Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

An coróinvíreas: acmhainní foghlama ar líne

Acmhainní foghlama ar líne

An ráig de COVID-19 atá ag tarlú san Eoraip agus na bearta náisiúnta riachtanacha atá á ndéanamh chun dul i ngleic le scaipeadh an víris, d’fhéadfadh sin cur isteach go mór ar sholáthar an oideachais, na hoiliúna agus deiseanna soghluaisteachta d’fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí agus d’oideoirí ar fud an Aontais Eorpaigh. 

Mar an gcéanna le go leor uirlisí digiteacha (ar líne agus as líne), is féidir úsáid a bhaint as uirlisí ar líne chun críocha oideachais éagsúla:

  • oideoirí agus foghlaimeoirí a nascadh le chéile agus iad in áiteanna éagsúla
  • rochtain a fháil ar eolas agus ar thimpeallachtaí nach mbíonn ar fáil de ghnáth i ngach teach ná institiúid
  • tacaíocht a thabhairt, ar bhealach solúbtha, d’oideoirí ina bhforbairt ghairmiúil leanúnach

D’fhonn cabhrú chun leanúnachas a chinntiú i ngníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna, tá réimse leathan ábhar foghlama ar líne ar fáil.

Leis an athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach atá le tarlú i lár 2020, tabharfar tuilleadh tacaíochta d’fhorbairt na foghlama ar líne ar leibhéil éagsúla oideachais ar fud na hEorpa.

Ábhar gaolmhar

Freagairt Eorpach chomhchoiteann ar COVID-19

Tá freagairt Eorpach chomhchoiteann ar an ráig den choróinvíreas á comhordú ag an gCoimisiún Eorpach.
Freagairt an Aontais Eorpaigh ar an gcoróinvíreas

Freagairt an Choimisiúin Eorpaigh ar an gcoróinvíreas

An Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas

‘Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú’

Tá obair ar bun ag an gCoimisiún Eorpach bearta a chomhordú, a chomhlánú agus a bhunú chun dul i ngleic le gach gné de phaindéim an choróinvíris. Tá ról ríthábhachtach ag teicneolaíochtaí digiteacha, ag na meáin agus ag teileachumarsáidí ann.
Teicneolaíochtaí digiteacha ­ gníomhaíochtaí mar fhreagairt ar phaindéim an choróinvíris

An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach bearta arb é is aidhm dóibh cabhrú leis na Ballstáit dul i ngleic leis na dúshláin oideachais, agus leas a bhaint as na deiseanna oideachais, sa ré dhigiteach.
An Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach

Haiceatón an Oideachais Dhigitigh

Le Gradaim Dhomhanda Haiceatón an Oideachais Dhigitigh spreagtar daoine chun réitigh a chruthú ar na dúshláin oideachais sa ré dhigiteach.
Haiceatón an Oideachais Dhigitigh