Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Eolas faoi Shoghluaisteacht agus Comhar

I dtreo soghluaisteacht agus comhar feabhsaithe san ardoideachas

Tugann “an tsoghluaisteacht foghlama” deis do mhic léinn scileanna luachmhara a fhorbairt agus a n-aigne a leathnú trí dhul i mbun staidéir nó oiliúna thar lear. Aithnítear go forleathan an sochar atá le baint as an tsoghluaisteacht. Léirigh suirbhé a rinneadh ar aos óg na hEorpa (daoine idir 15 agus 30 bliain d’aois) go measann breis agus 90% díobh go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deiseanna ar shoghluaisteacht ag daoine óga. 

Tá Airí an Aontais ar aon fhocal le chéile go bhféachfaidh siad le líon na mac léinn ardoideachais a chuireann tréimhse staidéir nó oiliúna isteach thar lear a dhúbailt, ionas go mbeidh 20% díobh á dhéanamh faoi 2020. Ina theannta sin, tá tacaíocht don tsoghluaisteacht ina dlúthchuid de chlár Erasmus+, clár an Aontais Eorpaigh maidir le hoideachas agus oiliúint. 

Más mac léinn thú atá ag iarraidh an deis a thapú le dul i mbun staidéir nó oiliúna thar lear, cabhróidh Aip Mhóibíleach Erasmus+ leat tús a chur le d’aistear – is treoir céim ar chéim í an aip a thugann eolas duit ar gach cuid den tsoghluaisteacht.

Cén fáth a bhfuil tábhacht le soghluaisteacht agus comhar san ardoideachas?

Nuair a théann daoine go tír eile i gcomhair staidéir nó oiliúna, cuidíonn sé leo a scileanna gairmiúla, sóisialta agus idirchultúrtha a fhorbairt agus a n-infhostaitheacht a mhéadú. Mic léinn ardoideachais a thugann faoi thréimhse soghluaisteachta thar lear, bíonn seans níos fearr acu post a fháil laistigh de bhliain amháin tar éis dóibh céim a bhaint amach i gcomparáid le mic léinn eile. 

Deir 93% de na mic léinn sin gur mó an meas atá acu anois ar chultúir eile tar éis a dtréimhse soghluaisteachta. Cuireann 91% díobh feabhas ar a scileanna teanga agus mothaíonn 80% díobh gur tháinig feabhas ar a gcumas réitigh fadhbanna tar éis tréimhse soghluaisteachta. 

Dar le staidéir ar an tionchar a bhíonn ag an gclár Erasmus+, is mór an tairbhe a bhaineann leis an tsoghluaisteacht agus an comhar san Ardoideachas laistigh den Aontas agus lasmuigh de. 

De réir an chéad staidéir a rinneadh ar thionchar Erasmus, bíonn 90% d’fhostóirí ag lorg daoine a bhfuil tras-scileanna acu, sin scileanna ar nós réiteach fadhbanna, an cumas a bheith in ann feidhmiú mar chuid d’fhoireann agus fiosracht. Is iad na hinniúlachtaí céanna sin a fhoghlaimíonn mic léinn le linn tréimhse soghluaisteachta thar lear. 

Rinneadh staidéar ina dhiaidh sin ar an tionchar a bhíonn ag Erasmus+ i réimse an ardoideachais agus léirigh sé sin freisin go mbíonn tionchar dearfach ag na tréimhsí soghluaisteachta ar mhic léinn. Deir breis agus 70% de mhic léinn a ghlac páirt sa chlár Erasmus + go raibh tuiscint níos fearr acu, tar éis dóibh filleadh ó thréimhse thar lear, ar an gcineál oibre ba mhaith leo a dhéanamh sa todhchaí. Bhí post faighte ag 80% díobh laistigh de thrí mhí tar éis dóibh céim a bhaint amach, agus cheap 72% díobh gur chabhraigh an tréimhse thar lear leo a gcéad phost a fháil. 

Sa staidéar a rinneadh ar thionchar Erasmus+ maidir le comhpháirtíochtaí straitéiseacha agus comhghuaillíochtaí eolais san ardoideachas, fuarthas amach go mbíonn mórchuid na n-ollscoileanna a ghlacann páirt i dtionscadail chomhair Erasmus+ níos ullmhaithe don chlaochlú digiteach. Ar a bharr sin, luaigh dhá thrian de na hollscoileanna rannpháirteacha sin go gcabhraíonn tionscadail a reáchtáiltear ar fud an Aontais chun an cuimsiú sóisialta a mhéadú agus chun an t-idirdhealú a laghdú san ardoideachas. 

Chomh maith leis sin, cabhraíonn an tsoghluaisteacht agus an comhar trasteorann leis an mbearna sna scileanna a dhúnadh trí na scileanna sonracha a theastaíonn sa mhargadh saothair comhaimseartha a neartú. Sampla de chomhar den sórt sin is ea ‘An Tionscnamh um Thréimhsí Oiliúna maidir le Deiseanna Digiteacha’, tionscnamh a bhfuil sé mar aidhm aige deis a thabhairt do mhic léinn ó gach disciplín ar thaithí phraiticiúil san earnáil dhigiteach. 

Cuideoidh na cineálacha nua comhair trasteorann atá á bhforbairt le feabhas a chur ar cháilíocht an ardoideachais agus le haitheantas cáilíochtaí acadúla a fhaigheann daoine thar lear a éascú.

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun tacú le comhar agus soghluaisteacht?

De thoradh Limistéar Eorpach an Ardoideachais tá athruithe móra tagtha i bhfeidhm a fhágann go bhfuil sé i bhfad níos éasca anois staidéar a dhéanamh thar lear agus oiliúint a fháil thar lear. Tríd an struchtúr “bunchéim-máistreacht-dochtúireacht” agus trí dhul chun cinn i gcúrsaí dearbhaithe cáilíochta, éascaíodh soghluaisteacht mac léinn agus ball foirne agus neartaíodh institiúidí agus córais ardoideachais. 

Éascaítear an iontaoibh fhrithpháirteach, aitheantas cáilíochtaí acadúla agus an tsoghluaisteacht trí leas a bhaint as uirlisí Eorpacha na soghluaisteachta agus an dearbhaithe cáilíochta, uirlisí amhail ECTS (an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna), an Forlíonadh Dioplóma agus EQAR (an Clár Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta).

Tugann an clár Erasmus+ tacaíocht dhíreach do dhaoine ar mian leo staidéar a dhéanamh nó oiliúint a fháil ar an gcoigríoch, agus do thionscadail a chothaíonn an comhar trasteorann idir institiúidí ardoideachais. Tá tuilleadh oibre fós le déanamh, áfach, le cinntiú go mbeidh deiseanna soghluaisteachta foghlama ann do chách. 

Chuige sin, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le haitheantas uathoibríoch frithpháirteach dioplómaí, agus torthaí tréimhsí foghlama thar lear, a chur chun cinn.

Sa bhreis air sin, tá an Coimisiún ag tacú le Tionscnamh na gCártaí Mac Léinn Eorpacha, cárta a mbeidh sé níos éasca eolas faoi mhic léinn a mhalartú dá bharr, agus tá sé ag cruthú comhaontais d’Ollscoileanna Eorpacha a bhfuil sé mar aidhm acu an t-iomaíochas, an cháilíocht agus an barr feabhais a fheabhsú i réimse an teagaisc, an taighde agus na nuálaíochta.