Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

Tá an leathanach seo á aistriú faoi láthair. Idir an dá linn, is féidir an leagan is déanaí a léamh i mBéarla.

Acmhainní foghlama le haghaidh múinteoirí agus oideoirí

Tairseach Oideachais Scoile

Faigh amach faoin gcatalóg ar líne d’ábhair theagaisc agus de dheiseanna oiliúna le haghaidh múinteoirí agus páirtithe leasmhara i scolaíocht na hEorpa, catalóg atá ar fáil i 23 theanga Eorpacha.

r-Nascadh

Faigh rochtain ar ardán comhoibritheach Eorpach atá ar fáil i 30 teanga agus ar ar féidir le múinteoirí cumarsáid a dhéanamh le chéile, acmhainní a mhalartú, tabhairt faoi dheiseanna forbartha gairmiúla agus tionscadail a chruthú le chéile. 

Cúinne na foghlama

Faigh rochtain ar ábhair theagaisc, cluichí ar líne ina measc, is féidir a úsáid chun cuidiú le daltaí ó gach aoisghrúpa eolas a chur ar an Aontas Eorpach. 

Cúinne an Oideachais - Eurostat

Cuireann cúinne an Oideachais uirlisí agus mínithe ar fáil a fhágann gur fusa staitisticí a thuiscint. Is féidir le múinteoirí úsáid a bhaint as chun teacht ar ábhair a bheidh le húsáid sa seomra ranga agus staitisticí, tíreolaíocht, eolaíocht shóisialta, etc. á múineadh acu agus is féidir le daltaí úsáid a bhaint as chun feabhas a chur ar a dtuiscint ar staitisticí.

SALTO-YOUTH

Féach leat acmhainní foghlama neamhfhoirmiúla d’oibrithe óige agus do cheannairí óige.

An Ríomh-Ardán don Fhoghlaim Aosach san Eoraip (EPALE)

Faigh amach faoi phobal ilteangach oscailte ar líne a nascann gairmithe i réimse na foghlama aosaí ar fud na hEorpa le go gcuirfear le caighdeán agus éagsúlacht na ndeiseanna foghlama aosaí.

Malartú Fíorúil Erasmus+

Foghlaim faoi na deiseanna nuálacha ar líne atá ann do dhaoine óga as gach cearn den Eoraip agus den Mheánmhuir Theas i dtaca leis an malartú fíorúil. 

Ár bpláinéad, Ár dtodhchaí - Mol an Mhúinteora

I Mol an Mhúinteora tá rogha cleachtaí ranga agus ábhair ábhartha do na modúil ‘Cúiseanna’, ‘Iarmhairtí’ agus ‘Réitigh’ den suíomh idirghníomhach do mhic léinn ‘Ár bpláinéad, ár dtodhchaí’.

TAXEDU - Cúinne na Múinteoirí

Tionscadal píolótach de chuid an Aontais Eorpaigh is ea TAXEDU. Is é is aidhm dó oideachas a chur ar shaoránaigh óga na hEorpa faoin gcáin agus faoin tionchar a bhíonn aici ar a saol.

Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh

Is tionscnamh de chuid an phobail é Seachtain Chóid an Aontais Eorpaigh, a fhaigheann tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach. Is é is aidhm dó códú, ríomhchlárú, smaointeoireacht ríomhaireachtúil agus litearthacht dhigiteach a chur ar fáil do gach duine ar bhealach spraíúil tarraingteach (tá sé ar fáil i 29 dteanga). 

An Ghníomhaireacht Eorpach Spáis - Cúinne na Múinteoirí

Is é misean na Gníomhaireachta Eorpaí Spáis (GSE) forbairt chumas spáis na hEorpa a mhúnlú agus a chinntiú go leanfaidh an infheistíocht sa spás de thairbhe a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa agus don domhan. Féach leat bailiúchán acmhainní foghlama a bhaineann leis an spás.

Last updated: