Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

Cur chuige Eorpach maidir le micridhintiúir

Deiseanna foghlama solúbtha cuimsitheacha

An 16 Meitheamh 2022, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Moladh maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúir don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht. Leis an Moladh, féachtar le tacú le micridhintiúir a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a aithint ar fud institiúidí, gnólachtaí agus earnálacha agus thar theorainneacha.

Tá cultúr éifeachtach foghlama ar feadh an tsaoil ríthábhachtach chun a chinntiú go bhfuil ag gach duine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí atá ag teastáil uathu chun go mbeidh rath orthu ina saol pearsanta agus ina saol gairmiúil.

Deimhníonn micridhintiúir na torthaí foghlama a bhaineann le heispéireas foghlama gearrthéarmach, mar shampla gearrchúrsa nó seisiún oiliúna. Cuireann siad bealach solúbtha spriocdhírithe ar fáil chun cabhrú le daoine an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a fhorbairt atá ag teastáil uathu dá bhforbairt phearsanta agus ghairmiúil.

Tá micridhintiúir ar na cineálacha deiseanna foghlama atá níos giorra ná cáilíochtaí traidisiúnta atá á bhforbairt go tapa ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain. Is raon leathan soláthraithe poiblí agus príobháideacha atá ag cur na ndeiseanna sin ar fáil mar fhreagairt ar an éileamh atá ann ar chineálacha oideachais agus oiliúna níos solúbtha atá dírithe ar an bhfoghlaimeoir. Tá sé d’acmhainn acu freisin deiseanna oideachais agus oiliúna a chur ar fáil do raon níos leithne foghlaimeoirí, lena n-áirítear grúpaí faoi mhíbhuntáiste agus grúpaí leochaileacha.

Mar sin féin, gan caighdeáin choiteanna a chinntíonn an cháilíocht, an trédhearcacht, an inchomparáideacht trasteorann, an t-aitheantas agus an inaistritheacht, ní bheifear in ann an acmhainneacht iomlán a bhaint as na micridhintiúir.

Muinín agus solúbthacht a chothú

Is é is aidhm don Mholadh ón gComhairle

  • é a chur ar chumas daoine aonair an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí a shealbhú, a nuashonrú agus a fheabhsú atá ag teastáil uathu i margadh saothair agus i sochaí a bhíonn ag síorathrú, tairbhe iomlán a bhaint as téarnamh atá cothrom go sóisialta agus as aistrithe córa chuig an ngeilleagar glas digiteach, agus dul i ngleic níos fearr leis na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo
  • tacú le hullmhacht sholáthraithe na micridhintiúr chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar sholúbthacht an tsoláthair foghlama chun daoine aonair a chumasú treabhadh chun cinn ar a gconairí pearsantaithe foghlama agus gairme féin
  • an ionchuimsitheacht, an rochtain agus comhionannas deiseanna a chothú, agus cuidiú chun an athléimneacht, an chothroime shóisialta agus an rathúnas a bhaint amach do chách, i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh agus ag gach céim de na timthriallta eacnamaíocha.

Cuireann an Moladh bloic thógála ar fáil, lena n-áirítear sainmhíniú, gnéithe caighdeánacha chun cur síos a dhéanamh ar mhicridhintiúir, agus prionsabail maidir le micridhintiúir a dhearadh agus a eisiúint.

Dá thoradh sin, is féidir micridhintiúir a fhorbairt, a úsáid agus a chur i gcomparáid le chéile ar bhealach comhleanúnach i measc na mBallstát, na bpáirtithe leasmhara agus na soláthraithe éagsúla (idir institiúidí oideachais agus oiliúna agus chuideachtaí príobháideacha) ar fud earnálacha agus réimsí agus thar theorainneacha. Cuideoidh sé chun muinín a chothú i micridhintiúir ar fud na hEorpa.

Tacóidh an Moladh le forbairt agus glacadh micridhintiúr ardcháilíochta trédhearcach agus leagtar amach ann príomhréimsí gníomhaíochta sa réimse sin maidir le beartais oideachais agus oiliúna agus le beartais mhargadh an tsaothair. Cuirfidh sé sin ar chumas daoine scileanna nua a fhoghlaim ar bhealach saincheaptha atá ionchuimsitheach do chách.

Tá an cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr ina chuid lárnach d’fhís an Choimisiúin Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025.

Tacaíocht ón gCoimisiún d’éiceachórais micridhintiúr

Tacóidh an Coimisiún le cur chun feidhme an Mholta tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • idirphlé a chothú maidir le conas na huirlisí agus na seirbhísí de chuid an Aontais atá ann cheana a úsáid agus a oiriúnú chun tacú le gach cineál soláthraí micridhintiúir a fhorbairt
  • tacú le comhroinnt eolais agus dea-chleachtais a chur chun cinn
  • féachaint ar an dóigh a bhféadfadh ardán Europass tacú le cur chun feidhme teicniúil an Mholta
  • tacaíocht mhaoiniúcháin a chur ar fáil tríd an gclár Erasmus+

Cúlra

Tá an Moladh bunaithe ar thogra a chuir an Coimisiún ar aghaidh an 10 Nollaig 2021, ag tógáil ar chomhairliúchán leathan agus ar chleachtaí bailithe fianaise. Glacadh an Moladh maidir le cur chuige Eorpach i leith micridhintiúr in éineacht le togra eile maidir le cuntais foghlama aonair an 16 Meitheamh 2022.

Bhí an dá thogra mar chuid den 12 ghníomhaíocht shuaitheanta a fógraíodh sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip (Iúil 2020).

Tá micridhintiúir sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (Márta 2021) agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (Meán Fómhair 2020).

 

Ábhar gaolmhar