Skip to main content
European Education Area home page European Education Area home page

European Education Area

Quality education and training for all

Tionscnaimh na foghlama aosaí

Is éard is an fhoghlaim aosach ann réimse gníomhaíochtaí foghlama foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla - idir ghníomhaíochtaí ginearálta agus ghníomhaíochtaí gairmiúla - a dtugann daoine fásta fúthu tar éis dóibh an t-oideachas agus an oiliúint tosaigh a fhágáil.

Cén fáth a bhfuil an fhoghlaim aosach tábhachtach?

Is ar chúiseanna éagsúla a thugann daoine faoin bhfoghlaim aosach, cuir i gcás:

  • feabhas a chur ar a n-ionchais fostaíochta
  • forbairt phearsanta nó ghairmiúil a dhéanamh
  • scileanna inaistrithe a fháil, cuir i gcás an smaointeoireacht chriticiúil

Chomh maith leis sin, cabhraíonn an fhoghlaim aosach leis an gcomhtháthú sóisialta agus spreagann sí saoránacht ghníomhach. Cuireann sé freisin le hiomaíochas gnólachtaí agus geilleagar na hEorpa.

Chuir an téarnamh ó phaindéim COVID-19 agus na haistrithe digiteacha agus glasa dlús le hathruithe ar an gcaoi a mairimid, a bhfoghlaimímid agus a n-oibrímid. Maidir leis an mbearna idir an t-oideachas agus an oiliúint agus na héilimh a bhaineann le margadh saothair atá ag athrú go tapa, ní mór do dhaoine a gcuid eolais, scileanna agus inniúlachtaí a thabhairt cothrom le dáta chun an bhearna sin a líonadh.

Sainaithníodh an fhoghlaim aosach mar ábhar fócais den Limistéar Eorpach Oideachais don tréimse 2021-2030.

Faigh tuilleadh eolais sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach um chomhar Eorpach san oideachas agus oiliúint.

Cad atá an tAontas a dhéanamh chun tacú leis an bhfoghlaim aosach?

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

An ceart chun oideachais, oiliúna agus chun an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, tá siad cumhdaithe i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta (prionsabal 1).

I gcomhréir leis an bpríomhsprioc atá le Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart go mbeadh 60% de dhaoine fásta ag glacadh páirt in oiliúint gach bliain faoi 2030. Is beag duine a ghlacann páirt san fhoghlaim rialta tar éis an oideachais tosaigh ar fud na hEorpa.

Cuireann gníomhaíochtaí agus tionscnaimh ar an leibhéal na hEorpa tacaíocht ar fáil d’institiúidí náisiúnta agus do dhaoine aonair chun rannpháirtíocht daoine fásta a mhéadú i ngníomhaíochtaí foghlama agus oiliúna. Cuidíonn siad linn tuiscint níos fearr a fháil ar an gcaoi le dul i ngleic le dúshláin in earnáil na foghlama aosaí agus éascaíonn siad malartú eolais agus eispéiris níos fearr idir tíortha.

Faigh tuilleadh eolais faoi Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta

An Clár Oibre Scileanna don Eoraip

Leis an gClár Oibre Scileanna don Eoraip ar mhaithe le hiomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht, cuimsítear gníomhaíochtaí uaillmhianacha chun cabhrú le daoine a gcuid scileanna a fhorbairt i rith an tsaoil.

Na tograí le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le cuntais foghlama phearsanta agus le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le micridhintiúr don fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus don infhostaitheacht, is péire de na 12 ghníomhaíocht shuaitheanta iad den Chlár Oibre Scileanna don Eoraip.

Tá sé mar aidhm ag na tograí i dteannta a chéile tacú le cultúr na foghlama ar feadh an tsaoil agus an fhoghlaim a dhéanamh níos inrochtana agus níos luachmhaire.

Faigh tuilleadh eolais faoin gClár Oibre Eorpach Scileanna

Rún ón gComhairle maidir le Clár Oibre Eorpach nua don Fhoghlaim Aosach

I Rún a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh (AE) an 29 Samhain 2021 maidir le Clár Oibre Eorpach nua don Fhoghlaim Aosach, cuirtear béim ar an ngá atá le rannpháirtíocht daoine fásta san fhoghlaim fhoirmiúil, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a mhéadú go mór.

Tá achoimre tugtha sa Chlár Oibre Eorpach nua don Fhoghlaim Aosach ar fhís faoin gcaoi ar cheart an fhoghlaim aosach a fhorbairt san Eoraip faoi 2030 sna cúig réimse tosaíochta seo a leanas

  • rialachas na foghlama aosaí – ag díriú go láidir ar straitéisí náisiúnta uile-rialtais agus ar chomhpháirtíochtaí páirtithe leasmhara
  • soláthar agus glacadh deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil le maoiniú inbhuanaithe
  • inrochtaineacht agus solúbthacht – oiriúnú do riachtanais an duine fásta
  • cáilíocht, cothromas, ionchuimsitheacht agus rath san fhoghlaim aosach – agus béim á leagadh ar fhorbairt ghairmiúil na mball foirne foghlama aosaí, soghluaisteacht foghlaimeoirí agus na mball foirne araon, dearbhú cáilíochta agus tacaíocht ghníomhach do ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste
  • an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteacha agus na riachtanais scileanna a bhaineann

Faigh tuilleadh eolais faoin Rún ón gComhairle maidir le Clár Oibre Eorpach athnuaite don Fhoghlaim Aosach

Gairmthreoir

Is éard is gairmthreoir ann na seirbhísí a chabhraíonn le daoine d’aon aois a ngairmeacha beatha a bhainistiú agus roghanna oideachasúla, oiliúna agus gairme a dhéanamh a bhfuil ciall leo ina gcás.

Cuidíonn sé le daoine machnamh a dhéanamh ar a n-uaillmhianta, spéiseanna, cáilíochtaí, scileanna agus buanna agus an t-eolas sin maidir le cé hiad féin a úsáid le fáil amach cé a d’fhéadfaidís a bheith amach anseo sa saol agus san obair.

Oibríonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar leis CareersNet de chuid an Lárionaid Eorpaigh um Fhorbairt na Gairmoiliúna (CEDEFOP) chun tacú le gairmthreoir sna Ballstáit.

Is é is aidhm don staidéar ón gCoimisiún ‘Beartas agus cleachtas na foghlama ar feadh an tsaoil san Aontas: treochtaí, dúshláin agus deiseanna’ (2020) tacaíocht forbartha gairme a chur ar fáil do dhaoine de gach aois, ag gach céim dá ngairm. Is tráthúil go maith iad na moltaí atá ann i bhfianaise na paindéime go háirithe, de réir mar a tháinig méadú ar leibhéil dífhostaíochta agus an gá le bheith nuálach le fanacht infhostaithe.

An Mheitheal um oideachas aosach

Faoi chreat straitéiseach an Limistéir Eorpaigh Oideachais, cuireadh ar bun meitheal nua de shaineolaithe na fogha aosaí ó na Ballstáit don tréimhse 2021-2025.

Tacóidh an mheitheal leis na Ballstáit fís an Aontais maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a chur i bhfeidhm chomh maith leis na cuspóirí, na tosaíochtaí agus na prionsabail a chuimsítear

  • sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip
  • i bPlean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta
  • sa Mholadh ón gComhairle maidir leis an nGairmoideachas agus an Ghairmoiliúint
  • sa Mholadh ón gComhairle maidir leis na Conairí Breisoiliúna: Deiseanna nua do dhaoine fásta agus an Rún ón gComhairle maidir le foghlaim aosach

Faigh tuilleadh eolais faoin Meitheal um Fhoghlaim Aosach

Líonra na gComhordaitheoirí Náisiúnta um fhoghlaim aosach

An Líonra de Chomhordaitheoirí Náisiúnta, cuireann sé chun cinn an fhoghlaim aosach ina dtíortha féin, tugann sé comhairle agus cúnamh i dtaobh beartais, agus bailíonn agus scaipeann sé dea-chleachtais.

Féach leat Líonra na gComhordaitheoirí Náisiúnta

 

Ábhar gaolmhar