Cén fáth a bhfuil comhar idirnáisiúnta maidir le hoideachas tábhachtach?
Tá comhar idirnáisiúnta neartaithe maidir le hoideachas agus le hoiliúint le tríú tíortha agus le réigiúin ar fud an domhain bunriachtanach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn. Trí eolas, beartas agus cleachtas a chomhroinnt sna réimsí sin, cuidítear freisin chun tosaíochtaí geopholaitiúla an Aontais Eorpaigh (AE) a bhaint amach.
Is ionstraim thábhachtach anois é an comhar san oideachas don chomhthuiscint agus do chomhroinnt luachanna Eorpacha. Cuidíonn cur chun cinn seachtrach an oideachais Eorpaigh agus chur chuige trasnáisiúnta an Aontais maidir le comhar chun caidreamh a mhúnlú le tíortha agus le réigiúin eile, chun an phiarfhoghlaim a spreagadh agus chun an tallann is fearr ar domhan a mhealladh le go mbeidh an Eoraip in ann leanúint de bheith iomaíoch ó thaobh an gheilleagair de.
Cothaíonn comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta maidir le hoideachas nuálaíocht atá chun tairbhe an dá thaobh, amhail curaclaim, comhchéimeanna agus tionscadail taighde a fhorbairt, agus cruthaíonn siad naisc mharthanacha idir eagraíochtaí agus daoine aonair. Spreagann siad freisin fás eacnamaíoch, rathúnas sóisialta agus slándáil ar fud an domhain.
Cad atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?
Chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, tá na gníomhaíochtaí seo a leanas á ndéanamh ag an Aontas:
- an ghné idirnáisiúnta de chlár Erasmus+ 2021-2027 a leathnú, trí thionscadail chomhair agus trí dhaoine aonair a mhalartú
- tarraingteacht an ardoideachais Eorpaigh a chur chun cinn tríd an tionscadal ‘Staidéar a dhéanamh san Eoraip’
- páirt a ghlacadh in idirphlé beartais maidir le hoideachas agus téamaí gaolmhara eile le roinnt tíortha agus réigiún ar fud an domhain.
Ba cheart don Aontas cur chuige Team Europe a ghlacadh, lena gcuirfí leasanna na hEorpa chun cinn tríd an oideachas ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach agus domhanda.