Skip to main content

SELFIE

A tool to support learning in the digital age

Conas a oibríonn SELFIE

This page explains how to navigate your school's self-reflection journey.

The first step? Decide who from your school will coordinate the exercise!

Roghnaigh do chomhordaitheoir scoile

Más mian leat leas a bhaint as SELFIE i do scoil féin, is é an chéad chéim ná an cúram a leagan ar dhuine nó ar mheitheal bheag daoine comhordú a dhéanamh ar an gcleachtadh.

Cláraigh do scoil

Nuair atá comhordaitheoir an chleachtaidh roghnaithe agat, féadfaidh tú an méid seo a leanas a dhéanamh

  • an scoil a chlárú ar an ardán SELFIE, trí fhaisnéis bhunúsach a thabhairt amhail an cineál scoile (bunscoil nó meánscoil, mar shampla), a méid agus an áit a bhfuil sí
  • roghnaigh cén uair a dhéanfar an cleachtadh SELFIE
  • roghnaigh cé a bheidh páirteach ann (mar shampla, cén grúpa daltaí)

Cuir do cheisteanna in oiriúint

Tugann SELFIE deis duit ceisteanna a roghnú nó a chur leis atá ar aon dul le riachtanais agus cúinsí do scoile.

Féach ar mhaith leat aon ní a chur leis na ráitis agus ceisteanna caighdeánacha.

Cuir ceisteanna!

Tabhair cuireadh do dhaltaí, do mhúinteoirí agus do cheannairí scoile páirt a ghlacadh in SELFIE ar bhonn gan ainm.

Thart ar 30 nóiméad a thógann sé na ceisteanna a fhreagairt. Féadfaidh múinteoirí agus ceannairí scoile é sin a dhéanamh nuair a fheileann sé dóibh, agus molaimid do dhaltaí freagra a thabhairt mar chuid de cheacht.

Faigh na torthaí

Nuair a bheidh na ceisteanna curtha i gcrích ag rannpháirtithe, cuireann SELFIE tuairisc le chéile don scoil.

Léirítear sa tuarascáil sin na torthaí comhiomlánaithe ar bhealach amhairc idirghníomhach. Bíonn na torthaí sin go hiomlán anaithnid – is leis an scoil an tuairisc agus ní féidir ach an scoil rochtain a fháil uirthi.

Déan plé agus déan beart

Is féidir leat úsáid a bhaint as na torthaí ó SELFIE chun féachaint ar an gcaoi a d’fhéadfadh teicneolaíochtaí tacú le teagasc, foghlaim agus measúnú ar dhaltaí i do scoil féin.

Cuir plean gníomhaíochta le chéile agus leag amach do thosaíochtaí.

Déan do dhul chun cinn a bheachtú

Féadfaidh tú an measúnú a dhéanamh arís go tréimhsiúil.

Cuideoidh an méid sin leat dul chun cinn a thomhas agus féachaint cad iad na hathruithe eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil.