Conas tosú
Is féidir le haon mhúinteoir bunscoile nó múinteoir meánscoile clárú, bíodh siad san Aontas Eorpach nó lasmuigh de.
Ar dtús, beidh ort cuntas a chruthú le EU Login mura bhfuil ceann agat cheana. Ar an gcaoi sin beidh tú ábalta do chuid freagraí agus torthaí a shábháil san uirlis.
An bhfuil cuntas EU Login uait? Cruthaigh cuntas anseo.
Beidh na freagraí ar fad anaithnid agus ní roinnfear do thuarascáil phearsanta mura roghnaíonn tú sin.
An méid atá le déanamh
Níl le déanamh agat ach sraith ceisteanna machnamhacha a fhreagairt chun measúnú a dhéanamh ar an muinín agus ar an taithí atá agat i dtaca le teicneolaíochtaí, uirlisí agus acmhainní digiteacha chun teagasc agus cumarsáid a dhéanamh, comhoibriú le comhghleacaithe agus tacú le scileanna digiteacha na ndaltaí.
An t-ord a gcuirfear na réimsí sin i gcrích, is fútsa atá sé é sin a roghnú. Tá idir 3 agus 9 n-inniúlachtaí mar chuid de gach réimse, agus tá 32 díobh ann san iomlán.
Gheobhaidh tú tuarascáil uathoibríoch a léiríonn do chumais i ngach réimse, chomh maith le moltaí faoin gcaoi le feabhas a chur orthu.
Tar éis duit an féinmhachnamh a líonadh isteach, cuirfear an teastas ar fáil duit. Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar shuaitheantas digiteach.