Skip to main content

SELFIE

A tool to support learning in the digital age

SELFIE don fhoghlaim obairbhunaithe

SELFIE

Modúl sonrach don fhoghlaim obairbhunaithe

Slide

Uirlis saor in aisce ar líne is ea SELFIE don fhoghlaim obairbhunaithe do scoileanna agus cuideachtaí gairmoideachais agus gairmoiliúna. Tacaíonn sé leo an leas is fearr is féidir a bhaint teicneolaíochtaí digiteacha ar mhaithe leis an teagasc, an fhoghlaim agus an oiliúint.

Cuidíonn SELFIE WBL le scoileanna agus le cuideachtaí iad féin a chur in oiriúint don aois dhigiteach. Is cuid shonrach den uirlis SELFIE í chun riachtanais na foghlama obairbhunaithe a chomhlíonadh.

Ar an gcaoi sin, tacaíonn sé leis an aistriú digiteach atá ar cheann de phríomhthosaíochtaí beartais an Choimisiúin Eorpaigh.

Rochtain ar SELFIE WBL

Más scoil ghairmoideachais nó ghairmoiliúna í do scoilse agus más spéis leat úsáid a bhaint as an modúl SELFIE WBL ba cheart duit

  • logáil isteach in SELFIE (féadfaidh úsáideoirí céaduaire féachaint conas clárú)
  • cleachtadh nua féinmhachnaimh a chur ar bun
  • ‘Ardleibhéal meánscoile gairmiúla’ a roghnú agus an leibhéal oideachais á roghnú agat
  • cliceáil ar an mbosca ‘An nglacfaidh cuideachtaí páirt sa suirbhé seo?’

Watch an introduction to SELFIE WBL

Acmhainní

Léargais ó threoirthionscadail agus ó thuarascálacha tíre, chomh maith le faisnéis ar an gcaoi ar forbraíodh SELFIE WBL, tá siad le fáil le híoslódáil.

Déan grafaicí faisnéise, tuarascálacha agus ábhair eile a íoslódáil

Cúlra agus forbairt

Seoladh SELFIE WBL le linn an dara heagrán d’Fhóram SELFIE i mí Dheireadh Fómhair 2021.

Leigh tuilleadh maidir leis an seoladh

Cuireadh tús leis an tionscadal in 2018 le staidéar féidearthachta, agus bhí torthaí dearfacha mar thoradh air. Cuireadh tú i mí Eanáir 2020 leis an bhforbairt trí phróiseas le páirtithe leasmhara agus úsáideoirí deiridh chun a chinntiú go mbeadh an uirlis ag teacht le fíor-riachtanais scoileanna gairmoideachais agus gairmoiliúna agus fostóirí.

Píolótú fairsing

Ba phríomhchuid den fhorbairt freisin iad ceardlanna agus tástáil. Reáchtáil foireann forbartha SELFIE ceardlann saineolaithe idirnáisiúnta i mí an Mheithimh 2020 agus céim tástála i naoi dtír Eorpacha idir Meán Fómhair agus Nollaig 2020.

What users and experts say

San iomlán, ghlac tuairim agus 35,000 rannpháirtí as timpeall 150 scoil ghairmoideachais agus ghairmoiliúna agus 250 cuideachta páirt sa phíolótú sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Ungáir, sa Pholainn, sa Rómáin, sa tSeoirsia, i Montainéagró, i bPoblacht na Seirbia agus sa Tuirc. Tá torthaí na scéimeanna píolótacha le fáil le híoslódáil.

Thug an Fóram Eorpach um Ghairmoideachas Teicniúil agus Gairmoiliúnt Theicniúil (EfVET) agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna (ETF) tacaíocht luachmhar tríd an bpróiseas ar fad.