Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Moladh ón gComhairle maidir leis na Príomh-inniúlachtaí don Fhoghlaim Fad Saoil

Príomhinniúlachtaí

Oibríonn an Coimisiún Eorpach leis na Ballstáit chun sealbhú príomhinniúlachtaí agus bunscileanna do chách a éascú agus a neartú, ón luathóige agus ar feadh an tsaoil. Tá na scileanna, an t-eolas agus an meon ceart ar na príomhinniúlachtaí saoil a bhíonn ag teastáil ó chách le haghaidh sásamh agus forbairt phearsanta, fostaíochta, ionchuimsiú sóisialta agus saoránacht ghníomhach. 

Is mar seo a leanas atáthar ag iarraidh na príomhinniúlachtaí a chur chun cinn: 

  • Oideachas, oiliúint agus foghlaim ar feadh an tsaoil ardcháilíochta a chur ar fáil do chách
  • Tacaíocht a thabhairt d’fhoirne oideachais chun dóigheanna inniúlacht-bhunaithe teagaisc agus foghlama a chur chun feidhme 
  • Modhanna agus comhthéacsanna éagsúla foghlama a spreagadh don fhoghlaim leanúnach
  • Cíoradh a dhéanamh ar dhóigheanna ar féidir príomhinniúlachtaí a mheas agus a bhailíochtú

Cad atá á dhéanamh? 

De bharr togra ón gCoimisiún, ghlac an Chomhairle Moladh maidir leis na Príomhinniúlachtaí don Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil. Aithnítear sa Mholadh ocht gcinn de phríomhinniúlachtaí atá ag teastáil ó chách le haghaidh sásamh pearsanta, slí mhaireachtála fholláin inbhuanaithe, infhostaitheacht, saoránacht ghníomhach agus ionchuimsiú sóisialta: 

• Litearthacht 
• lteangachas
• Scileanna Uimhearthachta, eolaíochta agus innealtóireachta 
• Inniúlachtaí digiteacha teicneolaíocht-bhunaithe
• Scileanna idirphearsanta, agus an cumas inniúlachtaí nua a shealbhú 
• Saoránacht ghníomhach 
• Fiontraíocht 
• Feasacht chultúrtha agus léiriú cultúrtha 

Tá an Moladh ón gComhairle ina chreat comhchoiteann tagartha Eorpach maidir le príomhinniúlachtaí do lucht ceaptha beartas, do sholáthraithe oideachais agus oiliúna, do chomhpháirtithe sóisialta agus do na foghlaimeoirí iad féin. Cuirtear i láthair ann freisin bealaí rathúla chun forbairt inniúlachta a chur chun cinn trí mhodhanna nuálacha foghlama, trí mhodhanna measúnaithe agus trí thacaíocht d’fhoirne oideachais.