What is bullying?
Is gníomh ionsaitheach é a dhéanann dochar do dhuine go fisiciúil, go meabhrach nó go mothúchánach. Tá sé mar aidhm ag bulaíocht duine aonair nó grúpa a mhaslú, a imeaglú, a náiriú nó dochar a dhéanamh dó arís agus arís eile, laistigh de chomhthéacs ina mbraitheann an t-íospartach scoite amach agus nach féidir leis é féin a chosaint go héasca.
Go traidisiúnta, bíonn an méid seo a leanas i gceist léi:
- éagothroime cumhachta
- intinn
- athrá
Is féidir le bulaíocht tarlú i suíomhanna éagsúla, cuir i gcás:
- ar líne
- go fisiciúil
- ó bhéal
- i gcaidreamh
Is féidir le duine aonair nó le grúpa é a dhéanamh. De ghnáth, ní an t-íospartach agus déantóir na bulaíochta amháin a bhíonn i gceist leis an mbulaíocht, ach daoine fianaiseacha chomh maith.
Fadhb fhorleathan
Ar fud na hEorpa, thuairiscigh níos mó ná 20% de dhaltaí 15 bliana d’aois go ndéantar bulaíocht orthu go minic, feiniméan a mbíonn tionchar aige ar dhaltaí agus ar scoileanna beag beann ar a bpróifíl shocheacnamaíoch.
Cineálacha cur chuige scoile uile
Le cineálacha cur chuige scoile uile, aithnítear teaghlaigh agus pobail áitiúla mar chodanna d’éiceachóras na scoile agus tugtar ról dóibh ann.
Trí chineálacha cur chuige scoile uile a ghlacadh, is féidir foghlaimeoirí, oideoirí, tuismitheoirí, cúramóirí, teaghlaigh agus an pobal áitiúil ar fad a chumhachtú chun idirdhealú, foréigean, claontacht, bulaíocht agus cibearbhulaíocht a chosc agus chun dul i ngleic leo. Oibríonn siad trí luachanna an chuimsithe agus an chothromais, an chumhachtaithe agus na saoránachta daonlathaí a chur chun cinn.
Acmhainní úsáideacha d’oideoirí agus do lucht ceaptha beartas
Seimineáir ghréasáin agus oiliúint
Reáchtálann an tArdán um Oideachas Scoile seimineáir ghréasáin rialta ar fholláine, agus ar bhulaíocht, i scoileanna.
Uirlisí agus treoirlínte
D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte do lucht ceaptha beartas agus d’oideoirí maidir le folláine agus meabhairshláinte ar scoil. Tugtar le chéile iontu moltaí, samplaí de thionscadail agus dea-chleachtais ó gach cearn den Aontas.
Meitheal
Díríonn an Mheitheal um Chomhionannas agus Luachanna san Oideachas agus san Oiliúint ar athchóirithe struchtúracha chun comhionannas san oideachas agus san oiliúint a chur chun cinn. Is spás é ina ndéanann lucht ceaptha beartas dea-chleachtais a mhalartú maidir le hábhair amhail aghaidh a thabhairt ar an bhfuath agus ar an mbulaíocht agus iad a chosc.
Erasmus+
Tacaíonn clár Erasmus+ le go leor tionscadal a thugann aghaidh ar an mbulaíocht. Cuireann na tionscadail sin straitéisí, scileanna agus uirlisí ar fáil do scoileanna, do mhúinteoirí agus do phobail scoile, iad dírithe ar chomhpháirtíochtaí agus ar chomhar.
Cúlra beartais agus tionscnaimh ábhartha an Aontais
Moladh ón gComhairle
Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle maidir le Conairí i dtreo na Rathúlachta Scoile torthaí oideachais níos fearr a chur chun cinn do gach Eorpach óg, gan beann ar a saintréithe pearsanta, a dteaghlach, ná a gcúlra socheacnamaíoch agus cultúrtha.