Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 8
Is é an toradh a bheidh ar fheasacht níos fearr smaointeoireacht feabhsaithe daoine maidir le saincheisteanna féideartha maidir le teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, ar saincheisteanna iad a bhaineann leis an eitic, inbhuanaitheacht chomhshaoil, cosaint sonraí agus príobháideachas leictreonach, cearta leanaí, idirdhealú agus claonadh – leithcheal inscne agus míchumais, idirdhealú eitneach agus cine san áireamh.
Is gá go mbeidh gach Eorpach, mic léinn, cuardaitheoirí poist agus oibrithe san áireamh oilte go digiteach chun iad féin a oiriúnú do theicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus le go mbeidh rath orthu i sochaithe atá ag athrú go tapa.
Ní mór na hinniúlachtaí agus an mhuinín is gá a bheith ag gairmithe oideachais agus oiliúna i ngach earnáil agus ar gach leibhéal chun raon leathan teicneolaíochtaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach ina gcuid oibre, an intleacht shaorga san áireamh.
Cuspóirí
Rinne an Coimisiún Eorpach nuashonrú ar an gCreat Eorpach maidir le hInniúlacht Dhigiteach (DigComp 2.2) chun scileanna, eolas agus dearcthaí a bhaineann le AI agus úsáid sonraí a chuimsiú. Tacóidh an Coimisiún freisin le forbairt acmhainní foghlama maidir leis an intleacht shaorga don oideachas agus don oiliúint.
I nuashonrú DigComp 2.2 tá aguisín ina bhfuil níos mó ná 70 sampla a chuideoidh le saoránaigh tuiscint níos fearr a fháil ar na háiteanna ina saol laethúil agus ar na cásanna ar féidir leo a bheith ag súil le teacht ar chórais intleachta saorga. Tugann sé samplaí praiticiúla freisin de na bealaí a gcuirtear teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn i bhfeidhm inár saol laethúil.
Is é an sprioc atá ann gach saoránach a chumhachtú le bheith ina úsáideoir muiníneach criticiúil freagrach de chuid na dteicneolaíochtaí digiteacha atá á gcumhachtú ag córais IS agus cinnteoireacht uathrialaitheach, chomh maith lena dtuiscint a fheabhsú ar an intleacht shaorga, an cumas agus na teorainneacha a bhaineann léi ina measc.
Príomhghníomhaíochtaí
-
2021
- cuireadh tús leis an obair le saineolaithe agus le páirtithe leasmhara Phobal Cleachtais DigComp chun ábhair a mhalartú, plé a dhéanamh i meithleacha, acmhainní a chomhroinnt agus na forbairtí is déanaí a chur in iúl maidir le teoiricí taobh thiar den oideachas digiteach agus i dtaca lena chur chun feidhme
- rinneadh samplaí eolais, scileanna agus dearcthaí a bhailiú, a chruthú, a athbhreithniú agus a roghnú a bhaineann le teicneolaíochtaí agus seirbhísí atá ag teacht chun cinn, ar rudaí iad a chuimsítear i ngné 4 den chreat
- eagraíodh 2 chruinniú idirnáisiúnta ar líne inar tháinig na rannpháirtithe ar chomhaontú maidir leis na scileanna, an t-eolas agus na dearcthaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus le litearthacht sonraí a chuimsítear in DigComp 2.2
-
2022
foilsíodh Creat DigComp 2.2 maidir le hInniúlacht Dhigiteach
Maoiniú
Tá an ghníomhaíocht seo á maoiniú trí chlár Erasmus+.
Tuilleadh eolais
Féach suíomh gréasáin DigComp agus bí páirteach sa Phobal Cleachtais chun tacú tuilleadh le forbairt bhreise an Chreata maidir le hInniúlacht Dhigiteach.
Féach ar bhileog eolais, bróisiúr agus físeán DigComp chun tuilleadh a fhoghlaim.