Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 12

Tréimhsí oiliúna maidir le Deiseanna Digiteacha

Teastaíonn leibhéal áirithe scileanna digiteacha chun formhór na bpost i ngach earnáil a dhéanamh, ach fós féin níl bunscileanna digiteacha ag 42% de dhaoine san Aontas Eorpach (an Coimisiún Eorpach, 2021).

Bíonn deacrachtaí ag cuideachtaí ar fud an Aontais teacht ar oibrithe oilte chun go mbeidh siad in ann feidhmiú go digiteach. In 2017 bhí deacrachtaí ag 53% de na gnólachtaí uile a d’earcaigh speisialtóirí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide (TFC) nó a rinne iarracht iad a earcú folúntais a líonadh.

Cuspóirí 

In 2018 bhunaigh an Coimisiún Eorpach tionscadal píolótach - tréimhsí oiliúna maidir le deiseanna digiteacha - d’fhochéimithe agus do chéimithe nua i ngach disciplín. Tugann an scéim sin deis dóibh taithí ghairmiúil phraiticiúil a fháil i réimse na scileanna digiteacha a mbeidh luach ag baint leo sa mhargadh saothair.

Tríd an scéim, déantar an méid seo a leanas:

  • deis a thabhairt d’oiliúnaithe a scileanna TFC a fhorbairt i réimsí amhail an chibearshlándáil, mórshonraí, teicneolaíocht chandamach agus an mheaisínfhoghlaim  
  • borradh a chur faoi scileanna digiteacha do ghnólachtaí i réimsí amhail dearadh gréasáin, margaíocht dhigiteach agus forbairt bogearraí

De réir na sonraí is déanaí maidir leis na tréimhsí oiliúna:

  • rinne breis agus 77,000 duine cúrsa oiliúna Erasmus+ i dtír eile faoin gclár reatha
  • rinne níos mó ná 52,000 duine cúrsa oiliúna digiteach (a raibh 45,000 díobh san ardoideachas)
  • roghnaigh níos mó ná 25,000 ball foirne ó réimsí éagsúla an scéim (oiliúint, cúrsa, nó scáthfhoghlaim) agus iad ag díriú ar a gcuid scileanna digiteacha a fhorbairt

Cuireadh síneadh le scéim na dtréimhsí oiliúna in 2021. Chomh maith le mic léinn san ardoideachas agus céimithe nua, cumhdaítear leis anois baill foirne ardoideachais agus mic léinn gairmoideachais agus gairmoiliúna agus céimithe nua. In 2022 leathnaíodh an scéim a thuilleadh chun baill foirne sna hearnálacha scoile, gairmoideachais agus gairmoiliúna agus foghlama aosaí a chur san áireamh.

Príomhghníomhaíochtaí

Is gníomhaíocht mhaoinithe faoin nGníomhaíocht Soghluaisteachta (Príomhghníomhaíocht 1) de ghlaonna bliantúla Chlár Erasmus+ iad tréimhsí oiliúna maidir le deiseanna digiteacha (agus cumhdach leathnaithe ag gabháil leo).

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo

  • scileanna digiteacha feabhsaithe sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint, i measc mic léinn ollscoile agus céimithe nua ina réimsí staidéir freisin
  • scileanna teagaisc digiteacha feabhsaithe do bhaill foirne scoile, gairmoideachais, ardoideachais agus foghlama aosaí

Amlíne

Thosaigh an ghníomhaíocht in 2021 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí 2027 faoi ghlao bliantúil ginearálta Erasmus+.

Maoiniú

Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú ag clár Erasmus+an Aontais Eorpaigh.

Last updated: