoireachta piaraí agus gníomhaíochtaí foghlama piaraí, tá an Coimisiún Eorpach ag cothú foghlaim fhrithpháirteach i measc na mBallstát maidir le dea-chleachtais rialachais agus mhaoinithe.

Idir 2014 agus 2020, rinne 17 mBallstát san Aontas infheistíocht i gcistí struchtúracha agus infheistíochta Eorpacha san ardoideachas. San iomlán, caitheadh €5.2 billiún faoi Choiste Sóisialta na hEorpa ar an oiliúint duine ar dhuine, ar athchóiriú na gclár, agus ar ullmhú an oideachais i gcomhair an mhargaidh saothair. 

Caitheadh EUR 1.5 billiún eile ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) ar athnuachan agus ar thógáil bonneagair nua i gcomhair an oideachais. 

Tá roinnt tacaíochta le fáil atá bunaithe ar iasachtaí i gcomhair institiúidí ardoideachais, tacaíocht atá á bainistiú ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI). Más mian le hinstitiúidí uasghrádú a dhéanamh ar a gcuid áiseanna, tig leo cur isteach ar iasachta tríd an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), sin agus páirt a ghlacadh i gcláir mhaoinithe nuálacha i gcomhair mic léinn idirnáisiúnta, iasachtaí céimeanna máistreachta Erasmus+ cuir i gcás. 

I dtaca le dearbhú cáilíochta de, leagann na Caighdeáin agus Treoirlínte um Dhearbhú Cáilíochta i Limistéar Eorpach an Ardoideachais creat coiteann síos a chinntíonn go mbíonn cuntasacht ann ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal na n-institiúidí. Chomh maith leis sin, tá lámh ag an gClár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta (EQAR) san ardoideachas ar fhorbairt an dearbhaithe cáilíochta ar an leibhéal Eorpach.

Foilsíonn an Coimisiún tuarascálacha ar an dul chun cinn a bhíonn ag tarlú i gcúrsaí dearbhaithe cáilíochta ar leibhéal na hEorpa i réimse an ardoideachais.