Skip to main content

European Education Area

Quality education and training for all

An fhiontraíocht san oideachas

Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun an t-oideachas fiontraíochta a chur chun cinn?

Is luachmhar an scil í an fhiontraíocht do shaoránaigh an Aontais, le haghaidh forbairt phearsanta agus forbairt ghairmiúil araon. Tá ról lárnach ag an oideachas fiontraíochta in iomaíochas na hEorpa agus i bhfás leanúnach gheilleagar na hEorpa.

Tríd an bhfiontraíocht san oideachas a chur chun cinn mar phríomhinniúlacht, spreagtar saoránaigh an Aontais chun bheith fiontrach, chun teacht ar réitigh nuálacha i leith fadhbanna sa tsochaí, agus chun táirgí a dhearadh a bhfuil breisluach socheacnamaíoch ag baint leo.

Tugtar tacaíocht don fhiontraíocht trí roinnt gníomhartha faoin gclár Erasmus+, gníomhartha a théann chun tairbhe dóibh siúd atá i mbun staidéir, i mbun oiliúna agus ag glacadh páirt i dtionscadail comhpháirtíochta straitéisí i dtíortha eile. Tá treoirlínte curtha le chéile ag an Aontas chun tacú le cothú na fiontraíochta san oideachas agus san oiliúint.

Ina theannta sin, tá roinnt uirlisí cruthaithe chun tacú le dearcadh fionraíochta a fhorbairt i measc shaoránaigh an Aontais, uirlisí a bhfuil HEInnovate do na hinstitiúidí ardoideachais ina measc.