Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Ardoideachas d’imircigh agus do dhídeanaithe

Forléargas

Maoiníonn an Coimisiún tionscadail agus scaipeann sé cleachtais rathúla i réimse an oideachais le haghaidh na n-imirceach agus na dteifeach. Ar an iliomad tionscnamh a chomhordaítear, is saincheisteanna tábhachtacha iad scileanna teanga agus aitheantas do cháilíochtaí, go háirithe cáilíochtaí ó áiteanna lasmuigh den Aontas Eorpach.

Tacaíocht d’institiúidí

Tugann an clár Erasmus+ maoiniú le haghaidh tacaíocht i bhfoirm tionscadal d’institiúidí ardoideachais i dtíortha atá rannpháirteach sa chlár agus do thíortha comhpháirtíochta ar fud an domhain, chomh maith le tíortha is príomhfhoinsí imirce chun na hEorpa. Tá dhá chineál tionscadal ann atá thar a bheith ábhartha d’institiúidí ardoideachais: 

Tacaíocht do mhic léinn

Tá rochtain ar Thacaíocht Teanga ar Líne curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach do 100,000 teifeach agus imirceach atá tagtha chun na tíre. Is é is aidhm don tionscnamh cabhrú le daoine iad féin a imeascadh i sochaí na tíre óstaí trí dheis a thabhairt dóibh teanga na háite a fhoghlaim. 

Tionscadail inspioráideacha

Is iomaí tionscadal inspioráideach atá ar fáil faoi Erasmus+ i réimse an ardoideachais agus na ndídeanaithe. Is féidir teacht orthu ar ardán thorthaí tionscadail Erasmus+. Tá eolas ar fáil ar an ardán sin faoi raon leathan tionscadal trínar tugadh tacaíocht do lánpháirtiú na n-inimirceach agus na ndídeanaithe san Aontas.

Ina theannta sin, seo a leanas roinnt samplaí de thionscadail lena bhfuiltear ag iarraidh feabhas a chur ar aitheantas na gcáilíochtaí atá ag dídeanaithe, tionscadail a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún. 

  • Cabhraíonn treoir ENIC-NARIC le haghaidh meastóirí dintiúr le haitheantas do na cáilíochtaí atá ag dídeanaithe
  • Is lámhleabhar aitheantais do mheastóirí dintiúr é an Lámhleabhar Aitheantais na hEorpa le haghaidh Institiúidí Ardoideachais. Cuireadh i dtoll a chéile é mar chuid de Thionscadal Limistéar Eorpach an Ardoideachais (EAR). Sa lámhleabhar sin tá caighdeáin chomhroinnte agus treoirlínte soiléire i dtaca le gnéithe uile an aitheantais do cháilíochtaí eachtracha. Is é is aidhm dó uirlis phraiticiúil a chur ar fáil do mheasúnóirí dintiúr as institiúid ardoideachais lena gcuirfear ar an eolas iad faoi na prionsabail a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cáilíochtaí Ardoideachais sa Réigiún Eorpach a Aithint, aitheantas do dhídeanaithe ina measc.
  • Eolas faoi nósanna imeachta aitheantais acadúil do mhic léinn agus céimithe ar dídeanaithe iad ar mian leo dul ag obair nó ag staidéar
  • Sraith straitéisí chun cabhrú le meastóirí nósanna imeachta cothroma agus sruthlínithe a thabhairt isteach le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí dídeanaithe. Leis an tsraith straitéisí tugtar próifílí chórais oideachais na dtríú tíortha ábhartha, modúil ríomhfhoghlama agus sraith treoirlínte mionsonraithe chun nósanna imeachta éifeachtacha a thabhairt isteach. 
  • Tá tionscadal leantach ann freisin, tionscadal dar teideal REACT a chlúdaíonn Dídeanaithe agus Aitheantas. Maoinítear an clár sin faoin gclár Erasmus+ freisin, agus tá oifigí de chuid ENIC-NARIC san Eoraip agus i gCeanada páirteach ann, chomh maith le rogha institiúidí ardoideachais san Eoraip, Cumann Eorpach na nOllscoileanna, Aontas na Mac Léinn Eorpach agus KIRON (Ardoideachas Oscailte do Dhídeanaithe). 

Tacaíocht do thaighdeoirí

Maidir leGníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie (MSCA), cuid amháin de Chlár Horizon 2020 an Aontais, cuireann sé deiseanna oiliúna agus forbartha gairme ar ardchaighdeán ar fáil san Eoraip do thaighdeoirí as gach tír, ach iad a bheith ag saothrú cáilíocht dochtúireachta nó iar-dhochtúireachta. 

Taighdeoirí easáitithe, mar shampla taighdeoirí a bhfuil stádas dídeanaí acu, daoine ar cuireadh isteach ar a gcuid staidéar, is féidir leo leas a bhaint as gnéithe éagsúla den chlár, cuir i gcás:

  • An Painéal chun Gairm a Athosú, painéal a thacaíonn le taighdeoirí iar-dochtúireachta agus iad ag filleadh ar a ngairmeacha taighde san Eoraip. Coinnítear an Painéal sin dóibh siúd nach bhfuil ag déanamh taighde le bliain anuas ar a laghad, cuma cén chúis a bheadh le sin. Tá tuilleadh eolais le fáil sa Treoir d’Iarrthóirí.
  • Critéir incháilitheachta MSCA, lena bhféachtar chun srian a chur le míbhuntáistí maoiniúcháin do thaighdeoirí a bhfuil a gcuid staidéar curtha ar fionraí acu agus iad ag feitheamh ar stádas mar dhídeanaí. Aon tréimhse ama a chaitear i dtír nuair atáthar ag feitheamh ar stádas dídeanaí, ní chuirfear é sin san áireamh i leith ‘tréimhse chónaithe nó gníomhaíochta’ i dtír na heagraíochta óstaí. Cuireann sé sin ar chumas taighdeoirí is dídeanaithe iarratas a dhéanamh ar Scoláireacht MSCA do dhaoine aonair sa tír óstach.
  • Eagraíochtaí a chuireann oiliúint dochtúireachta agus iar-dhochtúireachta ar fáil, spreagtar iad chun gníomhaíochtaí a sholáthar a chuireann feabhas ar ionchais lánpháirtithe taighdeoirí easáitithe.

Ón 1 Meán Fómhair 2019, beidh clár MSCA ag maoiniú Gníomh Comhordaithe agus Tacaíochta chun tacú le Taighdeoirí atá i mBaol. Leis an tionscadal “InSPIREurope”, beidh comhghuaillíocht chomhordaithe trasearnála ar fud na hEorpa á chothú do thaighdeoirí atá i mbaol. Éascóidh sé comhar trasnáisiúnta idir na príomhpháirtithe leasmhara ar fud na hEorpa chun deiseanna a mhéadú do thaighdeoirí atá i mbaol sa saol acadúil agus i réimsí eile nach é. 

Tugann MSCA maoiniú do roinnt tionscadal taighde freisin, tionscadail a chuireann lenár dtuiscint ar an imirce éigeantais.