Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach – Gníomhaíocht 4
Cuireann nascacht idirlín ardluais go leor buntáistí ar fáil do scoileanna, rochtain ar acmhainní éagsúla ar líne, ardáin le haghaidh comhar agus uirlisí le haghaidh oideolaíochtaí bunaithe ar fhiosrú san áireamh.
Mar sin féin, léiríonn torthaí ‘An Dara Suirbhé ar Scoileanna: TFC san oideachas’ (ESSIE2) go bhfuil go leor scoileanna san Aontas Eorpach fós i bhfad óna n-acmhainneacht dhigiteach a bhaint amach agus a bheith feistithe le hidirlíon ardluais.
Thairis sin, léirigh paindéim COVID-19 go leanann bearnaí bonneagair de bheith ann fós san Eoraip, cuir i gcás maidir le leathanbhanda a bheith ar fáil agus glacadh leis an teicneolaíocht dhigiteach.
Cuspóirí
Le cuidiú chun éagothromaíochtaí a laghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar imscaradh míchothrom na rochtana idirlín ardluais i scoileanna, tacaíonn an Coimisiún Eorpach, trí chlár digiteach na Saoráide um Chónascadh na hEorpa, le nascacht ghigighiotáin agus 5G do phobail chliste, áit a bhfuil gníomhaithe socheacnamaíocha amhail scoileanna lonnaithe.
Cuireann an ghníomhaíocht seo dea-chleachtais nascachta 5G chun cinn i bpobail agus i scoileanna áitiúla, in éineacht le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna eile.
Tá sé beartaithe leis freisin Ballstáit den Aontas a spreagadh chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil trí chláir mhaoiniúcháin éagsúla chun rochtain ar an idirlíon a fheabhsú agus chun teicneolaíocht dhigiteach, feidhmchláir agus ardáin ríomhfhoghlama a cheannach, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta san áireamh.
Amlíne an mhaoiniúcháin
D’fhoilsigh an Coimisiún 4 ghlao ar thograí chun dlús a chur le nascacht 5G:
-
2022
-
2023
-
2024