Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

Múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile – tionscnaimh

Tá an tAontas Eorpach ag obair chun athluacháil a dhéanamh ar ghairm na múinteoireachta agus chun deiseanna oideachais tosaigh agus deiseanna forbartha gairmiúla ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na múinteoirí, do na hoiliúnóirí agus do na ceannairí scoile ar fad.

Cén fáth a bhfuil múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile tábhachtach?

Tá ról lárnach ag múinteoirí, oiliúnóirí agus ceannairí scoile maidir le hoideachas ionchuimsitheach ardcháilíochta a chur ar fáil do gach foghlaimeoir. Le linn phaindéim COVID-19, d’oiriúnaigh siad go tapa do dhúnadh scoileanna agus d’aistrigh siad go dtí modhanna múinteoireachta cianda agus cumaisc lena chinntiú go bhféadfaí leanúint leis an bhfoghlaim éifeachtach.

Gan na gairmithe sin a chur san áireamh agus a dtiomantas a chinntiú, ní éireoidh le haon athchóiriú oideachais. Tá ról lárnach acu i gcuraclaim nuálacha agus cleachtais teagaisc a chothú agus a chur chun feidhme, ar curaclaim agus cleachtais teagaisc iad a chuireann ar fáil d’fhoghlaimeoirí na príomhinniúlachtaí a theastaíonn uathu le go mbeidh rath orthu i ngeilleagar digiteach inbhuanaithe na hEorpa amach anseo.

Mar sin féin, cuireann ganntanas múinteoirí agus oiliúnóirí soláthar oideachais ionchuimsithigh nuálaigh ardcháilíochta i mbaol. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ní mór athluacháil a dhéanamh ar obair riachtanach na ngairmithe oideachais sin.

Tá tacaíocht de dhíth orthu le linn a ngairmréime chun a n-inniúlachtaí agus a ndeiseanna a fhorbairt chun comhoibriú agus malartú lena bpiaraí trí thionscadail agus líonraí thar theorainneacha.

Cad é atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tá na gníomhaíochtaí seo a leanas á ndéanamh ag an gCoimisiún:

  • 25 Acadamh Múinteoirí Erasmus+ a fhorbairt faoi 2025 chun líonraí d’institiúidí oideachais múinteoirí, de chumainn múinteoirí agus de pháirtithe leasmhara a chruthú
  • treoir Eorpach a chruthú chun creataí gairme náisiúnta a fhorbairt lena dtacófar le dul chun cinn gairme ghairmithe oideachas scoile
  • borradh a chur faoi líon agus cáilíocht na dtréimhsí soghluaisteachta múinteoirí
  • an Gradam Eorpach don Teagasc Nuálach a chur i bhfeidhm chun aitheantas a thabhairt d’obair múinteoirí agus a gcuid scoileanna a aithint

 

Ábhar gaolmhar

Last updated: